Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fuarchúis
Ainmfhocal: Buineann
neamh-spleódar; doicheall; fuarfháilte; neamh-charthannas; neamh-tairbheach.
+
Bhí fáilte aige romhainn! Bhí muis! Tá an fhuarchúis ann mar a bhí ariamh, tá sineacht
Má choinníonn tú daba caite aige sin, beidh ómós duit, ach mara gcoinní, ní bhfuighidh tú uaidh ach an fhuarchúis. Mo leán géar thú!
TUILLEADH (1) ▼
Caifidh sib leigean den fhuarchúis sin más lib earrach a dhéanamh. Tá sé in am agaibh crudh a chur in a thosach, tá sin. Níl aon-fhód talúna socraithe agaibh fós i mbliana, agus an tír uilig ag dúchan