Arach
—
ar éigin 's ar arach (Achréidh) = ar iodhain ar éigin.
+–
Ar éigin 's ar arach a d'imthigh sé chor ar bith = ar íodhain ar éigin a d'imthigh sé chor a' bith
B'ar éigin 's ar arach a ceannsuigheadh an capall chor a' bith
TUILLEADH (2) ▼
B'ar éigin 's ar arach a chuir mé foighid ann, nó go n-ionnsuigheadh sé é.
Ar éigin 's ar arach a sheas mé le na doightheacha chor ar bith an tseachtmhain seo.
Arach in iontrálacha eile (2)
→
dóigh 3
Nach h-iad na h-aidhbheirseoirí gan choinsias anois iad! An bhfuil a fhios agad céard a rinne siad, asal le P. Mh. a raibh deargadh tiaraighe air a thabhairt leo, agus sean-tiarach a chur air agus neanntógaí a chur faoin a dhrioball innte. An uair a dhóigh na neanntóga an t-asal bocht, chuaidh sé ingealta. Ar éigin agus ar arach a ceannsuigheadh chor ar bith é. Is minic ariamh a thóig muid neanntóg le asal roighin a dhóghadh faoi bhun an driobaill, ach má seadh ní asal deargadh tiaraighe é