—
rud is annamh, rud áidhbhéil, cúrsa sé nó seachrán scéal is na naoi n-áird.
a.
·
Siúd é an t-iongnadh agus ní iongnadh go dtí é! = rud iongantach cuirimigcás rud eicín a rinne duine amach le stuaim, agus as ínntreacht fhéin.
Tá iongnadh agus iongnadh ann.
+–
An té a chonnaic iongantaighe an tsaoghail, dubhairt sé nar chall do dhuine corruighe ó leic an teallaigh s'aige fhéin le iongantais a fheiceál.
Chonnaic sé iongantaighe an tsaoghail.
TUILLEADH (2) ▼
Is mór iad iongantaighe an tsaoghail, an té shiubhalfadh le na bhfeiceál.
'Is mór iad iongantaighe an tsaoghail' adeir fear Chonamara, nuair a chuala sé na préacháin ag grághgail i gcoill an Chnuic (ní raibh coill ná crann siar faoi Chonamara)
+–
Ar chuala tú cainnt ariamh faoi sheacht n-iongantaighe an domhain?
Dhá bhfeictheá iongantaighe an domhain faoi chéad, ní fhaca tú a leithide siúd d'iongantas.
TUILLEADH (1) ▼
An simléar atá tigh Mhicilín, tá sé ar iongantaighe an domhain, arae níl poll deataighe ar bith ann.
b.
+–
Is mór an t-iongnadh liom nach mbeadh unsa céille agad = cuireann sé iongnadh orm nach mbíonn ciall agad.
Is beag an t-iongnadh an saoghal a bheith mar tá sé, agus an chaoi a bhfuil na daoine.
TUILLEADH (11) ▼
Is suarach an t-iongnadh, doightheachaí a bheith ort, agus a n-itheann tú de 'sweets' = is beag an t-iongnadh etc.
Is suarach an t-iongnadh an saoghal a bheith corrach, agus chomh h-amplúdhach agus atá na daoine.
Ní tada é sin. Is mó an t-iongnadh go mór nar bhuail sé.
Liam: Tá Pádraic tinn; Cáit: Is suarach an t-iongnadh sin (is beag an t-iongnadh sin; (ní chuirfeadh sé a dhath iongnadh.)
Ní iongnadh mór é bheith taobh leis an déirce.
Is millteach an t-iongnadh nach bhfuil sé eirighthe bréan de'n áit feasta.
Is diabhaltaidhe an t-iongnadh nach dtagann sé abhaile.
Is mór an t-iongnadh nach dtáinig tú in am.
Is beag, beag an t-iongnadh é.
Níor fhan mise ibhfad ann, nidh nach iongnadh
Is gearr a chuaidh mise dhá thiodlacan, nidh nach iongnadh.
+–
Ní bheadh lá iongnadh orm, dhá dtuiteadh an t-aer ar an talamh, agus a laghad suím' agus atá ag daoine inDia agus sa Maighdin Ghlórmhar.
Ní chuirfeadh sé lá iongnadh orm, dhá mbasgadh an capall é, agus chomh h-óltach agus a bhí sé.
TUILLEADH (5) ▼
Ní bheadh a dhath iongnadh orm é 'theacht anocht.
Sin é a raibh d'iongnadh air, muis (d'eile)
Deir tú leis nar tháinig a dhath iongnadh air, nuair a chuala sé an scéal.
Chuir an scéal sin mo sháith iongnadh orm (mo dhóthain, mo dhíol, mo dhá dhóthain, mo dhóthain go mór d'iongnadh lán mo chraiceann d'iongnadh; mo sheacht sáith d'iongnadh mo sháith go maith iongnadh lán mo chruite d'iongnadh leithead mo dhroma d'iongnadh etc.)
Ní bheadh iongnadh ar bith orm, céard a bheadh ar siubhal anois.
+–
Ná bíodh iongnadh ar bith ort faoi
Ná tagadh iongnadh ar bith ort faoi é bheith ag ól. Is fada go mbeire sé ar an gcéad cheann aige.
TUILLEADH (1) ▼
Ná cuireadh sé iongnadh ar bith ort céard a chloisfeas tú ar an saoghal seo, arae tá cúl a gcainnte uilig le na daoine.
c.
+–
Ná déan iongnadh (iongantas) ar bith dhi = ná cuireadh an chainnt, nó an rud nó an scéal sin iongnadh ar bith ort.
Ná déan iongnadh ar bith faoi aon-rud a chloisfeas tú faoi siúd, mar bhainfeadh sé an bhraithlín de'n chorp.
TUILLEADH (1) ▼
Ní call dhuit iongnadh ar bith a dhéanamh faoi, is minic a ghoid tú féin rud.
Féach freisin
→
iontas
Iongnadh in iontrálacha eile (50+)
Níl cló-stiúrtha a' bith fanta ar a' teach anois ag lucht cuart? Chloisfeá an chantaireacht a bhíos ann chuile oidhche thiar sa mbóithrín beag. Is mór a' t-iongnadh nach dtugann Seán-J. an tsráid amach dóib.
→
carracán
Nach diabhaltaidhe righte an áit ar dearnadh a' teach an chéad uair, thuas ar an gcarracán garbh siúd. Is suarach a' t-iongnadh go mbeadh faitchíos gála fhéin air, a's a laghad fasca a's tá ag a theach.
Má tá sé a' faghail cinnireacht' chomh maith sin, is mór a' t-iongnadh, nach mbeadh slacht a chodach air. In a leaba sin, is geall le leath-deire cait an giall atá air.
→
cleite
Is mór a' t-iongnadh dhó a dhul a' coireamhaint ar Nóra muise, ó's í an cleite is fearr in a sciathán fhéin í. Ach is cosamhail go bhfuil an brochán dóirtighthe!
Tá cúigear cleathairí mac aige a's iad gan chló-stiúrtha ar bith, dhá bhfaca tú ariamh. Má mhaireann dóbhtha, is gearr nach bhféadfa na daoine an bóthar a shiubhal chor ar bith ucu (acu). Is mór a' t-iongnadh nach gcuirfead sé iad siod amach a' saothrú; seachas iad a bheith a' baint na sála dhá chéile istigh annsiod aige.
Nach hí an eorna a bhíos cuiltheach, coilgneach thar a' gcoirce. Is suarach a' t-iongnadh gur aisti a déantar an braon broghach fhéin. = tá coirce, mín seachas eorna. Ní iongantas a' bith gur as eorna a déantar poitín (an braon-broghach = tús a' phota, na 'féins'. Tá sé láidir a's borb thar a' gcuid eile. Deir siad gur nimh é).
Dheamhan mac an éin bheo in do thír nach bhfuil a' casaoid (ar shlaghdán, nó tinneas) a's ughdar aca(b). Ach is suarach a' t-iongnadh sin, a's an aimsear a' cothú chomh coimhightheach a's tá sí.
+
Coinicéar mhór mhillteach í, gan slacht gan cuid súl a' bith. Is mór a' t-iongnadh gur phós sé chor a' bith í, fear chomh breagh leis.
TUILLEADH (1) ▼
Is beag duine a bhfuil aon-ghnaoi aige, ar a' gcoinicéar sin, a's (d)ar ndóigh ní h-iongnadh é. Cé a chuala an deagh-fhocal as a béal ariamh?
Bíonn a' dream sin siar a' saigheadóireacht nó a' coinnleoireacht chuile oidhche anois ó buaileadh síos ceann na maor. Dheamhan mórán áirde ag na maora eile orra(b), nidh nach iongnadh, ó thárla nach bhfuil tada dhá gcaillteamas fhéin leis.
→
coirigh
Nach mór a' t-iongnadh nach n-eireochthá as a' gcoireamhaint uair eicínt, as gan a bheith ar a táirm chéadna igcomhnuidhe a' sciolladh a's a' biadán ar a' gcomharsa.
→
colg
Tháinic colg air, leis a' sagart, nidh nach iongnadh, arae bhí sé dhá chur idteannta críochnuighthe gan ala gan adhbhar.
→
cuideáin
Chuir mé an madadh sa gcaora choideáin sin a bhí thuas i mbarr Sh. an lá faoi dheire, ach feicim thiar ar chuid (talamh) Mh. indiu í. Tá sí a' locadóireacht thart annsin le seachtmhain, agus is diabhluidhe mór a' t-iongnadh, nach dtagann aon-tóir uirre feasta.
Is mór a' t-iongnadh nach gcrochfadh an uair suas feasta, a's an fhad's tá sí in a chotréabachaí anois. Má mhaireann di ar a' táirm seo, beidh chuile rud lobhtha.
→
cóineas
Níl cóimhneas a' bith dhá bhfaca tú ariamh annsiúd aige. Is mór a' t-iongnadh go bhfanfadh sé annsiúd, a's a fhusacht dó teach a dhéanamh ar a' ngiodán talmhan atá i bhfus le bóthar aige.
Breagh nar ghlac tú go réidh é, a's gan a bheith mío-chontanásach. Is suarach a' t-iongnadh gur bhuail spadhar fhéin é.
+
→
bannaí 1
Ní bhfuighe droch-dhíoluidhe fear bannuidhe in aon-áit, a's is suarach an t-iongnadh nach bhfuigheadh.
TUILLEADH (2) ▼
Tá S. Mh. in imnidhe anois, má's é 'bhí imbannuidhe air, a's ní h-iongnadh dhó.
Má theigheann tú imbannuidhe ar sin, ort fhéin a bheidheas díol a dhéanamh as a dheire. Chuala tú an cleas adeirigh do Sh. Mh. cheana, go mb'éigean dó, fiche punt a íoc istigh sa mbeainnc ar aon-láimh amháin. Is mór a' t-iongnadh, nach múinfeadh sin thú! Pléidhfe sé siúd leat é má fhaghann sé in t'amadán aige thú!
+
→
bealach
Is mór a' t-iongnadh nach mbead sé le feiceál ar bóthar ná ar bealach uair eicínt. Tá sé 'cothú na h-áite istigh go maith.
TUILLEADH (5) ▼
Is mór a' t-iongnadh nach bhfeicfidhe imbealach nó indearmad anois é, nó 'bhfuil sé 'coinneál na leapthan i gcomhnuidhe?
Tá sé na cianta ó chonnaic mé imbealach ná indearmad í, go dtí indé, inGaillimh. 'Sí atá tuartha snuighte as a ceann-aghaidh, a's má tá fhéin, cé h-iongnadh dhi sin, a's an fhad a's bhí sí buailte síos.
Tiubhra an oidhche anocht fuighleach le déanamh dhó, agus is suarach a' t-iongnadh é, arae is fada anois é a' giorrú an bhealaigh = 'sé a dhicheall an oidhche anocht a shárú etc.
Is suarach a' t-iongnadh go n-eireochadh sé imullach na ndaoine, a's a bhfuil sé a' fhaghail dhá bhealach fhéin.
Is suarach a' t-iongnadh go mbíonn a' cunntas as bealach, a's laghad a' staidéir a ghlacann sé leis fhéin dhá dheanamh suas. Fhobair gur bhain sé scilling a's chúig phighinn thar a' gceart díom an lá faoi dheire, marach gur ghoin m'aire mé a's gur iarr mé fhéin a' leabhar.
→
bealaigh
Is mór a' t-iongnadh go bhfuil a' talamh a' cothú chomh bealthuighthe a's atá sé, a's an tiormach a bhí ann ó mhaidin!
→
bálta
Bhí glaedh ar a báltaí indiu, nuair a chuaidh mé dhá bleaghan sa ngarraidhe. Is mór a' t-iongnadh liom go dtiocfadh aith-dháir uirre aríst.
→
beo 1
Dheamhan geinealach a' bhéil bheo istigh ar a' mbaile a bheannóchadh dó, ná a thaobhóchadh é anois. Tá 'chuile dhuine gránuighthe air anois, a's ní h-iongnadh dhóib.
→
beoigh
Is mór a' t'iongnadh nach mbeo(dhóch)thá amach mar 'dhéanfadh fear, a's gan a bheith chomh roighin a's atá tú. Faoi dhó a bheidhinn ó'n bportach ó d'imthigh tú.
Is mór a' t-iongnadh nach gcuirfidís biorach ar a' laoighdín siúd, a's gan é 'bheith diúl fós.
+
→
bior
Níl bior-eanga ar a' mbean bhocht, ach is suarach a' t-iongnadh sin, a's lán a' tighe aice ar aon-chéill. Níor bhris cearc an áil a h-iogán (a h-eagán) ariamh, a's sin é 'fhearacht aice-se é. Is geall le dhul ar a muirghín, an saothrú beag sin atá aigéan a fear.
TUILLEADH (1) ▼
Tá tú ag imtheacht in do cheann-ar-bior ó mhaidin. Nach mór a' t-iongnadh nach bhféadfá comhnuidhe a dheanamh uair eicínt.
+
→
bocht 1
Is suarach a' t-iongnadh dhó a bheith bocht, a's an dola atá air.
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn sé a' strócadh le pian in a láimh, a's is suarach a' t-iongnadh dhó sin, arae, is bocht a' lot atá air.
+
→
bollaire
Ní bhíonn sult na subháilce in aice an bhollaire mhóir. Is mór a' t-iongnadh nach dtiocfadh iabh ar a bhéal uair eicínt, a's gan a bheith ar a' nglagaireacht chéadna, go h-acht a's go h-áithrid.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór a' t-iongnadh, nach dtiocfadh tuirse ar a' mbollaire uair eicínt.
Is mór a' t-iongnadh, go dtiocfadh sé i láthair comhluadair a' bith le na sean-bhriollachaí, stiallta, salacha atá air! Is mór a' ghráin iad!
+
Nach mór a' t-iongnadh nach gcuirfeadh sé malrait éadaigh air fhéin, farra's a bheith ag imtheacht chomh briollach a's tá sé.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór a' t-iongnadh nach mbuailfeadh sí baslach ar a cuid éadaighe, a's nach bhfuaghfadh sí iad, fharra's a bheith in a briollach mar tá sí.
→
bruach
Is beag a' t-iongnadh má tá an chlaise céadna thar bruach. Nach uirre atá uisce an dá bhaile a' teacht.
→
aer
Níl aon-mhaidin 'san aer, nach dteigheann sé thart, agus is mór a' t-iongnadh nach ndeacha sé thart indiu.
Is mór a' t-iongnadh go leigfeadh an croidhe dhó, an oiread sin fhéin a chaith(eamh) le buig-shíne.
→
buail ar
Buaileadh soitheach faoi íochtar an bhaile, aimsir stoirme, a's is beag nar chaill oigiséad fíona a bhí innte, a raibh 'san áit. Bhí déanta le bás J. N. ach tháinic sé as 'na dheidh sin. Ó'n lá sin, go bhfuair sé bás níor bhlas sé d'aon-deoir óil, ach cérbh iongnadh sin: 'an té bhuailtear sa gceann bíonn faitchíos air'.