Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Frith-chantal (flith-chantal)
aithne cantail ar dhuine. Níl ann ach go mbraithfeá go mbeadh stuaic bheag nó cantal air.
+
Bhí frith-chantal eicínt anocht air. Marach sin gheobhfá neart nathaíochta uaidh. Ach an oiread le duine is furasta sin a chur air
M'anam muise nach raibh sé ro-gheal duit faoi chaintiú ar an móin nó a rá gur mó a fuair an C. ná é fhéin uirre. Nach daighciúil anois é, agus rud fánach mar sin ag cur frithchantail air. Dá ndeirtí an oiread leis agus a deirtear le tuilleadh!
TUILLEADH (1) ▼
Ná cuir chuige ná uaidh. Tá frith-chantal eicínt air na laethantaí seo. Níl sé cho gealgháireach agus a bhíodh sé. An bhreac-aimsir is dóigh. Chuirfeadh sí cantal ar dhuine ar bith beó. Níl lá seasta ar bith ag teacht

Féach freisin