For-dhóite (fuar-dhóite)
—Aidiacht-Bhriathar
—
ruadh-dhóite; screamhóig nó cnáimhín bheag dhóite a bheith ar rud; gan an dó ag teangmhachtáil le rud ach ar éigin.
+–
Tá an cáca seo for-dhóite. Nach diabhlaí nar thapaigh sib é, agus cuingir agaibh annsin ar an teallach agus gan tada eile ar ur n-aire
Tá an leabhar fuar-dhóite. Dheamhan dochar ann. Níl uirri ach an méid sin. Marach cho maith agus a d'oibrigh mé, bheadh sí in a caor
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá go bhfuil fuar-dhó beag ar a leiceann. Chuile sheans gur san ngríosa(igh) a chaith sé sin an oíche. Nach bhfuil a fhios agad go maith go raibh sé sin dallta ar meisce
Tá sciathán na circe fuar-dhóite. Múinfidh sin aríst í gan a bheith ag déanamh aithgiorra thríd an tine
Chuaigh an teach thrí lasadh as a chionn. Amach i bhfuinneóig i mbarr an tí ab éigin dó a dhul. Dheamhan scríb bhisigh a d'eirigh dhó — míle buíochas le Dia — cé's moite go raibh a mhullach fuar-dhóite ar éigin. Bhí an t-ádh air ar chaoi ar bith, bhí sin