Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
For-íseall (fuar-íseall)
aidiacht
íseall nó bun-íseall, nó íseall go maith.
+
Tá glór fuar-íseall aige = glór neamhaí; glór gan aon-bhrí ná aon-spreacadh
Labhair sé cho for-íseall agus nach bhfuil a fhios agam ó Dhia anuas céard adúirt sé
TUILLEADH (2) ▼
Breá nach n-abrochthá do chuid cainte amach agus gan a bheith cho fuar-íseall. Shílfeá gur dhá cangailt agus dhá comh-changailt atá tú … Ach feacha aríst é! Ar an gceird cheanann chéanna. Is gearr go gcaifidh duine a chluais a bhualadh isteach le do bhéal
Teach fuar-íseall é. Leagfá do láimh ar an bhfragh ann gan stró ar bith

Féach freisin