Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fáir
le "freagra" .i. "fáir ná freagra".
+
Ghlaoidh mé air ach ní bhfuair mé fáir ná freagra = freagra ar bith (baintear leas as "fáir" mar seo le "freagra")
Dhá mbeinn ag fuagairt go maidin air ní thiúrfadh sé fáir ná freagra orm. Leig sé air fhéin nar chuala sé beag ná mór mé. Mo léan géar sé a chuala!
TUILLEADH (3) ▼
Scríobhadh aige (chuige) tá mí ó shoin, ach níor fríothadh fáir ná freagra uaidh ó shoin. Marach gur anshógh eicínt atá air scríobhfadh sé feasta. Ní raibh an oiread seo moille ariamh air
Nach shin í an cuaille agad! Dhá gcaithinn mo theanga léithi dheamhan fáir ná freagra a thiúrfadh sí orm. Neart staiciúlacht agus droch-mhúineadh. Is gearr nach mbeidh seasamh ar bith léithi
Séard atá a dhéanamh leis sin gan fáir ná freagra a thabhairt air ach cead a bheith aige ropadh leis. Nuair a bhéas sé tuirseach, eireóidh sé as uaidh fhéin. Má fhreagraíonn tú é, ní bheidh tú ach ag borradh leis

Féach freisin

Fáir in iontrálacha eile (2)

 
beo 1
Bhí mé in an-chaoi chríochnuighthe, a's gan geinealach an bhéil bheo, fhoisceacht fáir na freagra dhom.
 
Níl fear ag brughadh ar an doicheall go dteighidh sé go Baile Átha Cliath. Chuadhamar ann anuiridh ag an mbáire, agus chaitheamar an oíche ag guairdeall thart ar fud na sráideannaí ag tóruigheacht áit' a d'fhágfadh istigh muid. Diabhal mé go sílfeá gur in aisce a bhíomar dhá éiliú. Bheitheá ag bualadh leath-uair ar an dorus gan fáir gan freagra a fháil. Nuair a thiocfadh duine go dtí an dorus féin, ní thiubharfaidís air ach faon-oscal. "What do you want" agus 'chuile dhuine aca agus iad cho mí-chéadtach. Choimirce an diabhail do Bhaile Átha Cliath fré chéile! An uair a bhí streoillín streille déanta againn de'n oíche, agus muid sáruighthe ag siubhal, 'seadh a casadh fear linn, a thug chuig a theach féin muid …