Flith-ghob, Frith-ghob
—/f′l′ö/
—Ainmfhocal
1.
an frídín a bhíos ar dhubhán.
·
Ní raibh frith-ghob an dubháin ingreamús ann chor ar bith. Sin é an fáth ar thug sé an eang leis. Tá a chomhairleachan fáite aige anois. Ní hé an chéad-bhreac a thiocfas ag smúracht timpeall ar bhaoite aríst é
Ní raibh flith-ghob an dubháin san mbéal dearg aige beag ná mór. Dhá mbeadh, sin ní fhágfadh sé. Ach tá iasc san bhfarraige cho maith agus a gabhadh fós, tá sin!
2.
a.
an bruas a bhíos ar bhéal uachtair an bhradáin nó an iomáin. Bíonn sórt camóg anuas air. Bíonn sé ar bhric eile freisin. Teagann flith-ghob ar éanachaí áiride le aois. Tugtar freisin ar na streillí a bhíos ar bhéal crúscaí nó eascra é.
+–
Dhá bhfáinnse leigean ceart air (bradán) bhí a chnaipe déanta, ach ní bhfuair. Bhí flith-ghob na camóige faoin a bholg agam, nuair a shín sé uaim. Ba mhór an feall é. Bhí béilí maith éisc air
Bhí sé thíos san linn agam ar feadh leath-uaire, agus mé ag cur sámhas ann le frith-ghob na camóige. Ó diabhal cor a bhí ann ach an oiread le plíoma de ghamhain! Meastú nach raibh mé ag cur scrúdaí orm fhéin a gcuirfinn an chamóig ann beag ná mór, agus cho socair agus a bhí sé! … Síleann tú gur ag sioscadh bréag atá mé! Fóill ort. Bhí mé go díreach ar thí sracadh a thabhairt faoi …
TUILLEADH (3) ▼
Nach air atá an frith-ghob! Sean-riadaire críochnaithe é sin!
Chonnaic mé iomán a marbhaíodh amuigh ag Abhainn na Samhlachán annsin amuigh an bhliain cheana, agus an flith-ghob a bhí air, bhí sé ag breith scair ar a bhéal íochtair, bhí sé cho cúbha sin. Bhí sé san an-mhéid críochnaithe. Ní fhéadfadh sé gan aois chothrom a bheith aige!
D'imigh páin uaim. Rinne sé lonnadh, ach ba bheag amharc a fuair mé air. Iomán a bhí ann. Fuair mé léarachan beag ar an bhfrith-ghob
b.
·
Cuir san "jug" mór sin é a bhfuil an flith-ghob air. Is as is fusa a scárdadh.