Futh (Foth)
—Ainm-fhocal, Firinscneach.
—
a.
dubhshraith nó cúrsa buinn tí is cosúil.
·
Tá sé déanta aige ó fhuth go fragh = teach a bheith déanta ón íochtar go barr an bhalla, nó a bheith déanta ar fad amanntaí. (Is cosúil go gciallaíonn futh an dubhshraith annseo. Níor chuala mé é ach san leagan sin)
Leag an tóirneach an teach ó fhuth go fragh
b.
+–
Ní bhfuair mé ar futh ná ar féar é = in áit ar bith; níl sé le fáil in aon-áit san tír (tá an leagan seo an-choitianta)
Bhí sé annsin ar baillín, ach ní fheicim ar futh ná ar féar anois é
TUILLEADH (4) ▼
Sin é an chaoi a mbíonn an dearmad. Leagann sib rud uaib agus ní bhíonn sé le fáil ar futh ná ar féar in u (ur) ndiaidh
D'imigh bean as sin thíos i mB. an bhliain cheana, agus dheamhan ar fríodh ar futh ná ar féar ó shoin í
Cuir isteach an t-asal sin agus cuir glais agus aithghlas air, nó dheamhan a chos a bhéas ar futh ná ar féar amáireach.
Tá mo lá caithte agam in a dhiaidh agus gan é ar futh ná ar féar. Caithigidh sneachta ar a lorg anois. Dheamhan amharc a fheicfeas sibh go deó air. Sin í ur gcuid sleamchúise féin