Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fiach
ainm briathartha, ainmfhocal fireann
is annamh a theagas claochlú tuisil air, ach deirtear lucht fiaigh (fuaim fia: /f′īə/)
fc. fiadh, fiach
1.
a.
seilg; a dhul ar thí ainmhithe áiride nó éanlaith lena marú nó breith orthu.
+
Gabhfaidh muid ag fiach
Cáid ó bhí tú ag fiach?
TUILLEADH (6) ▼
An bhfuil cú ar bith agat anois le dhul ag fiach
Ní madadh é sin le dhul ag fiach leis — ní madadh maith fiach (fiaigh) é sin
Bhí mé ag fiach ar an sliabh inné
Ní dhearna mé aon fhiach fós i mbliana
Tá mé ó fhiach i mbliana, tá faitíos orm, agus an chaoi a bhfuil mo chois ag coinneáil an othrais
Má scarann tú leis an gcú sin, beidh tú ó fhiach — ní bheidh aon ghnaithe agat a dhul ag fiach
+
Tá sé suas ansin ag fiach choiníní
Chaith mé an lá inné ag fiach ghiorriachaí (ach tá sé neamhaistríoch freisin .i. ag fiach ar choiníní srl.)
TUILLEADH (3) ▼
"D'éirigh Tadhg aréir agus chuaigh sé ag fiach ar ghiorriachaí. D'éirigh Máire Ní Éithir agus lean sí é sna bonnaíochaí" (focla le fonn Thaidhg an Ghrá)
Tá an madadh amuigh anseo ag fiach chait (ag fiach ar chait)
"'Céard a bhí t'athair a dhéanamh inné?' — 'Ag fiach sa ngarraí' — 'Céard a bhí sé a fhiach?' — 'Chuile rud dhá raibh sé a mharú, d'fhágadh sé ina dhiaidh é'" (ag marú míol ina chloigeann a bhí sé)
+
Bhí muid ag fiach agus ag fionnscaradh ar feadh an lae — ag fiach. Cuirtear "fionnscaradh" ar chuingir leis go minic. Leagan an-choitianta sna scéalta é
Chaith an cúpla seo an lá ag fiach agus ag fionnscaradh agus ba bheag a d'éirigh leo ach go dtáinig siad abhaile agus a ngoile ina nglaic acu tráthnóna
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá go n-eireofá amach ag fiach agus ag fionnscaradh dhuit fhéin agus gan thú a bheith in do spreasán istigh ansin
Tá mo chuid fiach agus fionnscaradhsa ar iarraidh anois. 'Sí an tine a chothós mé feastain
Ní dhearna mé fiach ná fionnscaradh ariamh thar rud ar bith
+
Tá sionnach anseo thiar sna breaclachaí agus tá muid ag brath ar a dhul dhá fhiach amárach in aice chúnaimh Dé
An bhfuil aon rath air dhá fhiach (ag fiach an tsionnaigh)
TUILLEADH (1) ▼
An bhfuil tú in ann "Fiach an Mhaidrín Rua" (Fiach an tSionnaigh) a chasadh dhom? — port
·
Is maith an fiach a rinne tú inniu. D'éirigh dhá pháin mhaith leat.
Fiach sléibhe a dhéanfas mé inniu sílim — a dhul faoin sliabh ag fiach
b.
obair sheilge.
+
Bhain na madraí fiach as an gcat — ag rith ina dhiaidh
Má theagann sé anseo muis bainfear fiach as (gheobhaidh sé fiach) — díbreofar é
TUILLEADH (6) ▼
Dhá gcastaí muide air, gheobhadh sé fiach soir an bealach céanna a dtáinig sé. Mura postúil é a theacht anoir anseo!
Tháinig an seanasal sin ag M. aníos ar ball ach fuair sé fiach síos aríst uaimse agus ó na madraí
Thug an chú fiach don ghiorria ach d'imigh sé uaithi. Sa gcor a chailleas sí é — bhí sí dhá chrinneadh agus é i dteannta aici scaití
Má thaobhaíonn sé sibh aríst i mbliana, tugaidh fiach abhaile dhó. Níl gnaithe ar bith againne a bheith dhá bhuachailleacht anseo ar an teallach ar feadh an airneáin
Má fheicim an fear céanna istigh ar shlata an bhaile le mo ló aríst, gheobhaidh sé fiach
Caithfidh mé a dhul isteach abhaile anois. Tá cluanaí istigh ar mo theallach agus tá sé le fiach agam fós. Mura ndéana, is liom go maidin é
2.
conách sealga.
+
Níor dhúisigh muid fiach ar bith inniu (giorria, coinín srl.)
Tá toimín aitinn ar lom an chnocáin atá i lár an gharraí agus níl aon lá ariamh nár chuir mé fiach aisti
TUILLEADH (2) ▼
D'imigh an fiach uainn ar fad inniu — d'imigh ar dhúisigh muid de ghiorriachaí srl. uainn
Sin é anois a bhfuil d'fhiach againn de bharr an lae — de chonách fhiaigh
+
Nuair a fhaightear an chú ní fhaightear an fiach — nuair a bhíos roinnt deise ag duine le rud a dhéanamh cuirtear as a bhuille é; dhá mbeadh an saol mór ag duine bíonn rud eicínt uireasach air i gcónaí
Cheannaigh sé an mótar sin le dhul ag saothrú leis, ach diabhal saothrú atá sé a fháil. Nuair a fhaightear an chú ar ndóigh, ní fhaightear an fiach
TUILLEADH (3) ▼
Rinne sé teach nua d'aon uaim amháin le aghaidh lóistéaraí agus fámairí a choinneáil ach nuair a fhaightear an chú ní fhaightear an fiach. Dheamhan fámaire ná Gaeilgeoir ag taithiú sna bólaí seo anois.
Ní raibh ann ach go mbeadh suaimhneas aige sa teach feadh is an deartháir a bheith díbrithe aige. Tá sé díbrithe anois ach ní raibh an teach ina bhrachán ariamh mar a bhí sé le seachtain: é fhéin agus an mháthair in oighear an chochaill. Ar ndóigh nuair a fhaightear an chú ní fhaightear an fiach, adeir siad
Tá sé amuigh ina mháistir scoile le trí bliana ach ní bhfuair sé aon scoil fós. Nuair a fhaightear an chú ní fhaightear an fiach
+
Is doiligh (deacair) an fiach a chur as an tom nach mbíonn sé — is deacair olann a bhaint de ghabhair; it is hard to knock blood out of a turnip
Tá tú ag stríocadh liomsa ag iarraidh airgid orm ó mhaidin. Nár dhúirt mé leat míle uair nach raibh sciúrtóg agam. Is doiligh an fiach a chur as an tom nach mbíonn sé
TUILLEADH (2) ▼
Cén chaoi a seasfainnse deoch agus gan a luach agam. Is doiligh an fiach a chur as an tom nach mbíonn sé
Diabhal buille maitheasa a dhéanfas sé siúd i mbliana ná a bhfuil sé in ann aon bhuille a dhéanamh. Is doiligh an fiach a chur as an tom nach mbíonn sé
+
Tá an fiach dúisithe — tá an garraí críochnaithe; níl fágtha sa ngarraí ach cúinne an ghiorria. Deirtear seo i gcónaí nuair a bhíos garraí curtha ar fad nó a leithide. Níor chuala mé aon údar leis
Ar dhíbir tú an fiach as? … Tá an cúilín thiar gan cur fós! Dar príocaí, ní bheidh sibh amuigh as i mbliana
TUILLEADH (5) ▼
Tá an fiach dúisithe agam i ngarraí Sh. Uí E. faoi dheireadh thiar thall agus tá sé in am sin aige. Shíl mé nach mbeinn amuigh as inniu. Dhá mbeadh an garraí láir siúd thuas curtha agam anois, bheinn díreach leo (sin é a gcuirfinn d'fhataí)
Tá an fiach ruaigthe agam. Dheamhan spealadóir a ligeadh in aon mhóinéar ariamh a sháródh mé
Dúiseoidh sibh an fiach sa ngarraí sin inniu? Is ait na buannaithe sibh. Sibhse atá a ligean chuig an gcoirce. Bíonn coinleach in bhur ndiaidh tráthnóna, bail ó Dhia oraibh
Ní dhúiseoidh mé an fiach inniu … Beidh lá eile orm
Tá an fiach dúisithe agamsa, ach ní feasach mé cá gcuirfidh mé é mura gcuire mé soir go dtí M. Mh. Bh. sa tSraith é (ainm garraí) — ní raibh baol ar Mh. Mh. Bh. a bheith críochnaithe sa tSraith
3.
an líon daoine agus madraí agus eachra a bheadh amuigh ag seilg.
a.
+
Ní bhuailfeá amach ar an bhfiach inniu? — ag fiach, nó a dhul in éindí le dream a bheadh ag fiach
Tá sé imithe ar an bhfiach
TUILLEADH (1) ▼
Ba cheart duit a dhul ar an bhfiach: "do ghunna ar do bhois, do ghadhar le do chois, agus do chapall breá donn do t'iompar"
b.
+
Níl againn ach fiach na haon chon — níl againn ach duine amháin ag saothrú; duine amháin ag tarraingt an tseanphinsin (i dtithe eile bheadh beirt); tá muid i dtuilleamaí duine amháin nó deise amháin nó slí amháin le maireachtáil
M'anam nach bhfuil fáth ar bith agatsa a bheith ag ceasacht. Tá triúr agaibh ag saothrú. Ach féacha mise nach bhfuil agam ach fiach na haon chon. É sin féin is gearr go mbristear é
TUILLEADH (2) ▼
Tá dhá bhó ag an C., ach muide, níl againn ach fiach na haon chon agus muid ag iarraidh a bheith ag cruinneáil díol maistridh ina dhiaidh sin — níl againn ach bainne bó amháin
Níl slí ó Dhia againn anois ach fiach na haon chon: na deich scilleacha pinsean sin atá an tseanbhean a fháil. Ach is gearr le dhul é sin ar thriúr

Féach freisin

fia

fiach in iontrálacha eile (50+)

 
Níorbh fhiú d'aon duine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé i ndiaidh a chéile chor ar bith
+
Tá an teach mór sin le cantáil go gairid ach deir siad nach dtógfaidh aon duine é, arae go bhfuil sé báite i bhfiacha.
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfuil sé in ann a chuid fiacha a íoc, cuirfear a chuid talúna ar cantáil.
 
beann
"Chuaigheadar ag fiach agus ag fionnscaradh, agus ba ghearr gur éirigh fia na mbeann rompub" (as seanscéal; tá an chiall seo den fhocal ionann is seargtha anois.)
 
beart
Is barrúil an beart a d'fhiach (d'fhéach) sé a chur ina shuí, leis an uncail a dhíbirt as an teach. Ní bhíodh iamh air chuile oíche, ach an toirnéis, agus ag déanamh troimpléisc ar fud an tí, nuair a bíodh an t-uncail ina chodladh — ar dhóigh dhe, go raibh an teach síúil! Ach ar ndóigh, bhí a fhios ag an gceann eile go maith céard a bhí dhá dhéanamh.
 
San am ba mhó a raibh sé ag déanamh créatúlachta ar a chuid tionóntaí, leagadh dhá chapall é agus é ag fiach lá. Ón lá sin amach, níor ól sé aon deoir bhainne sláinte. Bhuail aicíd eicínt é dlúth ina dhiaidh, agus shaothraigh sé an bás go maith.
 
Murach nárbh fhiú liom a dhul ag fiachadh ort a chuimleacháin, mo choinsias is dar m'anam, ní fhágfá ball na háite go dtugainn do chuid fola le n'ól duit.
 
bior
B'fhearr liom bior a chur faoi mo shúil ná a dhul ag fiachadh ar na dílleachtaithe bochta sin.
 
bocht 1
Is mór an peaca a dhul ag fiachadh ar an duine bocht.
 
breá
Má tá an oiread sin airgid aici nach breá nach n-íocann sí a bhfuil d'fhiacha amuigh uirthi!
 
agair
Nár agraí Dia air a dhul ag fiachadh ar an gcréatúr bocht sin!
 
Dhá choipthe dhá raibh mé, bhí a fhios agam go mbeadh sé in aiféala orm choíchin dhá dtéinn ag dhul ag fiachadh ar an rud salach (bradach) — dhá oibrithe (dhá chorraithe, dhá fheargaí srl.) dhá raibh mé, thuig mé go mbeadh aiféala orm i gcónaí dhá mbaininn leis an duinín gan mhaith. Ní chiallaíonn salach brocamas anseo, ach donacht, easpa téagair, nó laigeacht
 
Is fánach an tsiocair a bhí aige. D'fhliuch sé a chosa ag fiach, seachtain go Domhnach seo caite, agus ná raibh ann murar buaileadh síos le slaghdán é. Dheamhan a chos a d'éirigh ó shin, agus níl gaisce ar bith air fós fhéin.
 
buail
Bhuailfinn é murach leisce a dhul ag fiachadh air
 
buille
Deirimse buille sa mbéim leat! Tá sé ar an leabhar ag an bhfiach dubh, tá sin.
 
airigh
Ní aireodh sé aon teas dhá mbeadh an fiach dubh ag cur a theanga amach, pé ar bith cén sórt scruit é thar dhuine ar bith.
+
amuigh
Tá go leor fiacha amuigh ag lucht siopaí anois agus níl a fhios agam cén chaoi a n-íocfar iad — níl a fhios sin.
TUILLEADH (4) ▼
Caithfidh mé rud ar bith is breá leis a chaitheamh agam a ghlacadh faoi go bhfuil fiacha amuigh orm ann.
Sin é an lá cairde atá agam anois le na fiacha atá amuigh orm a íoc.
Tá sí sin báite i bhfiacha: tá rud amuigh ag chuile shiopadóir sa tír uirthi.
Ní íocfaidh a bhfuil istigh is amuigh aige a chuid fiacha.
 
Is dona an fear é mura bhfiacha (bhféacha) sé lena shásamh a bhaint amach.
+
Bhí an lá chomh te agus go raibh an fiach dubh ag cur a theanga amach — lá an-mheirbh ar fad a gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach.
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mbeadh sé chomh meirbh agus go gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach, ní chaithfeadh sé anuas an seanrapar (an seanchóta)
Ní thitfeadh aon deoir allais leis agus bíodh an fiach dubh ag cur a theanga amach.
Ní thiocfadh sé taobh amuigh de dhoras d'uireasa a chóta agus bíodh an lá chomh meirbh agus go gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach.
Dhá mbeadh a theanga amuigh ag an bhfiach dubh, d'fheicfeá an cochall faoin muineál aige ina dhiaidh sin.
+
áirc
Sin é teachtaire an fhiaigh ón áirc — níor tháinig sé ar ais lena scéal fhéin ná scéal aon duine eile
TUILLEADH (9) ▼
'Sé teachtaire an fhiaigh ón áirc é sin a chur in áit ar bith.
D'fhan sé ina theachtaire an fhiaigh ón áirc, ag seanchas nó ag ithe, agus níor chuimhnigh sé chor ar bith ar an té a bhí ag fanacht leis.
Ba é an dá mhar a chéile dhuit a bheith ag fanacht le teachtaire an fhiaigh ón áirc le bheith ag fanacht leis siúd, arae ní thiocfaidh sé ar ais lena scéal fhéin ná scéal aon duine eile.
Ba chóra dhuit teachtaire umhal éasca eicínt a fháil tharas teachtaire an fhiaigh ón áirc mar é sin.
Má tá duine le dhul ar theachtaireacht — ní thusa é, a theachtaire an fhiaigh ón áirc
Tá dlús leis an teachtaireacht seo, agus ní teachtaire an fhiaigh ón áirc a chuirfeas mé dhá déanamh
Chuir mé i gcoinne Mháire é, tá dhá uair ó shin, ach sin é fhéin, teachtaire an fhiaigh ón áirc
Theastaigh tuairisc uaim cén bhail a bhí ar Bhríd ó mhaidin agus chuir mé an ceann seo síos le contráth na hoíche, ach sin é fhéin, teachtaire an fhiaigh ón áirc. Dheamhan a chos ná a chnáimh a tháinig ó shin
Beidh tú anseo go maidin má fhanann tú le teachtaire an fhiaigh ón áirc.
 
Is iomaí do leithide a d'éireodh amach Dia Domhnaigh agus a dhéanfadh scaitheamh fiach nó iascach.
+
anó
Fear anó anois é, go bhfiacha (bhféacha) Dia air! — fear ocrais é
TUILLEADH (1) ▼
Níorbh fhiú dhom a dhul ag fiachadh air agus an t-anó atá air — níorbh fhiú dom mo láimh a thógáil aige faoi rá is éalang a bheith air
 
ardú
Tá a chnaipe déanta má bhuail ardú na Céadaoine é; tá sé ar an leabhar ag an bhfiach dubh má tháinig ardú na Céadaoine air
 
Má thagann siad anuas air anois faoi na fiacha, fágfaidh siad in adhastar an anró ar fad é.
 
Tá muid caillte amuigh ar an gcriathrach siúd agus gan d'fhabhall againn ann ach bruach portaigh. Chaillfeadh sé na fiacha dubha, chaillfeadh sin
+
fiacha
Dhá mba fiacha dlisteanacha (glisteanacha) iad d'íocfainn iad
TUILLEADH (6) ▼
Ba mhinic leis a bheith salach. Níorbh fhéidir fiacha a bhaint dó ariamh
Tá go leor fiacha amuigh aige (siopadóir, bainc srl.)
Mhaith sé na fiacha dhó in ómós seachtain oibre
Tá fiacha air sin i chuile áit agus ní féidir pínn ar bith a bhaint dó
Tá sé i bhfiacha
Tá muid i bhfiacha sa siopa (le fear an tsiopa, do fhear an tsiopa)