aibéis
1.
dóigh mhagaidh; ábhailleacht; thú a chur as do bhuille nó mínós a dhéanamh ort. 'Sí an chiall dheiridh sin is iondúla leis i gCois Fharraige.
+–
Rinne sé aibéis dhíom — chuir sé thar bharr mo chéille mé le ealaín, ábhailleacht nó mínós.
Déanfaidh an ruifíneach sin aibéis dhíot mura gcuire tú dhíot in éineacht é.
TUILLEADH (5) ▼
Tá aibéis déanta aige d'fhear an phosta ag rith roimhe chuile lá.
Chuirfeadh sé sin crígh Mhuire thrína chéile ag déanamh aibéise de dhaoine
Ná tabhair a chead dó aibéis a dhéanamh dhíot nó tuige nach bhfuil rath ar bith leat féin.
Déanfaidh sí aibéis den bhaile má mhaireann di ar an gceird sin.
Fhóbair an capall aibéis a dhéanamh dhíom tráthnóna — nuair a bheadh sí docheansaithe nó cuthach imeachta uirthi agus thú ag líonadh ualaigh uirthi nó a macasamhail
+–
Tá mé in m'aibéis críochnaithe ag gabhair na Críche Duibhe, atá ag dul i mbradaíl orm i mbarr an bhaile.
Ní raibh mé i m'aibéis ariamh go dtí anois — nuair a bheadh duine sáinnithe nó gan fios rúin nó soiscéalaí céard a bheadh aige a dhéanamh agus é i dteannta.
TUILLEADH (3) ▼
I m'aibéis atá mé chuile lá dá n-éiríonn orm ag na caoirigh céanna, fé brí cén súnás (saobhnós) atá orthub tharas caoirigh ar bith sa tír.
Sin é an uair a bheas na daoine ina n-aibéis, má bhactar iad a dhul an t-aicearra sin.
Tabhair aibéis orm mura mbí mé in ann freastal don chladach
2.
duine ciotach slíbearáilte.
·
'Sé an aibéis de dhuine é — duine gan aon chuma gléis agus é an-mhíphointeáilte