Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Freagraíocht nó freagraíocht treasna
aisfhreagraí; aischaint; caint abarha; a bheith abaithe leis an bhfocal; deá-chaint.
+
Eirigí as an bhfreagraíocht treasna seo. Is mór an náire sib = beirt ag breith brabach ar a chéile i gcaint agus iad greamannach le chéile; nó na cineál freagraí a thiúrfadh sean-pháiste mí-mhúinte ort
Sin í a bhfuil an fhreagraíocht treasna aice! Go deimhin is maith an t-ábhar í dhá haois!
TUILLEADH (1) ▼
Freagraíocht treasna a bhí ann i gcaitheamh na hoíche ag an mbeirt. Go deimhin níl roghain na díogha le bhaint as an gcúpla céanna. An faobhar céanna atá ar 'chaon duine aca