Áfach, ádhbhach
—
scailp an ghliomaigh; an poll a lonnuigheann an gliomach ann, sa gcladach (aice a tugtar air in áiteachaí — Cárna).
+–
Chuaidh an gliomach isteach san áfach (féach "Béal Beo" l. 148)
Chrup sé é fhéin isteach 'san áfach.
TUILLEADH (2) ▼
Ó théaltuigh sé 'steach 'san áfach, ní raibh aon-ghoir againn drannadh leis
Chomh luath a's fuair sé é fhéin, dealuighthe as a' bpota, thug sé an áfach air fhéin, agus ní fheicfeamuid aríst go luath é.
·
Is gearr (geall) le áfach gliomaigh an phruchóg de theach atá aige.