áfach, ábhach
—
scailp an ghliomaigh; an poll a lonnaíonn an gliomach ann sa gcladach. aice a tugtar air in áiteachaí — Carna.
+–
Chuaigh an gliomach isteach san áfach (fc. Béal Beo, lch 148)
Chrap sé é fhéin isteach san áfach.
TUILLEADH (2) ▼
Ó théaltaigh sé isteach san áfach, ní raibh aon ghair againn drannadh leis
Chomh luath agus a fuair sé é fhéin dealaithe as an bpota, thug sé an áfach air fhéin agus ní fheicfidh muid aríst go luath é.
·
Is gearr (geall) le áfach gliomaigh an phrochóg de theach atá aige.