Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fiach
Ainm-Bhriathar; Ainmfhocal; Fireann.
Is annamh a theagas claochló tuisil air, ach deirtear "lucht fiadhaigh (fuaim fia: /f′īə/
fc. fiadh — tuilleadh Fiach.
1.
a.
seilg; a dhul ar thí ainmhíthe áiride nó éanlaí le na marú nó breith orra
+
Gabhfamuid ag fiach
Cáid ó bhí tú ag fiach?
TUILLEADH (6) ▼
An bhfuil cú ar bith agad anois le dhul ag fiach
Ní madadh é sin le dhul ag fiach leis = ní madadh maith fiach (fiaigh) é sin
Bhí mé ag fiach ar an sliabh inné
Ní dhearna mé aon-fhiach fós i mbliana
Tá mé ó fhiach imbliana tá faitíos orm agus an chaoi a bhfuil mo chois ag coinneál an óthrais
Má scarann tú leis an gcú sin beidh tú ó fhiach = ní bheidh aon-ghnatha agad a dhul ag fiach
+
Tá sé suas annsin ag fiach choiníní
Chaith mé an lá inné ag fiach ghirriachaí (Ach tá sé neamh-aistríoch freisin .i. ag fiach ar choiníní etc.)
TUILLEADH (3) ▼
"D'eirigh Tadhg aréir agus chuaigh sé ag fiach ar ghirriachaí. D'eirigh Máire Ní Éithir agus lean sí é sna bonnaíochaí" (focla le fonn "Thaidhg an Ghrádh")
Tá an madadh amuigh annseo ag fiach chuit (ag fiach ar chuit)
"Céard a bhí t'athair a dhéanamh inné?" — "Ag fiach san ngarraí" — "Céard a bhí sé a fhiach?" — "chuile rud dhá raibh sé a mharú, d'fhágadh sé in a dhiaidh é" (ag marú miol in a chloigeann a bhí sé)
+
Bhí muid ag fiach agus ag fionscaradh ar feadh an lae = ag fiach (cuirtear "fionscaradh" ar chuingir leis go minic. Leagan an-choitianta sna scéalta é)
Chaith an cúpla seo an lá ag fiach agus ag fionscaradh, agus ba bheag a d'eirigh leó, ach go dtáinig siad abhaile agus a ngoile in a nglaic aca trathnóna
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá go n-eireóchthá amach ag fiach agus ag fionscaradh dhuit fhéin, agus gan thú a bheith in do spriosán istigh annsin
Tá mo chuid fiach agus fionnscaradh-sa ar iarraidh anois. Sí an teine a chothos mé feastain
Ní dhearna mé fiach ná fionscaradh ariamh thar rud ar bith
+
Tá sionnach annseo thiar sna breaclachaí, agus tá muid ag brath air a dhul dhá fhiach amáireach in aice chúnamh Dé
An bhfuil aon-rath air dhá fhiach (ag fiach an tsionnaigh)
TUILLEADH (1) ▼
An bhfuil tú indon "Fiach an Mhaidrín Ruadh" ("Fiach an tSionnaigh") a chasadh dhom? = port
·
Is maith an fiach a rinne tú inniu. D'eirigh dhá pháin mhaith leat.
Fiach sléibhe a dhéanfas mé inniu sílim = a dhul faoin sliabh ag fiach
b.
obair sheilge.
+
Bhain na madraí fiach as an gcut = ag rith in a dhiaidh
Má theagann sé annseo muis bainfear fiach as (gheobhaidh sé fiach) = díbreóchar é
TUILLEADH (6) ▼
Dhá gcastaí muide air, gheobhadh sé fiach soir an bealach céanna a dtáinig sé. Mara postúil é a theacht anoir annseo!
Tháinig an sean-asal sin ag M. aníos ar ball, ach fuair sé fiach síos aríst uaimse agus ó na mádraí
Thug an chú fiach don ghirria ach d'imigh sé uaithe. Sa gcor a chailleas sí é = bhí sí dhá chreinneadh agus é idteannta aice scaití
Má thaobhaíonn sé sib aríst imbliana, tugaighí fiach abhaile dhó. Níl gnatha ar bith againne a bheith dhá bhuachailleacht annseo ar an teallach ar feadh an áirneáin
Má fheicim an fear céanna istigh ar shlata an bhaile le mo ló aríst gheobhaidh sé fiach
Caithfidh mé a dhul isteach abhaile anois. Tá cluanaí istigh ar mo theallach agus tá sé le fiach agam fós. Mara ndéanaidh is liom go maidin é
2.
conách sealga.
+
Níor dhúisigh muid fiach ar bith inniu (girria, coinín agus rl.)
Tá toimín aitinn ar lom an chnocáin atá i lár an gharraí, agus níl aon-lá ariamh nar chuir mé fiach aisti
TUILLEADH (2) ▼
D'imigh an fiach uainn ar fad inniu = d'imigh ar dhúisigh muid de ghirriachaí etc. uainn
Sin é anois a bhfuil d'fhiach againn de bharr an lae = de chonách fhiadhaigh
+
Nuair a fháitear an chú ní fháitear an fiach = nuair a bhíos roint deise ag duine le rud a dhéanamh cuirtear as a bhuille é; dhá mbeadh an saol mór ag duine bíonn rud eicínt uireasach air i gcomhnaí
Cheannuigh sé an mótar sin le dhul ag saothrú leis, ach diabhal saothrú atá sé a fháil. Nuair a fháitear an chú 'ar ndú' ní fháitear an fiach
TUILLEADH (3) ▼
Rinne sé teach nua d'aon-uaim amháin l'aghaidh lóistéaraí agus fámairí a choinneál, ach nuair a fháitear an chú ní fháitear an fiach. Dheamhan fámaire ná "gaeilgeóir" ag taithiú sna bólaí seo anois.
Ní raibh ann ach go mbeadh suaimneas aige san teach feadh agus an dearthair a bheith díbrithe aige. Tá sé díbrithe anois, ach ní raibh an teach in a bhrachán ariamh mar a bhí sé le seachtain: é fhéin agus an mháthair in adhar an chochaill. 'Ar ndú nuair a fháitear an chú ní fháitear an fiach, adeir siad
Tá sé amuigh in a mháistir scoile le trí bliana, ach ní bhfuair sé aon-scoil fós. Nuair a fháitear an chú ní fháitear an fiach
+
Is doiligh (deacair) an fiach a chur as an tom nach mbíonn sé = is deacair olann a bhaint de ghabhair; it is hard to knock blood out of a turnip
Tá tú ag stríocadh liomsa ag iarraidh airgid orm ó mhaidin. Nachar dhúirt mé leat míle uair nach raibh sciúrtóg agam. Is doiligh an fiach a chur as an tom nach mbíonn sé
TUILLEADH (2) ▼
Cén chaoi a seasfainnse deoch agus gan a luach agam. Is doiligh an fiach a chur as an tom nach mbíonn sé
Diabhal buille maitheasa a dhéanfas sé siúd imbliana ná a bhfuil sé indon aon-bhuille a dhéanamh. Is doiligh an fiach a chur as an tom nach mbíonn sé
+
Tá an fiach dúisithe = tá an garraí críochnuithe; níl fágha san ngarraí ach "cúinne an ghirria" (deirtear seo i gcomhnaí nuair a bhíos garraí curtha ar fad nó a leithide. Níor chuala mé aon-údar leis)
Ar dhíbir tú an fiach as? … Tá an cúilín thiar gan cur fós! Dar príocaí, ní bheidh sib amuigh as i mbliana
TUILLEADH (5) ▼
Tá an fiach dúisithe agam i ngarraí Sh. Uí E. faoi dheire thiar thall, agus tá sé in am sin aige. Shíl mé nach mbeinn amuigh as inniu. Dhá mbeadh an garraí Láir siúd thuas curha agam anois, bheinn díreach leo (sin é a gcuirfinn d'fhataí)
Tá an fiach ruaighe agam. Dheamhan spealadóir a leigeadh in aon-mhóinéar ariamh a sháródh mé
Dúiseóidh sib an fiach san ngarraí sin inniu? Is ait na buannaithe sib. Sibse atá a leigean chuig an gcoirce. Bíonn coinnleach in ur ndiaidh trathnóna baile ó Dhia oraibh
Ní dhúiseoidh mé an fiach inniu … Beidh lá eile orm
Tá an fiach dúisithe agamsa, ach ní feasach mé cá gcuirfidh mé é, mar gcuire mé soir go dtí M. Mh. Bh. san tSraith (ainm garraí) é = ní raibh baol ar Mh. Mh. Bh. a bheith críochnuithe san tSraith
3.
an líon daoine agus mádraí agus eachra a bheadh amuigh ag seilg.
a.
+
Ní bhuailfeá amach ar an bhfiach inniu? = ag fiach, nó a dhul in éindigh le dream a bheadh ag fiach
Tá sé imithe ar an bhfiach
TUILLEADH (1) ▼
Ba cheart duit a dhul ar an bhfiach: "do ghunna ar do bhois, do ghadhar le do chois, agus do chapall breá donn do t'iompar"
b.
+
Níl againn ach fiach na haon-chon = níl againn ach duine amháin ag saothrú; duine amháin ag tarraint an tsean-phinsin (i dtithe eile bheadh beirt); tá muid idtuilleamaí duine amháin nó deise amháin nó slí amháin le maireachtáil
M'anam nach bhfuil fáth ar bith agadsa a bheith ag ceasacht. Tá triúr agaibh ag saothrú. Ach feacha mise nach bhfuil agam ach fiach na haonchon. É sin féin is gearr go mbristear é
TUILLEADH (2) ▼
Tá dhá bhó ag an C., ach muide, níl againn ach fiach na haonchon agus muid ag iarraidh a bheith ag cruinneál díol maistre in a dhiaidh sin = níl againn ach bainne bó amháin
Níl slí ó Dhia againn anois ach fiach na haonchon: na deich scilleacha pinsean sin atá an tsean-bhean a fháil. Ach is gearr le dhul é sin ar thriúr

Féach freisin

fia

Fiach in iontrálacha eile (50+)

 
Níorbh fhiú d'aonduine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé indiaidh a chéile chor ar bith
+
Tá'n teach mór sin le canndáil go goirid, ach deir siad nach dtóigfe aon-duine é, arae go bhfuil sé báidhte i bhfiacha.
TUILLEADH (1) ▼
Mara bhfuil sé indon a chuid fiacha 'íoc, cuirfidhear a chuid talmhana ar candáil.
 
beart
Is baramhail a' beart a d'fhiach (d'fhéach) sé a chuir 'na shuidhe, leis an uncail a dhíbirt as a' teach. Ní bhíodh iabh air chuil' oidhche, ach a' toirnéis, a's a' déanamh troimpléisc ar fud a' tighe, nuair a bíodh an t-uncail in a chodladh — ar dhóigh dhe, go raibh an teach sídheamhail! Ach (dh)ar ndó(igh), bhí fhios ag a' gceann eile go maith, céard a bhí dhá dhéanamh.
 
Marach narbh fhiú liom a dhul a' fiachadh ort a chimleacháin, mo choinsias ' dar m'anam, ní fhágfá ball na h-áite go dtugainn do chuid fola le n'ól duit.
 
bior
B'fhearr liom bior a chuir faoi mo shúil ná a dhul a' fiachadh ar na dílleachtaidhthe bochta sin.
 
bocht 1
Is mór a' peacadh a dhul a' fiachadh ar a' duine bocht.
 
breá
Má tá an oiread sin airgid aice, nach breagh nach n-íocann sí 'bhfuil d'fhiacha amuigh uirre!
 
agair
Nar agruighe Dia air a dhul a' fiacha ar a' gcréatúr bocht sin!
 
Dhá choipthe dhá raibh mé, bhí fhios agam go mbeadh sé in aithmhéala orm choidhchinn dhá dteighinn ag (dh)ul a' fiachadh ar an rud salach (bradach) = dhá oibrighthe (dhá chorruighthe, dhá fheargaighe etc) dhá raibh mé, thuig mé go mbeadh aithmhéala orm igcomhnuidhe dhá mbaininn leis an duinín gan mhaith. (ní chialluigheann salach brocamus annseo, ach donacht, easba téagair, nó laigeacht)
 
buail
Bhuailfinn é marach leisce a dhul a' fiachadh air.
 
buille
Deirimse buille sa mbéim leat! Tá sé ar a' leabhar ag a' bhfiach dubh, tá sin.
 
buinne 1
'Sé buinne na táise a fhiacha(nn)s (fhéachas) an caoladóir i gcomhnuidhe. Is deacair é 'thógáil.
+
amuigh
Tá go leor fiacha amuigh ag lucht siopaí anois, agus níl fhios agham cé'n chaoi a n-íoc(f)ár iad — níl fhios sin.
TUILLEADH (4) ▼
Caithfe mé rud a' bith is breagh leis a chaith(eamh) agham a ghlacadh, faoi go bhfuil fiacha amuigh orm ann.
Sin é an lá cáirde atá agam anois, le na fiacha atá amuigh orm a íoc.
Tá sí sin báithte i bhfiacha: tá rud amuigh ag 'chuile shiopadóir sa tír uirre.
Ní íocfa a bhfuil istigh a's amuigh aige, a chuid fiacha.
 
Is dona an fear é, mara bhfiacha (bhféacha) sé lena shása(mh) a bhaint amach.
+
Bhí an lá chomh te agus go raibh an fiach dubh 'cur a theanga amach = lá an-mheirbh ar fad a gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach.
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mbeadh sé chomh meirbh agus go gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach, ní chaithfeadh sé anuas an sean-rapur (an sean-chóta)
Ní thuitfeadh aon-deoir alluis leis a's bíodh an fiach dubh 'cur a theanga amach.
Ní thiocfadh sé taobh amuigh de dhorus, d'uireasbha a chóta a's bíodh an lá chomh meirbh a's go gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach.
Dhá mbeadh a theanga amuigh ag an bhfiach dubh, d'fheicfeá an cochall faoi'n muineál aige 'na dheidh sin.
+
anó
Fear anshógha anois é, go bhfiacha ('bhféacha) Dia air! = fear ocrais é.
TUILLEADH (1) ▼
Níorbh fhiú dhom a dhul a' fiacha air, agus a' t-anshógh atá air = níorbh fhiú dom mo láimh a thógáil aige, faoi rádh's éalang a bheith air.
 
ardú
Tá a chnaipe déanta, má bhuail árdú na Céadaoine é; tá sé ar a' leabhar ag a' bhfiach dubh, má tháinic árdú na Céadaoine air.
 
Má thagann siad anuas air anois, faoi na fiacha, fágfa siad in adhastar an anró ar fad é.
 
Tá muid caillte amuigh ar an gcriathrach siúd agus gan d'fhámhall againn ann ach bruach portaigh. Chaillfeadh sé na fiacha dubha, chaillfeadh sin
+
fiacha
Dhá mba fiacha dlisteanacha (glisteanacha) iad d'íocfainn iad
TUILLEADH (15) ▼
Ba mhinic leis a bheith "salach". Níorbh fhéidir fiacha a bhaint dó ariamh
Tá go leor fiacha amuigh aige (siopadóir, beainc agus rl.)
Mhaith sé na fiacha dhó in omós seachtain oibre
Tá fiacha air sin is chuile áit, agus ní féidir pínn ar bith a bhaint dó
Tá sé i bhfiacha
Tá muid i bhfiacha san siopa (le fear an tsiopa, do fhear an tsiopa)
Tá sé báite (foirgthe le) i bhfiacha = go leór fiacha air.
"Tóig a bhféadfaidh tú; íoc a bhféadfaidh tú: gheobhaidh tú féin nó fear na bhfiacha bás faoi dheireadh" = tóig a bhféadfaidh tú ar cáirde; gheobhaidh tú fhéin nó an fear a bhfuil an t-airgead ag dul dó bás san deireadh, agus beidh na fiacha maite annsin.
Tá fear na bhfiacha ag iarraidh a chuid féin = an cáirdiúnach; an té a bhfuil an t-airgead ag dul dó
"Teagann an lá cáirde agus ní mhaitear na fiacha" = bíonn an té atá salach i gcomhnaí ag súil go gcasfar luach na bhfiacha chuige nó mara gcastar, go maithfidh fear na bhfiacha dhó; is "hoping against hope" é; ní dhéanann sé fhéin ar ceart dhó le airgead na bhfiacha a sholáthar
Má tá cíos len íoc agaibh b'fhearr a íoc as láimh, th'éis a ghéireacht agus a theastuíos an t-airgead le haghaidh rudaí eile. Ach teagann an lá cáirde adeir siad agus ní mhaitear na fiacha
"Ní bhriseann deagh-ghlór fiacal, agus tugann an fear sleamhain fiacha leis"; "tugann an fear sleamhain fiacha leis" = an fear atá spleách, agus fios a labharha aige, agus é glic, ritheann na fiacha leis; ní chuirtear i dteannta é faoi fhiacha mar a chuirfí duine eile
Dhá mbeadh fiacha mar sin ar dhaoine eile, dheamhan an leigfeadh an náire dhóibh a gceann a chur in aon-áit. Ach dheamhan a dhath cáis air siúd. Bladaire maith é. Ó, deir siad é, go dtugann an fear sleamhain fiacha leis.
Ní saill gan fiacha é (fc. saill)
Nar fheice Dia piorfhiacha ná fiacha ar m'anam = go raibh m'anam saor slán ar an lá deireannach
+
Leig mé leis leisce a dhul ag fiachadh air = níor bhuail mé é, nó ní dhearna mé aon-cheo air, le truaighe dhó, nó le leisce a dhul ag cur rud as dó
TUILLEADH (4) ▼
Ní fiú dhuit a dhul ag fiachadh ar an dreólán sin. Tá sé marbh ó Dhia agus ón saol mar tá sé. Dhá dtugthá iarraidh dhó, ghiorróchthá leis
Ní fhéadfaidh mac Sh. Ph. a dhul ag fiachadh uirre siúd. Tá sí ro-óg. Dhá bhfanadh an rúisc mhór a bhí cheana ann, bhainfeadh sé a dhíocas aiste sin = fear a ndeachaidh droch-cháil amach dó faoi a bheith ag foghlú ar mhná
Mara raibh aige le dhul ag fiachadh air, ach an donáinín sin, is gann a chuaigh an saol air. M'anam muise má thugann an donáinín 'un cúirte é, gur daor a íocfas sé an buille sin. Tuilleadh diabhail agus deamhain aige! Ba bheag an scéal é, dhá n-íocadh féin
Fear gan aon-choinsias a gheobhadh ann fhéin a dhul ag fiachadh ar an mbaintrigh bhoicht sin, ach is mian leis an diabhal siúd a dhá láimh a fháscadh timpeall ar an saol. Is cuma leis é ach 'chuile shórt a chrapadh leis dhó fhéin. Ba mhinic len a mhuinntir an tréatúlacht a dhéanamh