Freagrach
—aidiacht as freagra.
—
+–
Tháinig F. aréir le leoraí móna a cheannacht uaidh ach dheamhan leoraí freagrach aige. Níl ann ach a bhfuil istigh ar an bportach = feiliúnach; in áit chóiriúil; í a bheith so-láimsithe
Ní bheidh an tráigh freagrach amáireach. Beidh sí ann ro-mhoch
TUILLEADH (3) ▼
Tá an bus breá freagrach daoibhse, ach feacha muide a chaithfeas a dhul sé mhíle bealaigh d'aistear ar gcos le dhul cho fada leis
Gabhfaidh mé ag leagan bruachannaí san ngarraí seo thiar go ham dínnéir. Sé is freagraí dhom ó a bhéas orm aistear portaigh a dhéanamh in a dhiaidh sin
Ní bheadh aon-mhála freagrach agad. Tá meaisín bhuailte an choirce le theacht inniu
Féach freisin
→
freagra
Freagrach in iontrálacha eile (2)
Níl amach annsin anois ach dubhliathach ar na storráin sin. Bheadh sí sách freagrach don chur óg dhá mbainteá do dhíol di, ach ní bheidh sí nocht aríst i mbliana. Ní bheidh na rabhartaí sách maith
→
dún
Dúin do bhéal agus bíodh múineadh ort! Ag tabhairt ais-fhreagraí ar dhaoine is sine ná thú féin!