Fíniú
—/f′īn′ū/
—Briathar
—
ag lobhadh; ag déanamh cnuimhe; ag rodadh; baladh a theacht ar bheatha, de bharr í a bheith ro-fhada istigh gan caitheamh; decaying, decompose.
a.
+–
Is furasta le corp fíniú ar aimsir the, go mór-mhór corp nach raibh ídithe ag tinneas. Ní fhíneódh corp th'éis luighe fada go deó, mar ní bhíonn bioreanga orra. Bhí corp shean-N. cho héadtrom le cleite, go ndéana Dia grásta uirre!
Bhí an oiread aois aige sin nuair a cailleadh é agus go raibh sé ag fíniú le fiche bliain roimh ré. M'anam go raibh sé an céad go hárd. Bhí agus trí nó ceathair de bhlianta len a chois
TUILLEADH (2) ▼
Tá an fheoil seo fínithe. Nach bhfuil a fhios agaibh nach mbíonn seasamh ar bith aice an tráth seo 'bhliain, mara gcuirtear i gcaitheamh ar an toirt í
Tharraing sé amach daba muicfheola, agus dheamhan focal ar bith bréige a dhéanfas mé leat. Ba mhór an uais í! Bhí na cnuimhe innte. Bhí go corpanta. Diabhal blas di siúd nach raibh seachtain fínithe. Chuir sé síos dá róstadh í, agus thosuigh sé dhá placadh, agus na cnuimhe ag snámh ar fud an phláta. Déarfá go raibh coimpléasc aige sin! Ní fhéadfainn fhéin a bheith breathnú air! Chuirfinn mo liathachaí amach!
b.
+–
Is gearr a bheadh caoirfheoil chor ar bith anois, nuair a dhéanfadh sí fíniú. Tá an aimsir an-mheirbh. Beannacht Dé dhuit! Chaithfinn an craiceann féin díom inniu dhá bhféadainn é
M'anam muise má tá na míoltógaí ag lonnú uirre go bhfuil sí ag déanamh fíniú. Nach diabhlaí nachar bhruth sib í le dhá lá. Tá sí ó mhaith anois
TUILLEADH (2) ▼
Tomás Sh. Ara a dhuine tá sé ag déanamh fíniú san gcréafóig le fada an lá. M'anam go sílím gurb dhá bhliain go ham seo a cuireadh é. 'Cheap tusa go raibh sé beó fós
Caith amach ag na cuit an drioball de scadán sin. Tá sé ag déanamh fíniú san drisiúr le dhá lá. Níorbh fhuláir do dhuine goile Mh. Mh. a d'ith an mhuic chaillte a bheith aige, le drannadh leis sin
·
Bhí sean-bhean annsin thiar agus bhí fíniú maith uirre san uaigh san am ar tóigeadh í. Diabhal mé go sílim go raibh sí mí nó leath-ráithe curha. Chuaigh cuisle (inquest) uirre aríst. Bhí le rádh gur maruíodh í