Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

In aice láithreach (12)

+
aice 2
Ní raibh gabha ar bith in aice láithreach a chuirfeadh cruidhe suas dhom.
TUILLEADH (9) ▼
An mbeidh damh(n)sa ar bith in aice láithreach anocht?
Níl fear ar bith in aice láithreach anseo a bheadh sách stuama le dhul ina éadan sin.
Bhí an toirneach in aice láithreach aréir.
Chuala mé an ruagán (.i. plump toirní, urchar, nó torann nimhe neanta ar bith) in aice láithreach.
Is uaigneach an áit é. Níl teach ar bith in aice láithreach ann.
Níl aon uisce a bheadh feilteach a ól in aice láithreach.
Fan in aice láithreach anois, mar b'fhéidir go mbeifeá ag teastáil.
D'fhan mé ag fálróid in aice láithreach i gcaitheamh uair an chloig, ach dheamhan mac na sceiche a tháinig.
Tá táilliúr in aice láithreach anseo thiar i S. Tá sé ionann is ar ghort an bhaile againn, ach ní fhaigheann sé mórán tráicht uainne.
 
dealbh 1
Má fheiceann sé mo dhealbhsa ar a shráid, rachaidh mé faoi dhuit nach gcodlóidh sé an-tsuaimhneach anocht. Tá a fhios aige go bhfuil seanriaráistí le n-íoc agam leis (tá faltanas istigh agamsa dó de bharr rudaí a rinne seisean orm cheana), agus go n-íocfar iad dá dtéidís míle bliain. Ar ndóigh níl feithideach ar bith is faití ná é, ach nuair a airíos sé cúlturraic aige féin in aice láithreach
 
déan 1
Déarfainn go bhfuil madadh eicínt in aice láithreach faoi adhall an chaoi a bhfuil Toby s'againne ag déanamh a shlaite le cupla lá