franncach
—Aidiacht
—
a.
mór, láidir, neartuithe, gallda, cuideán.
·
Tá cirín cho dearg air le coileach Franncach = turkey
Ní fhaca tú na cearca Franncach seo = turkey hens
+–
Bhí tornóg (tsornóg, sornóg) Fhranncach annsin thuas ag M. Bh. fadó, agus é ag dóghadh aoil innte. Is gearr ó réabadh chor ar bith í = tsornóg láidir dhéanta, agus méid inte
Nach hé a shíl an tsornóg Fhranncach a dhéanamh ann!
TUILLEADH (3) ▼
Tornógaí Franncach a bhíodh suas an bealach sin, mar dhóighidís an domhan go deó aoil le cur ar an talamh. Na tornógaí a bhíodh annseo, déanta gaelach a bhídís
Tá tornógaí franncach ar an Taobh Mín ó a thosuigh an cogadh seo. Deir siad nach bhfuil scolb ná tom anois ann nach bhfuil dóite aca. A Thiarna Dé b'ann a bhí máithreach na scoilb
Tá an píopa in a thornóig fhranncach aige seo anuas. Plúchfaidh sé an tír le deatach = go leór deataí as píopa
·
Tá sáilín Fhranncach ar an gcrudh sin. Sé a chuir an spreacadh ann = crudh a mbeadh déanamh láidir ar a sháil
+–
Sin í an raithneach Fhranncach anois agad = cineál raithní; í mór, árd agus láidir, ach is cineál gallda í mar sin fhéin
Tá aiteann Franncach annseo thuas = aiteann mór láidir borb, agus bláth buí air
TUILLEADH (1) ▼
Má chuireann tú an t-aiteann Franncach sin thrídh lasadh, feicfidh tú loscadh sléibhe
+–
Rinne muid gróigíní Franncacha den mhóin = fód ar an talamh agus dhá fhód ar a gceann treasna air; ach measaim gurb air ghróigeadh níos mó ná sin a thugtar in áiteachaí é.
B'fhearr dhuit an gróigeadh franncach a thabhairt uirre. Tá cothú an uisce an-mhór san bplás. Dhá mbeadh sí tóighe as a scaradh chor ar bith mar sin fhéin, ní aireóchthá ag triomú í
TUILLEADH (1) ▼
Ara níl call ar bith dhuit gróigíní Franncach a dhéanamh di sin. Cuir in a seasamh ar a ceann í, agus ní bheidh moill ar bith uirre go mbeidh sí in alt a haithghróigeadh
·
Sin uaim Fhranncach atá ar an éadach sin = nuair a bheadh dhá phíosa éadaigh uaimeáilte le chéile le gúna nó ball éadaigh mar sin a dhéanamh dhíob, agus an t-éadach a chur taobh bun as cionn agus annsin é a fhúáil. Bheadh sé fuaite roimhe sin faoin a dhruim. Uaim fhranncach a thugtar ar na fúálachaí ar fad. Tugtar fúálachaí franncach freisin ar fhúáil threasna .i. nuair a bheadh na snáithíochaí crasáilte
b.
luch mhór. Aidiacht in a Ainmfhocal; é Fireann agus Buineann.
+–
Luch Fhranncach a bhí ann = rat, ach Franncach is mó a thugtar uirre. Deir daoine luch Fhranncach mar sin fhéin
An bhfaca tú an franncach mór a bhí maruithe ar an mbóthar inné? (ach an fhranncach mhór freisin. Tá innscin an fhocail seo mar aidiacht idir chamánaí)
TUILLEADH (2) ▼
Bhí franncach annsin thoir inniu, agus ba í an ceann ab áibhéile dhá bhfaca mé ariamh í
D'fhága mé súileóg fhataí scarha annsin thiar inniu, ar a theacht isteach chuig mo dhinnéar dhom, agus meastú nach raibh chuile shíol ariamh ann tárluithe léithe ag franncach ar feadh agus mé a dhul soir. Istigh i leachta a bhí sí. Bheadh scéal aice air, dhá mbeadh aon-rath leis an madadh, ach níl
franncach in iontrálacha eile (4)
Tá sí annsiúd sa gclúid, a's í chomh coilgneach le franncach a bheadh sáinnighthe ag cat.
→
feadh
Deir tú le Franncach a chonnaic mé an lá cheana ag siúl siar ar feadh chíor an tí. M'anam gur shiúil go binn