Frasach
—Aidiacht
—
cóir, fial, flaithiúil, rabairneach, caifeach, gnaoidhiúil.
+–
Tá sé an-fhrasach len a chuid airgid. Ní sheasfadh punt dhá mhionóid dó
Féadfaidh duine a bheith fial frasach nuair a thiocfas an ócáide air, agus is corr-uair é sin. Ní hé gach aon-lá a maraíonn Páidín iasc adeir siad
TUILLEADH (2) ▼
Diabhal mé go bhfuil sí cóir frasach faoi dhá mbeadh tarraint a láimhe aice. Is mór is fiú an fhairsingeacht ar aon-chor. Ní ghabhfaidh fial go hIfreann, adeir siad
Sé croí na féile é a mhic ó! Níor rug aon-fhear ar scilling i gcaitheamh an tsaoil ariamh is frasaí a chaithfeadh í ná é