Foirseadh
—Ainm Bhriathar
1.
go leor, scair.
·
Tá foirseadh mór cainnte aige = tá sé indon go leór cainnte a chur idtoll a chéile, nó indiaidh a chéile; is duine rianúil é; is cómhráiteach maith é, agus fáirnéis agus údar aige faoin a lán rudaí
Rinne tú an-fhoirseadh cainnte aréir bail ó Dhia ort. Bhí mé ag éisteacht leat. Thug tú dubh agus daite don "chlan" seo siar é. Is maith an aghaidh orra é freisin
2.
údragáil; le chuile chaoi.
·
Le chuile fhoirseadh, d'eirigh liom imeacht = le chuile údragáil; le chuile obair, nó gach ní dhár thárla
Chaith mé seal fada ag sáraíocht leis, ach le chuile fhoirseadh, thug mé liom abhaile é
3.
·
An bhfaca tú cliath fhorsta (nó cliath fhorsa) ariamh?
Foirseadh in iontrálacha eile (28)
→
foirm
Tá foirseadh mór cainte aige, ach nach bhfuil a leath i gclár ná i bhfoirm. Chuirfeadh sé dallach dubh ort mara mbeadh a fhios agad cé hé fhéin
+
→
fuirsigh
Dheamhan mórán treabhadh ná foirseadh a rinne mé imbliana, ná a raibh sé d'éitir ionam. Is furasta cur chugam anois = ní dheárna mé mórán obair Earraigh (deirtear "treabhadh agus foirseadh" go tréan go fiú agus i gceanntair nachar facthas cliath ná céachta ariamh ionta)
TUILLEADH (26) ▼
Dar príosta tá an t-Earrach ar fáil. Is gearr go dtosuighe treabhadh agus foirseadh
Tá an treabhadh agus an foirseadh déanta agad, bail ó Dhia ort = tá an t-Earrach déanta agad
Tá faitíos orm go ndéanfar treabhadh agus foirseadh feasta ar mo shonsa
'Ar ndú' is fear maith é ag treabhadh agus ag foirseadh = fear maith oibre; fear maith tí.
Níl caraos ar bith air seo thíos foirseadh báistí a dhéanamh. Beidh a fhios aige é amach annseo nuair nach mbeidh gas de bhláth bliana aige
Eirigheamuid as. Tá sé in a bhrád. Ní maith é an foirseadh báistí
"Treabhadh seaca agus foirseadh báistí: dhá rud nar moladh ariamh (an dá obair is measa amuigh)"
"Nuair a stopas an síol stopann an foirseadh" = nuair a bhíos deireadh an airgid caite, caithfear eirí as an ól, nó as an aeríl, nó as an obair agus rl.
Ní theagann an saor cló (cloch) chuige chor ar bith anois. Dheamhan sciúrtóg a bhí aige len a íoc. Nuair a stopas an síol, stopann an foirseadh. Sin é a dhálta aigesan é
Tá sé eirithe as na damhsaí. Is beag an dochar dhó sin. Dar príosta tá sé ag dul in aois, agus an croí ag imeacht uaidh. 'Ar ndú' nuair a stopas an síol stopann an foirseadh
Ag foirseadh liom. Cén bláth ort fhéin? = "ag treabhadh liom", "ag breacadh liom" mar fhreagra ar "cén chaoi bhfuil tú", nó "cén bláth atá ort etc. Is freagra coitianta mar sin é
Ag foirseadh leis i gcomhnaí. Ag caitheamh an tsaoil agus an saol dhá chaitheamh
Dheamhan údar clamhsáin agam, slán an té a fhiafraíos. Ag foirseadh liom mar a fheiceas tú
Cén chaoi a mbeinn, ach ag foirseadh liom. Ag baint lá as
Dhá bhféadainn foirseadh liom (foirseadh a dhéanamh) go ceann tamaill mar seo, ní aireóinn go mbeadh ná gasúir ionchúntach. Ach faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás = strapadóireacht, strive on, hold on
Dhá mbeidís indon foirseadh leó go ceann trí seachtainí eile, bheadh muid i dtús féir agus níor bhaol dóibh (eallach). Bhí neart farae againn muise, marach go ndeárnadh plaicín gabhair dhó
Dhá bhféadthá foirseadh a dhéanamh go ceann scathamh eile, gan aon-chúnamh, nach mbeadh Cáit sa mbaile agad san samhradh?
Muise dheamhan bráigíll ar Sheán bhocht, ach mar a chonnaic tú ariamh é. Ach dheamhan an miste leis. Tá sé ag foirseadh an tsaoil 'ar ndú', agus céard atá an té is fhearr a dhéanamh ach sin = ag cruachan in aghaidh na hanachain; ag caraíocht leis an saol.
Diabhal mé an duine bocht gur hait é agus an chaoi a bhfuil sé ag foirseadh an tsaoil, agus lán tí de mhuirín air
Bíonn sé ag foirseadh oibre dólúm = ag obair leis
Ní raibh an ceann céanna ariamh ach ag foirseadh an ghanntainn agus an ocrais = ag scríobadh leis an nganntann nó leis an amhgar
Droch-rath an diabhail air le floscaí a bheith aige! Ní fhaca muide ariamh é ach ag foirseadh an ocrais
Tá sé, mar is minice leis ag foirseadh na déirce = igcruth na déirce; níl tada ann ach nach bhfuil sé ag iarraidh na déirce
Go deimhin níl sé fhéin ná aon-fhear istigh ar a bhaile ach ag foirseadh na déirce. Baile bradach na scrathachaí!
Ceó ar bith anois ach nach bhfuil na daoine ag foirseadh na déirce. Maidir le go bhfuil caitheamh agus fáil aca níl. Ach chonnaic mé saol níos measa ná é!
B'fhearr do dhuine a bheith ag foirseadh na déirce, ná ag iarraidh ceart a bhaint de shean-lánúin mar sin