Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fuiléimneach: Fuiléimreach
Ainmbhriathar: Ainmfhocal
léimneach; leipreach eirí in áirde; spraoi: macnas mar a bhíos ar siúl ag aos óg agus iad ag sugradh i ngarrantaí, nó ag ceann bóthair.
+
Tá sé ag fuiléimneach annsin in éindigh le na gasúir sin thíos. An fhad agus a fhanfas siad sin in a aice, ní thaobhóidh sé aon-dinnéar
Níl aon-ghnatha agad a bheith ag fuiléimneach in éindigh le na rúscairí sin. Gortóchar tú, Dia aithníthear!
TUILLEADH (4) ▼
Thosaigh sé ag fuiléimneach ar fud an tí, le teann taighd. Is uaidh a theastódh an iarraidh!
Is breá scolbánta an fás fir é bail ó Dhia air! Chonnaic mé ag fuiléimneach annsin thíos in éindigh le na gearrbhodaigh Dé Domhnaigh é, agus má bhí fhéin dheamhan tuilleamaí a bhí aige le ceachtar aca. 'Ag dul in a mháistir scoile atá sé siúd?
Leig de do chuid fuiléimneach anois, nó cuirfidh mise laincis ort!
Tá ceart agaibh ur ndíol den fhuiléimneach sin a bheith agaibh ó mhaidin. Ní thuirseódh an saol sib
+
Tá gasúir an tí seo imithe ag fuiléimneach agus ag fiodarinnce thíos i mbéal an bhóithrín. Ba cheart a mbacadh. Áit chontúirteach é sin i bhfad uainn an anachain! = cuirtear "fuiléimneach" agus "fiodarinnce" le chéile
Thosaigh an capall ag fuiléimneach agus ag fiodarinnce ar fud an gharraí cho luath agus a chuir mé isteach an bhearna í. Dheamhan a leithide de mhacnas! Shílfeá nach bhfaca sí an áit amuigh cheana le mí. Neart díomhaontais!
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn luchain bheaga ag fuiléimneach agus ag fiodarinnce ar fud an urláir annsin ar feadh na hoíche. Dheamhan a leithide de rí-rá a chuala tú ariamh agus a bhíos aca! Airíonn siad nach bhfuil aon-chat annseo

Féach freisin