Fonnsa
—Ainmfhocal, Fireann
—Fonnsa, Fúnnsa, an fhuaim
—
a.
buinní nó lataí adhmaid a bhíos ar bhairillí, ar dhabhachaí, ar channaí adhmaid, ar churachaí; ar ancoird agus ar phigíní a bhíodh ann roimhe seo.
+–
Caithfear fonnsa a chur ar an mbairille sin
D'imigh fonnsa den dabhach agus é lán le leann ruadh
TUILLEADH (6) ▼
Tá na cannaí aca fós in Árainn — cannaí adhmaid agus fonnsaí orra. Siad a bhíodh annseo uilig fadó
Ní fheicfeá aon-fhonnsa ar na hancoird atá anois ann, ach siad a bhíodh ar na hancoird fadó. Lataí a bhíos orra anois
Sé an fonnsa béil atá imithe den bhairille (an ceann uachtair). Is fhearr sin fhéin ná an fonnsa feire (an ceann ag an tóin in aice leis an bhfeire)
Ag cúipéara a bhíos an scian fhonnsaí. Ní mór dhó í, nuair a bhéas sé ag cur fonnsaí suas, nó ag tógáil tubáin nó stannaí
Na cléibhíní ime bhíodh fadó ann, bhíodh fonnsa ag án a mbéal. Cheal nach bhfaca tú ariamh iad? Bhíodh caiseal amach ar a mbéal mar a bhíos ar chiseóig. Níl an déanamh sin ar an gcléibhín ime chor ar bith anois
Tá an C. sin thuas indon fonnsa a chur ar bhairille. Fear an-stuama é sin. Níl ceird ar bith nach mbíonn sé ag cipiléaracht léithe
+–
Níl a dhóthain teara ar an gcurach sin. Ná bac le ceann ar bith a mbeidh na fonnsaí leis mar sin inte. Níorbh fhuláir trí bhrat a dhul as cionn a chéile uirre sin = na clárachaí in a gcineál buinne, nó na "hoops" atá treasna faoi chreatlachaí na curaí. Bíonn na liúrachaí taobh istigh dhíob, sínte ar a bhfad
Dheamhan lá ratha ar adhmad na hÉireann. Cloisfidh tú na liúrachaí ag pléascadh ar na fonnsaí i gcurach ar bith a bhfuil sé inte. An churach seo a bhfuil mise ag dul ag breathnú uirre inniu, roimh an gcogadh a rinneadh í, agus ní hé atá inte
TUILLEADH (4) ▼
Fir iad a bhfuil síoraíocht ionta, ach níl mórán gaisce orra in a n-iomróirí. Bhí muid ag teacht isteach den mheath mhóir, agus tháinig sé in a lom gaoithe adtuaidh. Bhí an bheirt aca ag iomradh. Má bhí fhéin bhí gíoscán ag na liúrachaí ag pléascadh ar na fonnsaí. Ba shin iomradh mhí-stuama in a dheidh sin … Dheamhan fabht ar bith atá in adhmad na curaí
Tá sí roiste ar fad, (curach), agus cuid de na fonnsaí briste. Marach go raibh siad siléigeach, ní eireódh rud den tsórt sin dhóib
An bhfuil a fhios agad na corrfhonsaí (/kəūrūɴsī/)? Sin iad na lataí atá amach i dtús na curaí. Is corr-fhonnsaí iad nuair a phléascas an táirne iad
D'fheicfeá coipeadh na farraige ar na corrfhonnsaí ó ghraidhp an bháid siar, nuair a bhíos teannadh léithe ag imeacht.
b.
caiseal nó fidh.
·
Tá fonnsa ar an gcoinneal = smál timpeall uirre mara bheadh buinne ann
c.
sórt cruinnithe a chuirtear in éadach ("tuckannaí").
·
Cuirfidh mé cupla fonnsa ar an ngúna seo. Ní mór dom an t-éadach a chruinneál. Is beag an mhaith dom fáithim a chur air d'uireasa fonnsaí
d.
pluiceannaí nó roic fheola a bheadh i muineál nó i mbolg duine a mbeadh athsmig nó stumán air.
+–
Tá sé in a fhonnsaí in a mhuineál le feoil = smig agus athsmig agus buinní feola amach air
Nach ar a phíobán atá na fonnsaí feola bail ó Dhia air. Is furasta a aithinte air, go bhfuil a chuid ag dul 'un maitheasa dhó
TUILLEADH (2) ▼
Tá fillicíní in a bholg le na fonnsaí feóla atá air. Dheamhan a leithide de mhéadail! Má mhaireann dó, is gearr nach mbeidh goir ar bith ag bolg J. ar a bholg
Fonnsaí saille iad sin atá air. D'eireódh dhó. Is maith é a ghreim sin. Ní fataí agus "scadán caoch" a bhíos aige fearacht cuid eile de na daoine
Féach freisin
→
feoil
Fonnsa in iontrálacha eile (3)
Tá cois bhocht aige fós. Dheamhan cneasú ná cneasú uirre, ná cosúlacht air. Tá fonnsa an-fheola timpeall leis an lot anois, agus forchraiceann beag air, ach ní cneasú ceart é. Tá máthair an droch-ábhair istigh fós, agus beidh mara dteighe sé roimpe in am. Tá sí fágha ro-fhada aige cheana féin.
→
dúlaí
Deir siad go bhfuil sé dubh-dhúlaidhe ins an "gcoffee" seo. Ní thiubharfadh sé bolg ar tae len ais. 'Chuile lá ariamh, bhí galldachas eicínt ag siubhal leis an dream céadna nach mbíodh le aonduine. Nach bhfuil a chomharthaidheacht len a chois. Phós aint dhó — M. Th. — "black" i Meriocá … Chonnaic P. se'aghainne é. Bhí sé ag caint leis. Dubhairt sé go raibh béal air — slán an tsamhail — mar bheadh fonnsa bairille ann. D'imigh leo in áit eicínt thart amach i Meriocá.