Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Fáisceadh (21)

 
Coraice dhubh an gheimhridh a bhí ann, agus caitheadh na créatúir amach as an teach, agus fáisceadh glas air ina n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonaic tú ariamh mar é, agus gan teach ná áras acub ná áit a gcuirfidís thartub an oíche.
 
As an mbrachán a fuineadh agus a fáisceadh thú a chleiteacháin.
 
As an mbochtaineacht a fuineadh agus a fáisceadh an bhratainn sin, fré chéile.
 
anó
As an anó a fáisceadh a leath sin — ní bhfuaireadar ariamh ná a muintir rompub ach ocras agus angar
 
iontas
Ní ceart duit iontas ar bith a bheith agat sa sliabh. Nach as a fáisceadh thú — níor chóir go mba nuaíocht duit é; nach ann a rugadh thú
 
fill
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach fáisceadh ar a chapall agus isteach Gaillimh nó gur tharraing sé summonsachaí
+
fuin
As an ngadaíocht a fuineadh agus a fáisceadh é — (deirtear fuinneadh amantaí freisin); as an ngadaíocht a fuineadh é (nó … a fáisceadh é: "fuin" nó "fáisc" ar a aghaidh fhéin, ach is minice an dá rud le chéile, sin nó "fáisc" amháin) — ba í an ghadaíocht an chéad bhia sa sliogán dó; ba dual dó an ghadaíocht i dtaobh athar agus máthar; gadaithe uilig a bhí timpeall air ina óige
TUILLEADH (3) ▼
Brú agus ding uirthi: ag rá nár ith sí aon bhairneach ariamh, agus gurb as bairnigh a fuineadh agus a fáisceadh í! Bhí siad ag fás ar an tairsigh aici. Is iontas nach bhfuil siad ag fás uirthi féin
As fianaíocht agus as amhráin a fuineadh agus a fáisceadh é. Thug sé leis iad ó chuile thaobh. Ní raibh aon rianóir le fáil ab fhearr ná a athair, agus maidir le muintir a mháthair chuirfidís na cuacha a chodladh ag gabháil fhoinn
As leisce agus as spreallaireacht a fuineadh agus a fáisceadh é fhéin agus chuile dhuine dhá dhream. Ní ligfeadh an leisce dhá mháthair an luaith a chorraí den teallach, ní ligfeadh sin
 
Níor fáisceadh air ceart gur thosaigh sé ag caint faoin gcogadh — gabhadh dian sa tsáraíocht air ansin
+
fáisc
Fáisceadh idir an mótar agus an claí mé
TUILLEADH (4) ▼
Nár chuire Dia an rath air fhéin ná ar a chuid floscaí agus gurb as an mbochtaineacht a fáisceadh é fhéin agus a bhfuil ar an mbaile — bhí a mhuintir agus a shinsir, agus an áit a rugadh agus ar tógadh é bocht
As an sliabh a fáisceadh í. Is furasta a aithinte é ar na habhógaí atá aici
As an gcladach a fáisceadh mé. Ba é an chéad bhia sa sliogán agam é
As gliomachaí a fuineadh agus a fáisceadh an ceann céanna. Nach gliomadóirí uilig a bhí ina mhuintir?
 
Níl aon chall do bhean ar bith a bheith chomh diongbháilte agus atá sise. Cén éadáil í ach an oiread le duine ar bith eile. As na faochain a fáisceadh í chomh maith linn ar fad. Ach do dhúshlán sin a shamhlú léithe ina dhiaidh sin!
 
dual 1
Chaithfeadh sé a bheith mar sin, ná duine ar bith eile a tógadh istigh ar aon bhaile leis. As an scabhaitéireacht a fuineadh agus a fáisceadh iad sin ariamh. M'anam muise nár fhága seisean aon dual ná aon tslis di ina dhiaidh ach an oiread le ceachtar acu
 
dual 2
Is dona a snadhmadh adhmad an tí seo. Níor fáisceadh na duail ceart. Dhá bhfáiscthí, ní bheadh an oiread gíoscáin acu
 
Níl an deoraí féin aige ansin ach duine a fuineadh agus a fáisceadh amach as an díogha. Tá a chomharthaíocht lena chois. An oíche ar chuir muintir Ch. na R. achrann ansin thiar air, bhí claimhe den dream sin in éindí leis. Céard a rinne siad. Baint as ar fad agus a fhágáil ansin go maródh muintir Ch. na R. é murach gur casadh mac Sh. Bh. agus cuid de mhuintir an Bh. L. ann. Chuir siad sin siúl ag imeacht acu. 'Siad a bhí deas air. Dar príosta muise níor chomaoin dóibh J. a shábháil ach oiread. Nuair a bhí deis aige leas a dhéanamh dhóibh, is mó a chuir sé as ná ann dóibh
 
díol 1
Má dhíol siad an déirce féin, dheamhan a bhfuil dhíobh mar atá tuilleadh a bhí bocht agus a d'éirigh suas. Cuid den dream seo a fuineadh agus a fáisceadh as an mbochtaineacht, chomh luath agus a éiríos siad as an lathach chor ar bith, ní ligfidh siad orthu féin go bhfeicfidh siad thú. Ach iadsan, diabhal mé go bhfuil siad cainteach carthanach agus nach ndúnfaidh siad a súile ar aon duine, bocht ná saibhir