Fíóg
—Ainmfhocal, Buineann
1.
cineál bhroibh, nó geataire.
+–
Bain binnsín (beinnsín) fíógaí má chastar suas sna barra thú. Dhéanfaidís mapa srathrach dom
Tá na híochtair annsiúd faoi fhíógaí móra millteacha. An té atá ag iarraidh broibh is ann atá aige a dhul
TUILLEADH (1) ▼
Dhá bhfaghainn glac fhíógaí le rópaí a chur ar na cocaí féir sin amuigh! Ba cheart go mbeadh dalladh aca thuas i mbarr an bhaile agadsa
+–
Tá sé cho caite leis an bhfíóig = tá sé cho caite leis an ngrinneal; níl bior eanga air; níl saill ar bith air
Ní bhfuighidh sé an té a fhiafrós an mhuic sin. Nach bhfuil sí cho caite leis an bhfíóig. Ná bac thusa le muic ar bith nach dtóigfear go maith le bran
TUILLEADH (2) ▼
D'imigh sé as go mór ó a tháinig sé abhaile. Tá sé cho caite leis an bhfíóig anois. Shílfeá gurb éard a thiocfadh sé chuige fhéin. In a leabaidh sin, níor fhan sciolltar ar bith air
Níl aon-cheo saille air ach an oiread le fíóig. Tá sé imithe ar an uisce bruite ar fad
2.
maiste; rud le píopa a lasadh (fíóigín).
+–
Tabh'r'am fíóigín go lasa mé an píopa seo = maiste a dhéanamh de thuí nó de bhroibh
Síos leat agus tabhair aníos fíóigín agam ón teine. Tá an diabhlánach de phíopa seo as aríst. Múchadh agus báthadh air. Ní choinneódh do cheannfinne dearg é
TUILLEADH (1) ▼
Fág annsin iad sin. Sin iad na fíóigíní atá ag Deaideó l'aghaidh a phíopa. Meáróidh sé muid má fhaghann sé imithe iad
3.
coinneal nó fáideóg.
+–
Ní fhaca tú aon-choinneal ariamh is fhearr ná fíóig. Siad a bhíodh againn uiliog fadó. = fíógaí a bhaint agus a dhlaoitheadh. Bealadh a chur annsin air. Ola faidhtíní nó ola runnach a leaghadh ar cham agus na fíógaí a thumadh inte: sin í an bhealadh. Fód móna a fháil annsin agus cipín sailí agus an cipín a chur san bhfód, agus eanga a chur i mbarr an chipín agus an fhíóg a chur isteach san eanga. Nuair a bheadh an fhíóg (brobh) caite go dtí an eanga, leigean leis amach aríst an fhad céanna agus mar sin nó go mbeadh sí caite. Seo iad an cineál coinnle a bhí ann leathchéad agus trí fichid bliain ó shoin.
Chaithfeá na fíógaí a bhaint idtosach. Nuair a bheitheá dhá ndlaoithiú níorbh fhuláir duit stríoc den dlaoinín a fhágáil uirre nó thuitfeadh a mbeadh istigh inte amach in a mionús. Chrochfá suas ar stálú san simléar annsin iad, nó go mbeidís tirm. Nuair a bheidís tirm sheasfaidís suas i lár an ruda, bheidís cho láidir sin. Annsin bheidís faoi réir len a lasadh
TUILLEADH (3) ▼
Ní bheadh fíóg ar bith agaibh ó tá na coinnle gann
Ba cheart duit gabhail fhíóg a bhaint. Bheadh solas breagh orra thárla nach bhfuil aon-ola lampa le fáil
Dhá mbeadh slam fíógaí againn ghabhfadh muid ag coinnleóireacht. Ba bhreá an rud glac smólachaí a mharú agus a róstadh. Rinne muid íosbairt mhór orra anuiridh
Féach freisin
→
fáideog