Fortabháil
—ainmbhriathar
—ainm-fhocal buineann
—mortabháil ó cheart b'fhéidir
—
tuilleamaí; i gclé; i gcleithiúnas; ag forcamhás.
+–
Bhí mé thíos ar an móin i gCill Dara anuiridh. Chonnaic mé feilméara annsin agus go leor talúna aige. Bhí deich bhfeara fichead ag obair aige agus iad ag codladh i "dtentannaí". Déarfá go raibh cuid mhaith ag fortabháil air = in a thuilleamaí; go raibh go leor ar a aire; go raibh cuid mhaith aige le freastal dó; go raibh a sháith idir a lámha aige
Níl mórán ag fortabháil air, arae níl sac ná mac ná muirín aige, agus dhá mbeadh, sin iad a bheadh ar anshógh!
TUILLEADH (4) ▼
Nach mór a bhíos ag fortabháil ar mháistir scoile fhéin. Bíonn clann mhór aige! Is deacair dó iad ar fad a chur ar a leas!
Is deacair dó freastal do chuile rud agus a bhfuil ag fortabháil air. Ní teallach atá sé a thógáil ach dhá theallach. 'Ar ndó' ní bheadh clann na deirfíre beó chor ar bith dhá uireasa
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuilleadh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san áirdeall ar do chuid beithioch. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cír tuaifill díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agad é a fháil in aice láthair: sin nó leigean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó bascha annsin thuas shul má gheobhfaí í
Tá cead scuir agam anois. Níl tada ag fortabháil orm. Sách fada a bhí buairín orm. Beidh a shliocht orm anois: bainfidh mé ceól as an saol go ceann scathamh.
·
Nach shin é a bhfuil d'fhortabháil ort aríst i mbliana: na cupla gitín fataí sin a bhaint? Feacha mise nach bhfuil sop raithní bainte agam fós, agus tá seachtain ar an bportach orm freisin!
Níl d'fhortabháil ortsa ach thú fhéin agus is cuma dhuit cén t-am as seo go maidin a dtiocfaidh tú abhaile, ach tá cúram capaill ormsa, agus ach an oiread le scéal, dheamhan gráinne coirce a thug mé di fós inniu