Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fág

Fágáil (50+)

 
Ag líonadh feadhnach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. 'Tá fire agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid mónasa,' adeir sé. 'Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orthu muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé'
+
Tá sé chomh maith dhúinn é sin a fhágáil ag an deachma (fc. deachma)
TUILLEADH (1) ▼
Caithfidh mé slán a fhágáil aige
+
'Sé an fear is fhearr é le airdeall na mbeathach a fhágáil air, má bhíonn tú fhéin i bhfad as baile
TUILLEADH (4) ▼
Rud ar bith atá ar a fhágáil sin beidh sé ar deireadh — rud ar bith a fhágtar faoi, beidh sé gan déanamh, nó déanfaidh sé siléig ann, nó ní chuirfidh sé aon bharainn déanta air srl.
Dúirt mé leat dhá mbeadh sé ar a fhágáil sin go mbeadh sé gan déanamh. Agus bhí. Ab é an ceann cipín sin ru?
Tá faitíos orm do na beithígh más ar a fhágáil sin a bhí siad. Beannacht Dé dhuit! Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, ba é an cleas céanna a dhéanfadh sé sin. Níl aon chomhairleachan ina chionn
D'fhága an misinéara i gcionn an phoitín sa gcúlteach é an lá sin. Thar éis an aifrinn thug siad amach é nó gur chur siad thrí lasadh é. Ach bhí mo dhuine ar meisce lá arna mhárach. Nuair a fiafraíodh dhe cá bhfuair sé é, séard adúirt sé: 'an té a chruthaigh neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh.' Ba in é an fear agat le fágáil i gcionn poitín!
+
Níor mhaith liom Seán a fhágáil as margadh — gan a chur sa gcomhaireamh; gan a thabhairt i gceist
TUILLEADH (1) ▼
Leis an aimsir bhriste a fhágáil as margadh uileag, diabhal mórán a shaothrófá ann
+
"Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur" (seanfhocal) — duine a níos obair dheacair nuair a d'fhéadfadh sé a dhéanamh ar éascaíocht, nó nuair ab fhusa dó rud eicínt eile a bheadh i mbéal a láimhe agus a dhéanfadh cúis chomh maith céanna a dhéanamh. Measaim gurb é an t-údar a bhí leis go saothraíodh pailitéaraí go leor tamhnachaí agus talamh sléibhe tá céad agus céad go leith bliain ó shin. Thugadh na tiarnaí cead dóibh sin a dhéanamh agus ní chuiridís mórán cíosa orthu i dtosach. Déantas na fírinne, thugaidís ugach dóibh a dhul ag saothrú na ndiomalachaí sléibhe ar a gcuid dúicheannaí. Tá go leor seantamhnachaí agus seantalamh bán ar shléibhte fós a saothraíodh ar an gcaoi sin, cé go raibh togha na talúna ar chuideannaí eile den dúiche ag dul chun báin, cheal tionóntaí, nó de bharr cíos róthrom. Ar an dá luath is a mbíodh áitiú réasúnta déanta ag na pailitéaraí ar an sliabh, chuireadh na tiarnaí measadóirí amach agus d'fháisctí cíos agus airgead acraí orthu. Ba mhinic a lascfaidís leo ansin go dtí tamhnaigh eile ní b'fhaide ó láthair le éadan a chur ar an obair aríst
TUILLEADH (3) ▼
Cén cat mara atá ar an bhfear seo thíos a dhul ag cur an tabhairt sin air fhéin le leasú go barr an bhaile, suas ar seanspíontán fliuch báite, agus neart garrantaí bán de scoth na talúna ansin siar aige. 'Ar ndó sin é: ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur
Shílfeá gur mór an díth céille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos ansin thíos aige ar chóngar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
Más leat airgead a dhéanamh, breá nach suas ar na portaigh a théas tú agus neart móna a bhaint. Is somhaoiní dhuit í ná na faochain agus ná an carraigín sin. Agus is lú anró í as deireadh na cúise. 'Sé an chaoi a bhfuil sé agatsa: ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur
+
fág i
Tá sé in am agat an díomhaointeas a fhágáil i do dhiaidh feasta— éirí as an díomhaointeas
TUILLEADH (2) ▼
Gan aon phínn a fhágáil ina shiopa níos mó: sin é atá le déanamh
'Sé an tinneas atá in ann duine a fhágáil in ísle bhrí
+
fág
Ní léithí bealach chun na coille 'na coille ná chun a fágáil — má bhíonn duine i dteannta, tá neart bealaí i gcónaí ann lena theacht as, ach an duine a bheith sách meabhrach agus sách fíriúil; má bhíonn teacht isteach mór fhéin ag duine, is furasta a chaitheamh aríst srl.
TUILLEADH (1) ▼
Is ceart duine den tsórt sin a fhágáil lena anó fhéin, agus gan cur chuige ná uaidh
 
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach pointe ar bith, agus dheamhan is móide, ina leaba sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
 
Bíonn an lá cairde istigh Lá Fhéil Mhuire na Féile Pádraig. Má bhíonn féarach agat caithfidh tú a fhágáil an lá sin
 
fíóg
Chaithfeá na fíógaí a bhaint i dtosach. Nuair a bheifeá dhá ndlaoithiú níorbh fholáir duit stríoc den dlaoinín a fhágáil uirthi nó thitfeadh a mbeadh istigh inti amach ina mionbhas. Chrochfá suas ar stálú sa simléar ansin iad nó go mbeidís tirim. Nuair a bheidís tirim sheasfaidís suas i lár an ruda, bheidís chomh láidir sin. Ansin bheidís faoi réir lena lasadh
 
Shíl mé gur dhúirt mé leat an mhóin sin a chaidhleadh suas i mullach a chéile agus gan í a fhágáil ina ciseach mar sin! Ach is beag an mhaith rud ar bith a rá leat. Tá tú ró-neamhairdiúil ar fad.
 
ceal 1
Nach é an feall an méid sin mílte a fhágáil aige agus a bhfuil cheal airgid.
 
Ní dhéanfaidh sé cúis na fataí a chur agus iad a fhágáil ansin, ag ceapadh go bhfásfaidh siad uathub féin. D'ordaigh cinnire cúnamh a mhic ó — caithfear freastal a dhéanamh ar na fataí théis a gcurtha, iad a lánú, a ghortghlanadh srl.
 
Níor chomaoin dó muintir na háite seo a fhágáil ina dhiaidh — gan cuireadh a thabhairt dóibh.
 
cora
Caitheann sibh cosamar fataí amach ansin chuile lá agus dheamhan aird agaibh air, ach é fhágáil ansin ina chora. Gheobhtaí rud eicínt le caitheamh a chur ann, murach go ligeann sibh amú é.
 
Beithíoch cuideáin é sin a d'imigh as áit eicínt. Ó tharla nach bhfuil aon choimhthíos ag na beithígh leis, níor mhiste é fhágáil ina mbail go dtagadh duine eicínt ar a thóraíocht.
 
Dheamhan mórán tóir a bhíonns ag na ceannaitheoirí ar na céileogaí sin chor ar bith. D'fheicfeá iad dhá bhfágáil ina ndiaidh ar aontaí.
 
cíos
Is olc an ceart é go mbeadh cíos agus cabhlach ar bhreaclachaí agus ar chriathraigh a shaothraigh daoine go crua le allas a gcnámh, agus togha na talúna dhá fhágáil bán. Séard a bhí a dhéanamh, an cíos a mhaitheamh ar fad dhúinne, agus ardú dhá réir a chur ar na bithiúnaigh a bhfuil na feilmneachaí bána sin acub. Ba é an deasú orthub é.
 
Ní bheadh sé in araíocht ag bád ar bith caladh a fhágáil inniu agus na círéabachaí farraige atá ann.
+
baile
'Ní hionann a dhul don bhaile mór agus é a fhágáil' (seanfhocal) — baineann moill do dhuine dhá bhuíochas ar a dhul don bhaile mhór dhó.
TUILLEADH (3) ▼
Bail ó Dhia ort! A bheith sa mbaile ag an ceathair a chlog! Ar chuala tú ariamh é: ní hionann a dhul ina bhaile mhóir, agus é a fhágáil.
Shíl mé nach ndéanfainn de mhoill ach feadh is mé an ceap a fháil, ach chinn orm imeacht uaithi. Ó deir siad nach ionann a dhul don bhaile mór agus é a fhágáil.
Nach éasca leat a theacht abhaile! Deirimse leat nach ionann a dhul ina bhaile mhóir agus é a fhágáil.
+
bannaí 1
Mise i mbannaí gur imigh sí léithe, gan cuid muc ná bó a réiteach! Nach uirthi atá an bheith go gcaithfidh sí greadadh léithe chuile Dhomhnach san aer, agus chuile shórt a fhágáil fúmsa le réiteach!
TUILLEADH (1) ▼
Ba tútach sa saol an cleas a rinne sé — glanadh leis — agus an méid sin airgid a fhágáil le n-íoc ag na bannaíochaí.
+
'Ní léithe bealach 'na coille ná chun a fágála' (nó fágáil uaireanta); (seanfhocal) — má bhíonn slí ag duine, beidh deis a caite nó dola air freisin; má bhíonn teacht isteach maith ag duine, bíonn glaoch dhá réir air.
TUILLEADH (4) ▼
Is iomaí punt a tháinig isteach sa teach ó thús bliana, ach ní léithe bealach 'na coille ná chun a fágála.
Ní bheinnse dhá fhágáil i gcleithiúnas aon duine dhá mbeadh fios an bhealaigh agam. Ghabhfainn fhéin ann.
Bhí sé sa mbealach orm, agus dúirt mé leis go gcaithfeadh sé an bealach a fhágáil.
Níor mhór dhuit tuilleadh bealaigh a fhágáil ann más leat áit carr is capaill a bheith agat ann.
 
beart
Ní bheadh beart ar bith ab fhearr d'fhear bhocht a dhéanamh ar an saol atá ann, ná an talamh a fhágáil ansin i dtigh an mhí-áidh agus a dhul ag saothrú in áit ar bith a bhfaigheadh sé saothrú.
 
Tá bean agamsa agus níor mhór dhom cromnasc a chur uirthi. Ní mór léithe a dhul ag déanamh aeir gach Domhnach sa mbliain, agus cúram an tí a fhágáil ormsa.
 
'Sé an scéal é, níl foscadh in aon áit ón gcramhar báistí sin, mar 'sé an chaoi a bhfuil sé dhá caitheamh anuas díreach. Is mó an bhrath atá agam ligean liom fhéin abhaile agus an giota fataí sin a fhágáil go ndéana sé aiteall: meas tú nár mhaith an beart é?
 
An bhfuil tú ag brath ar críoch a fhágáil ansin?
+
Chaithfeá na crúbáin sin a fhágáil ann, arae tá íochtar an chúil rófhliuch, agus mura bhfágtar neart bealaigh ag an uisce aníos ó chlaise an tsrutha, d'éireodh an fuarlach ar na híochtair as éadan agus bheadh an cur ó mhaith.
TUILLEADH (1) ▼
Ní mórán le gurbh fhiú do dhuine síolta a chur amú chor ar bith le na seanchrúbáin bhradacha sin, murach go mbeadh leisce ort iad a fhágáil i do dhiaidh.
 
beo 1
Bhí rún aige gan aon iall bheo a fhágáil i Seáinín murach an chaoi ar éirigh le M. T. G. é a tharrtháil air.
 
bior
Cén sórt útamáil atá ar an gceann ar bior sin aríst. Dheamhan a féidir gur ag iarraidh an cliabhán a fhágáil atá sé, théis gur gearr ó bhí sé ag strócántacht go gcuirfí a chodladh é.