Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Forán, Foradh
Ainmfhocal, Fireann
Is minic gur foradh (/forǝ/) adeirtear agus nach forán
aighneas; carra chainte; labhairt le duine (go harannta, go minic); beannú do dhuine; foirseadh cainte a dhéanamh.
a.
+
Chuir sé foradh cainte orm; chuir sé forán orm = chuir sé caint orm
B'fhearr dhuit a dhul amach agus foradh a chur air seo anoir. Fiafruigh dhe, cáil sé ag triall
TUILLEADH (5) ▼
An bhfuil a fhios agad cé a bhuail foradh cainte orm i nG. inniu: an rábaire ruadh sin ag S. Mh. Ph.
Tháinig M. Th. D. anall agus chuir sé foradh cainnte orm. Sé a bhí anglánta. "Coinnigh thusa do ladar as ar fad" adeirimse. "Ní bhaineann an scéal duit beag ná mór"
M'anam gur maith misniúil an fear a chuirfeadh foradh cainte ar an mbean seo anoir. Sách diúltach atá sí i gcosúlacht.
Ní fhaca tú aon-duine ariamh a raibh foradh cainte air mar a bhí air = an díle cainnte; an chaint ag tuitim uaidh in a tuiltí; forú cainnte nó deifir (fc. forú)
Tá an-fhoradh cainnte air. B'fhearr dhuit a dhul anonn go dtí é, agus "thug tú éitheach" a rádh leis. T'anam ón diabhal, déan!
b.
+
Chuir sí foradh cainte aisti leis = rinne sí píosa cainte leis; bhí sí aighneasach leis
Sé J. a chuir an foradh cainte as liom. Faoi mhóin ar fad. Tá sí dhá goid uaidh. Dheamhan ceó ar bith, ach nachar dhúirt sé go raibh mé fhéin cho dona le duine
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sé foradh as leis an máistir: in áit ar bhuail sé an mac. An mac ar fad. Shílfeá gurb air a thóin a eiríos an ghrian aige

Féach freisin