Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fáltas
Ainmfhocal Fireann
deis, maoin, bráigill, seilbh.
+
Níl cianóig ar m'fháltas = níl lí léithe agam
Dheamhan "feaig" ar m'fháltas, ná cuid de "feaig". Bhí mé fhéin ag soláthar inniu, agus dheamhan a dheatach a d'eirigh liom = níl tuitín in mo sheilbh
TUILLEADH (2) ▼
Cheapfainn nach bhfuil aon-tsluasaid ar a fháltas. Cá bhfuigheadh sé í? Is maith an fear sluaiste é: máistir scoile
Dheamhan laindéar ná lampa ar u (ar) bhfáltas. Bhí cupla ceann annsin anuiridh, ach tá siad ó mhaith anois
+
Níl slí ná fáltas aige = cuirtear an dá fhocal le chéile; níl deis airgid aige, ná níl aon-bhráigill air; níl cuid ná maoin aige
Níl slí ná fáltas againn anois, ó stop na cearca (de bhreith uibheacha) agus ó a d'imigh na beithigh amach. Ba mhór an cúnamh scór uibheachaí fhéin, agus mioscán ime corruair
TUILLEADH (2) ▼
Ní bheadh slí ná fáltas ó neamh na nGrást ag na daoine marach an teirgéis "dole" sin.
Feacha an dola atá orainn: naonbhar aca bail ó Dhia agus ó Mhuire orra. Is deacair a dtógáil agus éadach a chur orra, agus gan slí gan fáltas ó Fhlaithis Dé againn

Féach freisin

Fáltas in iontrálacha eile (4)

 
focal
Mo láimh agus m'fhocal duit nach bhfuil cianóg ruadh ar m'fháltas
 
Céard a d'fhága ar bheagán fáltais é ach a chuid siléige fhéin?
 
Níl fuinín gabáiste ar m'fháltas. Cá bhfuighinn í?
 
deas 1
Nach deas a gheobhadh sé bean agus gan slí gan fáltas aige