Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
iall

Iall bheo (16)

+
beo 1
Ní fhágfaidh mé iall bheo ionat — maróidh mé amach is amach thú; giorróidh mé leat; déanfaidh mé aon lá amháin díot; déanfaidh mé do chreach
TUILLEADH (12) ▼
Mura lige tú de do chuid gnaithí, ní fhágfaidh mé iall bheo ionat. Sin é an chaoi a mbeidh sé agat.
Má tharraingeann tú ort é siúd, dheamhan iall bheo a fhágfas sé ionat.
Siúd é an drochéadáil le caidéis ar bith a chur air. Dheamhan iall bheo a d'fhágfadh sé i nduine dhá dtugadh sé faoi chor ar bith.
Bhí sé ag gabháilt air nó nár fhága sé aon iall bheo ann.
Siúd é nach bhfágfadh aon iall bheo ionat dhá mbeadh an taghd cheart air. Is measa é na úll na haithne.
Bhí rún aige gan aon iall bheo a fhágáil i Seáinín murach an chaoi ar éirigh le M. T. G. é a tharrtháil air.
Níl aon iall bheo ionam leis an ocras — tá mé i gcruth an bháis leis an ocras
Is gearr nach mbeidh iall bheo ionam le neart ocrais.
Dheamhan iall bheo ionam ag an slaghdán. Tá mé tugtha ceart aige
Buaileadh an oiread air agus nár fágadh aon iall bheo ann. Shíl chuile dhuine nach dtiocfadh sé as, agus breá go dtáinig ina dhiaidh sin.
'Má fheicim amuigh aríst choíchin thú an tráth seo d'oíche,' adeir an t-athair léithe, 'ní fhágfaidh mé iall bheo ionat'. Brúisc cheart é siúd.
Má fhaigheann an máistir amach orainn é, ní fhágfaidh sé iall bheo ionainn. Ach ní bhfaighidh, mura n-insí aon duine de na gasúir bheaga dhó é.
 
buail
Beidh mé do do bhualadh chomhuain is a gheobhas mé teas in do chraiceann; beidh mé do do bhualadh go gcuire mé snaidhm na bpéist ort; beidh mé do do bhualadh nó nach bhfágfaidh mé iall bheo ionat srl.
+
iall
Ní fhágfaidh mé iall bheo ionat — déanfaidh mé do lá; déanfaidh mé aon lá amháin díot; maróidh mé amach is amach thú
TUILLEADH (1) ▼
Níl iall bheo ionam ag an obair — tá mé marbh ag obair; níl ann ach go bhfuil an t-anam ar éigean ionam le teann oibre