→
                  
                    
                      fliuch 1
                    
                  
                
              
            Fliuchadh (13)
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
              
                
                    →
                    fliuch 1
                  
                  
                    Fliuchadh mé go craiceann tráthnóna
                    
                        TUILLEADH (9) ▼
                      
                    
                  
                    Tá an féar fliuchta aríst.  Má fhaigheann sé mórán amlú anois, beidh sé dreoite
                    Tá tú ag fliuchadh do léine le pislíní
                    Níl fliuchadh ar a croí.  Tá na beithígh ar fad imithe amach aici — níl deoir ar bith bhainne aici
                    "Dhá mhéad a cuid bua (bó), ní raibh fliuchadh ar a croí (de bhainne); Ach puisín go suaimhneach ag cumhdach an tí" As Na Ba Ciara agus Bána
                    Ní bhfuair mé fliuchadh mo bhéil ann — deoir ar bith óil
                    Níl fliuchadh do bhéil de phoitín ar thamhnachaí anois
                    Ní raibh fliuchadh do bhéil de chineál ar bith óil anseo faoi Nollaig.  B'annamh leis nach go barr bachall a bheadh sé
                    Níor chaith sé fliuchadh do bhéil d'uisce le leathráithe.  Tá chuile shórt spalptha
                    Fliuchadh chuile dhuine a chuid aráin in allas a mhalaí fhéin — caithfidh chuile dhuine obair a dhéanamh lena bheatha a shaothrú
                    Má tá muid cúng, níl muid doicheallach.  Sin é a bhí J. Ph. A. a rá an oíche ar pósadh é.  'Brúigí isteach a fhearaibh.  Má tá muid cúng, níl muid doicheallach.'  Bhí an teach sách cúng gan dabht, ach m'anam go raibh a dhóthain fairsingeachta ann freisin dhá mbeadh aon cheo le cur ann.  Fliuchadh a (ár) mbéil féin níor éirigh linn i gcaitheamh na hoíche.  Ó dheamhan an striog!
                    An téagar a thug sé dhuit sa ngloine, ní raibh agat a ghlacadh chor ar bith uaidh agus chomh beag agus a chuir sé thú.  Ní raibh fliuchadh do bhéil féin inti.  Níor dhéircí dhuit é