Ágóid
—
scubaide de bhean; beainín chlaoidhte chaithte, gan aon-téagar agus gothadh caillte uirre. Sraoill, straoill.
+–
Nach hí an ágóid í?
Ní fhaca mé aon-ágóid chomh h-imthighthe léithe in mo shaoghal ariamh = ní fhaca mé aon-bhean chomh claoidhte ná chomh suaidhte ná chomh cáillte léithe ariamh.
TUILLEADH (35) ▼
Is gann a chuaidh an saoghal air a dhul i gcleitheamhnas le na leithide sin d'ágóid a phósadh.
Muise an ágóidín, cé phósfadh í!
Dhá mbeadh an oiread eile spré aice, an ágóidín bhocht, ní bhfuigheadh sí fear a h-iarrtha.
Is deas an ball idteach an ágóid sin! = ní ball deas i dteach í.
Bhí sé thart agus an ágóid sin a phósadh = is géar a bhí bean uaidh agus í a phósadh.
Ní fheicfeá a macsamhail d'ágóid, dhá gcuirtheá slat ar pharráiste.
Níl ann (n)ach' go bhfuil na ceithre eite san ágóid, agus choinneochadh sí coc leat in a dhiaidh sin = níl ann ach go bhfuil sí indiaidh a chéile, tá sí chomh caithte, snuighte sin, agus aindeoin sin, choinneochadh sí achrann nó sciolladóireacht leat.
Ágóid bhradach gan aon-déanamh (déantús) maitheasa í = bean gan aon-téagar, agus nach bhfuil indon aon-obair a dhéanamh í. (Déana(mh) maitheasa = Cois Fhairrge go h-iondamhail; déantús maitheasa — Conamara siar, ach cloistear é corr-uair i gCois-Fhairrge)
Cá bhfaigheadh an ágóid déantús maitheasa? Thiocfadh sé cruadh léithe a béilí a réidhteach, ní áir(mh)ighim a mhaltraid.
Má fhágann tú faoi'n ágóid sin é, beidh sé gan deanamh (graithí gan déanamh a bheidheas ann) = má fhágann tú aice le deanamh é, ní dhéanfa sí é.
Tá'n oiread talmhan faoi'n ágóid, agus a bheadh faoi bhean mhaith = tá sí chomh leitheadach, an agóid, le bean mhaith.
Shílfeá gur uirre atá an ghrian ag eirghe, an ágóid.
Síleann sí, an ágóid, gurab í fhéin, spéire na gréine = ceapann sí go bhfuil sí an-bhreagh agus an-tslachtmhar.
Sí a leithide d'ágóid is leitheadaighe (is gaisceamhla, is teinne, is postamhla etc) a labhairfeadh (Labhairfeadh, labhairfidh mé: is coitchiannta na leaganachaí seo ar an Aimsir Fháistinigh agus ar an Modh Coingheallach faoi Chois-Fhairrge ná labhrócha, labhróchadh. Nuair a bhíos an dá leagan deire sin ann laibhreocha, laibhreochadh adeirtear)
Ní raibh sé in a ghamal ariamh gur thug sé an ágóid sin isteach faoi'na theach (ar a' teallach aige fhéin) = gur phós sé í.
Buaileadh an ágóid cheart air = phós sé bean gan mhaith gan mhaoin; cuireadh dalladh mullóg air gur phós sé í.
Is maith a chruthóchas sé nó fágfa an ágóid de bhean atá aige, mála na déirce air (aniar faoi na dhruím, ar a dhruím etc) = déanfa sé tíoghbhus maith nó cuirfe sí a' lorg na déirce é.
Sí an ágóid de bhean atá aige, is cionntaighe leis.
Marach an ágóid is bean dó, ba mhaith í 'ghreím 's a dheoch.
Cé'n ciméar a bhí air chor a' bith (cé'n slám) agus an ágóid sin a phósadh = cé'n slám, cé'n dalladh mullóg etc.
Ní hí an ágóid a phós sé (n)ach a' spré.
Is beag a' cheapadh a bhí ag duine a' bith an lá phós sé an ágóid sin, go bhfanfadh cuma ná caoi orrab (go gcoinneochadh siad aon-teach, go ndéanfaidís aon-ghra(ithe); go ndéanfaidís téagar; go ndéanfaidís bun etc), ach chuala mé ariamh go mbíonn a' sonas indiaidh na sraoilligheachta.
Ní dhéanfa tú lá de do leas má phósann tú an ágóid sin.
Is suarach an éadáil idteach í an ágóid sin.
Ní bhfuair sé aon-lá suaimhnis (suímnis adeirtear), ó ceangluigheadh é leis an ágóid sin.
Caithfe sé glacadh léithe (cur suas léithe) ó phós sé an ágóidín.
Sí'n ágóid is lugha slaicht sa bpobal í.
Ní fearrde an pobal a dtiocfa an ágóid thríd.
Níl cuid súl a' bith 'san ágóid = níl aon-tslacht innte.
Sí'n ágóid sin a chuirfeas síos sa talamh é = sí'n ágóid sin a thiubhras bás dó
Tá ruibh ar an ágóid = tá sí an-olc.
Ní chuirfeadh éadach a' tsaoghail aon-tslacht ar an ágóid.
Tá gob ar an ágóidín = ruibh; gob sciolladóireachta.
Choinneochadh an ágóid, cocaireacht le lán tighe = choinneochadh sí cainnt, achrann le cuid mhaith.
'Ná tabhair áirde ar an ágóid, coinnigh féin an drár ort' (sliocht as amhrán — "A Sheáin a Mhic Mo Chomhursan")
Féach freisin
→
fágtha
Ágóid in iontrálacha eile (6)
→
istigh
Ní fhaca sé aon-lá de'n mhíádh ariamh gur phós sé an ágóid (scubaide; bean fhágtha) sin istigh (gur thaobhuigh sé an teach malluighthe sin istigh; gur thaobhuigh sé an phruchóg de theach sin istigh etc)
Chuir siad an dalladh mullóg críochnuighthe air, lá agus gur fhéad siad an ágóid sin a bhualadh thall air. Ara tá aois chapall na muintire aice siúd, agus má bhí scór punt spré aice ba é a cloch neart é. Dheamhan sciúrtóg thairis a bhí aice ar chuma ar bith
→
dioc
Dar príosta bíonn sí ag imeacht i lár an tsamhraidh agus an dioc sin uirre. 'Bhfuil ágóid ar bith is fuaire ná í. Ní cheapfainn é
→
droim
Bíonn sé ag gabhail ag pósadh 'chuile mhí ins an mbliain, ach cuireann rud eicínt dhá dhruim é i gcomhnaí, má's fíor dó féin. Anuiridh bhí sé "socruighthe" tigh Sh. L. ach níor phós sé í in a dheidh sin. Deir sé féin go dtáinic scéala as Ameriocá aige na laetheanta céadna gur bhásuigh dearbhráthair leis ann. Is tráthamhail go mbíonn rud eicínt len a chur dhá bhuille igcomhnaí. Sílim go bhfuil sé fearacht go leor eile: thob ann agus thob as aige, agus faitíos air 'nuair a theigheas sé ar an scian is géire nach mbíonn sé dhá fháil sáthach maith. Dheamhan duine a chonnaic mé ariamh ar an ealadhain sin, nach mbuailfí air í — ágóid eicínt — ins an deireadh. 'Sé dioghaltas Dé é