Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

airím (50+)

 
Ná cuir an glas ar an doras sin faitíos na fálach. Fanfaidh mé scaithín anseo ar an teallach, agus má airím aon ghéim ón mbodóig sin, gabhfaidh mé amach aríst. Ní foláir do bhó ar a céad lao airdeall maith
+
ceal 1
Ní airím pian ná tinneas. 'Sé a bhfuil orm, cheal gan aon mhisneach a bheith agam corraí isteach ná amach.
TUILLEADH (1) ▼
Má airím aon cheal orm fhéin, cuirfidh mé scéal chugat agus déanfaidh tú tarrtháil.
 
cliar
Airím mar a bheadh ualach i mbéal mo chléibh i gcónaí, agus dheamhan a bhfuil an chliar ag scaradh liom chor ar bith.
 
Ní bheadh aon ghé chuideáin in éindí le na géabha s'agaibhse. Airím imithe le seachtain í, agus níl a fhios agam ó ardbhonnaíochaí an chat mara cá ndeachaigh sí, murab é an sionnach a tharlódh leis í.
 
bannaí 2
Deirimse tuíodóir leat! Dheamhan a fhios aige le bannaí a chur ar scolb, ní airím a mhalrait.
 
Níl bealach an asail fhéin ann, ní airím bealach cairr
 
Airím an-screadach ag acastóir an chairr. Is géar a theastódh bealadh uaidh.
 
Airím bealaíocht bheag fheola ann inniu.
 
Airím mo mhuineál chomh ceanglaithe lena bhfaca tú ariamh, agus cinneann orm thar corrchrochaille a chur aníos ina dhiaidh sin.
+
beo 1
Tá an tuí seo beo le cruimhe. Airím ag snámh orm péin iad.
TUILLEADH (2) ▼
Airím éasc beo ag giolcáil in mo cheathrú.
Airím drithlíní eicínt i mo chorróig, muran éasc beo a bheadh ann, ach feictear dhom nach ea.
+
beo 2
Airím ag corraí istigh i mbeo na hiongan é. Diabhal bréag muise, nach é atá tinn.
TUILLEADH (1) ▼
Airím driogannaí istigh i mbeo m'iongan ó shin.
 
bior
Níor fhan bior eanga orm le gairid agus ní airím tada ag gabháil dom — níor fhan scioltar orm le gairid, agus ainneoin sin; ní feasach dom céard atá orm.
 
Airím breoite inniu, pé ar bith céard atá orm
 
bruach
Airím bruach mo bhéil tinn.
 
buinne 1
Tá an braon ag dul isteach idir an dá bhonn. Airím an fhraighfhliuchas ar mo chois. Ach ní bheidh mé mar sin feadh is mé a dhul go dtí an baile mór. Gheobhaidh mé gréasaí eicínt a chuirfeas buinne leathair inti dhom.
+
airigh
Airím fuar é — mothaím fuar é; tá fuacht orm.
TUILLEADH (23) ▼
Muran orm fhéin atá sé, airím fuar é
Caithfidh sé go bhfuil sé ag cur sheaca as ucht, mar airím an-fhuar é.
Níl a fhios agam beirthe tuige a n-airím chomh fuar é, muran fraighfhliuchas atá san éadach leabthan.
Airím an fuacht céatach. De dhroim sneachta atá an ghaoth aduaidh sin ag éirí in áit eicínt.
Airím fuaraíocht eicínt air (ar an aimsir) inniu, muran tuairt shneachta a chaithfeas sé.
Airím an farra sin do mo tholladh — airím goimh na gaoithe sin ag dul thríom.
Airím maidí seaca le mo dhroim. Tá sé ag sioc thar cionn.
Airím meirbh é.
Ní airím go bhfuil an aimsir bhreá chor ar bith ann lena bhfuair mé d'fhuacht ar bhóthar Bhoth Loiscthe an t-earrach seo (chuaigh) bhart (thart)
Pé ar bith cén mhaith a airím orm fhéin, ní airím donacht ar bith, míle buíochas le Dia.
Airím ualach i mbéal mo chléibh.
Airím éasc beo ag léimneach in mo chois (fc. éasc)
Airím an bhróig seo do mo phianadh
Airím tairne ag dul in mo chois.
Airím ré roithleagán in mo chloigeann.
Airím maith mhór orm fhéin le cupla lá, murab é buidéal an dochtúra a rinne dhom é.
Ní mó ná go n-airím go maith fós — is ar éigean atá biseach chugam fós.
Airím mé fhéin ag tabhairt uaim go mór; airím mé féin do mo ghoid as — mothaím mé fhéin ag imeacht as
Airím mé fhéin chomh séidte sin agus go bhfuil mé i gcruth pléasctha (séidte — ata le donacht; freisin, gan puth de t'anáil a bheith agat)
Airím lagar do mo bhualadh chuile uair dhá ndéanaim geábh ar bith siúil
Airím an talamh ag creathadh fúm.
Airím Nóirín ó chuaigh sí go Sasana — ba mhór an leas dom a cúnamh nuair a bhí sí agam.
Goilleann sé orm i gcónaí, ach ní airím anois baol air chomh mór leis an gcéad am.
 
amach
Airím an mhí seo an-fhada ag dhul amach
 
Airím pian in airdín mo chúil, ach tháinig mé as (.i. as an tromásc, nó an troid, nó an timpiste) saor go leor.
 
fiuch
Airím ag fiuchadh in mo bholg é
 
Airím mífhollántas eicínt orm fhéin le gairid
 
Airím rud eicínt ag corraí idir feoil agus leathar ionam (éasc beo go hiondúil) — dri[...] ar bith idir an fuarchraiceann (forchraiceann) agus an fheoil i nduine
 
fabht
Sa rúitín atá an fabht. Airím mar a bheadh meach ag tabhairt gath dhom istigh ann
 
Airím daitheachaí (fiacal) aríst le cupla lá