Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fáinneóg
Ainmfhocal; Buineann
tosach cruinn nó leathchruinn an ghluaisteáin etc.
+
Briseadh fáinneóig an bhus annsin thiar in áit ar bhuail sé faoin gclaidhe = tugtar ar an tosach amach ar fad é ón ngualainn; go háirid an "bonnet"
Níl aon-áit duine san gcarr mara suidheadh muid ar ar an bhfáinneóig.
TUILLEADH (5) ▼
D'árduigh sé an fháinneóig agus chuaigh sé ag plé léithe ar feadh scathamh, ach chinn air a cur i dtiúin
Ní raibh aon-cheo air ach go raibh an fháinneóig uilig sníofa, ach chreidim nachar bheag dó a dhonacht. Ba mhaith a chuaigh siad as nar maruíodh ar fad iad, 'sábhála Dia sinn
Bhí maingíní agus bagáistí aige is chuile áit ar an gcarr, más amuigh ar an bhfáinneóig fhéin é. Tá mé ag ceapadh gur beag a d'fhága sé in a dhiaidh ag an teach chor ar bith agus an chaoi a raibh an carr foirghe.
An bus a chuaigh siar an oíche cheana — bus nua — tá an fháinneóig atá uirre dhá leithead na mbusannaí eile sin. Ní mór di siúd bóthar ar chaoi ar bith.
Bhí fear in a shuí thuas ar fháinneóig an "lorry" agus greim aige ar an gcruib. Dar fiadh ba chontúirteach an áit a raibh sé. Is fada go suidhinn ann. B'fhearr liom míle uair é a shiúl ná a bheith ar an strapa sin