—
fráma no crannán a chuirtear faoi rud lena ardú den talamh. Cuirtear faoi chocaí féir, faoi chruacha coirce, faoi chearca i dtithe cearc, agus faoi thinteachaí a dhéanfaí amuigh é scaití. Fara is mó a thugtar ar na maidí nó ar na cleitheachaí a gcodlaíonn cearca orthu. Thabharfaí fara ar chleith amháin dhíobh agus faraí ar dhó nó trí de cheanna. Farúch a ghlaoitear ar shraith nó ar bonn cruach srl.
+–
Thart soir, cuireann siad farúch faoi na cruacha nó na stácaí, mar adeir siad fhéin. Fráma adhmad é. Bíonn an chruach ardaithe den talamh uileag acu. Ní theagann fúthu nuair a bhíos siad ar fharúch. Is deacair do na luchain a dhul suas iontu ach oiread
Fadó bhíodh farúch anseo againn fúthu (cruacha arbhair), ach diabhal ceo a dhéanas an chuid is mó de na daoine anois ach a ndéanamh ar bhonn cloch
TUILLEADH (2) ▼
Ní foláir farúch a chur faoin gcoca sin, nó tiocfaidh faoi. Faigh saileánach agus driseachaí in áit eicínt. Socróidh mise sraith (chloch). Tá fraighfhliuchas a bhfaca tú ariamh sa gcúinne sin
Bhí an t-urlár chomh fliuch sin aige agus go mb'éigean dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fána ag an uisce anuas ansiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rá go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chur faoi mar a chuireas muintir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nár speir sé é.
farúch in iontrálacha eile (1)
→
fara
Níl aon deis farúch ag cearca sna tithe nua sin ach oiread, mura ndéana duine féin faraí dóibh. Ba bheag na faraí a bhíodh acu fadó sna seanphúiríní, agus dar príosta bhíodh an oiread uibheachaí dhá mbarr agus atá anois