Framsálach: pramsálach
—
duine a bhíos ag framsáil, ag fuiléimneach, ag macnas mar a bhíos gasúr, ag gearramansaíocht mar a bhíos capall, ag prionncam; ag bóithreóireacht, ag falróid, gabhthach le damhsa etc.
+–
Nach hé an framsálach é (pramsálach, frumsálaí, frumsálach etc) = duine a mbeadh macnas léimní, spraoi, damhsa etc. air
Mara gcoinní tú an pramsálach de chapall sin ceannsaithe, agus gorta a thabhairt di, is gearr go ngabhfaidh sí ó smacht ort ar fad. Rachmall beatha atá uirre
TUILLEADH (1) ▼
Ba cheart go mbeadh an pramsálach sin thuas ag P. go maith ag bualadh "ailí". Ní cheal macnais air muis