airde
—go hiondúil i ndiaidh in
1.
airde, thuas, in uachtar.
a.
+–
Bhí a chosa in airde aige — crochta suas nó sínte san aer
Tá sé thuas in airde — in uachtar, thuas sa staighre
TUILLEADH (11) ▼
Bhí sé caite in airde ar an mboimbéal — caite suas
Tá sé thuas in airde ar an simléar.
Tá sé in airde ar an teach ag tuíodóireacht.
Gabh suas in airde staighre go bhfeice tú a bhfaightheá beargún liom.
Téirigh in airde ar an lota go bhfeicfeá a bhfaightheá fearsaid an tuirne ann.
Tá sé in airde ar an gcruaich
Is fada in airde a chuaigh tú.
Croch suas in airde ar an gcnagadán na stocaí sin (fc. cnagadán)
Féacha a bhfuil thuas in airde ar bharr an drisiúir.
Chuaigh sé in airde ar an gcapall — ar marcaíocht; i gcois dá leith
Suas leis in airde ar an gcruaich (ar an rothar srl.)
b.
+–
Tá sé in am an obair sin a chaitheamh in airde feasta — a chaitheamh in aer; de leithrigh; éirí aisti.
Tá an damh(n)sa caite in airde anois ó tháinig an dlí nua seo amach.
TUILLEADH (14) ▼
Is fada an lá na cleiseannaí caite in airde.
Tá sé in am an chuartaíocht a chaitheamh in airde feasta agus an tráth de bhliain atá ann.
Bhí sé thar am an cheird chéanna a chaitheamh in airde.
Chaith sé an t-ól in airde ar fad — d'éirigh sé as
Caitheadh an t-ól in airde ag sochraideachaí anseo tá cupla bliain ó shin.
Chaith sé an sipín in airde agus tá sé ar a shláinte anois — tá sé ag saothrú anois arae d'éirigh sé as an siopa ar fad.
Caitheadh na bréaga in airde ó shin. Fuair siad a gcomhairleachan an uair sin.
Caithfidh tú an bhóithreoireacht a chaitheamh in airde más leat aire a thabhairt do do ghnaithe.
Ní mór dhuit an mhochóireacht a chaitheamh in airde má tá suim ar bith in do shláinte agat.
Is fadó an lá a chuir mé comhairle air an báire a chaitheamh in airde ach ba bheag an mhaith dhom é, b'fhéidir go gcomhairleodh an iarraidh sin anois é.
Tá sé in am agat do chuid púicín a chaitheamh in airde — do mhac samhail de bhuachaill óg.
Tá an ealaín caite in airde aige le scaitheamh.
Caith do chuid aeraíola in airde agus tabhair aire do do ghnaithe.
Tá air (aige) an t-ól a chaitheamh in airde anois agus é ag bualadh faoin saol (ag pósadh)
c.
+–
Tá an capall sna cosa in airde — ag rith (galloping)
Chuaigh sé síos an bóithrín sna cosa in airde.
TUILLEADH (6) ▼
Bhain sí amach sna cosa in airde — ní móide go raibh aici ach sodar roimhe sin
Chuaigh sé soir sna glanchosa in airde — ag rith go maith sna cosa in airde.
Cuir sna cosa in airde í; bain amach sna cosa in airde í.
Ba mhaith liom a fheiceáil cén t-imeacht atá fúithi sna cosa in airde.
D'imigh léithe de ghlanchosa in airde.
Bhí cosa in airde faoi; bhí sé ag rith sna cosa in airde.
d.
+–
Tá an teach ina bhéal in airde — bun os toll; chuile shórt caite abhus is tall; nó fágtha osclaithe agus gan aon duine ina chionn
Ná fág an teach béal in airde mar sin feasta.
TUILLEADH (10) ▼
Nuair a tháinig mé abhaile, bhí chuile shórt béal in airde ag na páistí.
Ba chóra dhaoibh na bearnaíochaí a ardú agus gan an áit a fhágáil uileag béal in airde mar a d'fhága sibh é.
Níl luach leithphínne faoi chaolach an tí seo nach bhfuil béal in airde má éirímse amach chor ar bith.
Tá a chuid féir uileag ina bhéal in airde — tá cead ag beithígh a dhul isteach ann agus é a scaipeadh agus taltú air srl
Seachain a bhfágfaidh tada anseo béal in airde ag imeacht duit — fainic nach gcuirfeá chuile shórt ina áit fhéin
Ní caoi ar bith é sin — teach a fhágáil béal in airde ag an tír.
Corrbhean a d'fhágfadh a teach béal in airde mar sin agus gan fhios aici cé a thiocfadh isteach agus í imithe.
Ná caith an muigín sin béal in airde anois — ná leag é
D'fhága sé a bhicycle ina bhéal in airde taobh amuigh agus a fhusacht dhá rogha duine é a ardú leis — d'fhága sé go sleamchúiseach taobh amuigh é agus d'fhéadfadh duine ar bith é thabhairt leis go réidh
Bhí an scioból ina bhéal in airde ar maidin agus an buta coirce scuabtha.
e.
thar in airde: béal in airde (Achréidh).
·
Tá an teach ina thar in airde agaibh.
2.
a.
éirí in airde: siamsa, damhsa, raic, cuideachta, páistí ag déanamh grinn.
+–
Lig de do chuid éirí in airde anois nó tabharfaidh mise luach do chuid éirí in airde dhuit, feicfidh tú fhéin.
Cén sórt éirí in airde sin oraibh
TUILLEADH (21) ▼
Ní chloisfeá méir i gcluais ag gasúir ag éirí in airde
Tá an teach ina rachlas chuile oíche sa mbliain ag daoine ag éirí in airde ann.
Nach ort atá an bheith go gcaithfidh tú a bheith ag éirí in airde i gcónaí.
Is diabhaltaí an fhonn éirí in airde atá ort i gcónaí.
Ghortaigh sé a chois le éirí in airde.
Cuirfidh mise ó éirí in airde thú feadh is mé slat a fháil.
Ní stopfadh an saol ó éirí in airde agus ó ábhailleacht é.
Mura lige tú de do chuid éirí in airde beidh scéal agat air.
'Sí an éirí in airde, agus an imeacht, a thug slaghdán dó.
Tá an méid sin agat anois de bharr do chuid éirí in airde.
Má tá fonn éirí in airde oraibh, caithfidh sibh a dhul in áit eicínt eile tharas an teach seo lena dhéanamh.
Is diabhlaí an lán éirí in airde a dhéananns tú chuile Dhomhnach.
'Sí an éirí in airde chéanna í Domhnach is dálach chomh maith le chéile aige sin.
Nach é atá tugtha don éirí in airde i gcónaí.
Níl suaimhneas ar bith le fáil in aice páistí. Bíonn siad i gcónaí ag éirí in airde.
Nach sibh atá thart anois gan éirí in airde.
Ní bhfaighidh sibh aon chead éirí in airde anseo. Téigí amach faoi na cnocáin más breá libh é.
Ná feicimse ar an éirí in airde sin níos mó thú, má tá do leas ar Dhia.
Reicfidís istigh sa teach thú le neart éirí in airde.
Aeraíl agus éirí in airde atá dhá mharú — níl tada eile ag cur síos leis ach sin
Is mairg dhuit nach gcaitheann in aer do chuid éirí in airde agus a dhul amach in éadan do ghnaithe.
b.
leithead, bród. Is rí-annamh an chiall leithead ná bród leis sa ruta seo.
·
Tá éirí in airde orthub anois ó d'éirigh an t-uachta leob — leithead, bród
Bhí an t-éirí in airde sin ina muintir ariamh — leithead, bród
Féach freisin
→
aird 2
airde in iontrálacha eile (50+)
Siopa follasach atá aige. Tá sé i lár na sráide agus airde agus méid aige ar a bhfuil de shiopaí eile sa tsráid. Feicfidh tú an t-éadach ar an bhfuinneoig
→
fág gan
Shílfeá gur mór an díth céille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos ansin thíos aige ar chóngar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
→
fáinne
Chuaigh inín an rí suas go dtí an fhuinneoig ab airde sa gcaisleán agus d'fhéach sí i bhfáinne na feiceála agus chonaic sí an Gruagach ag teacht agus naoi n-iomairí agus naoi n-eitrí aige i ngach coisméig, agus chúig ghleann i ngach truslóig
Dhá ndéantaí an scéal a cheartú agus a chur i ngéill (i gcéill?) dó, chaithfeadh sé airde a thabhairt air.
Is olc an chinnireacht a fuair an créatúr. Fágadh ina dhílleachta an-óg é, agus dheamhan mórán airde a thug muintir na seanmháthar air, rud nach milleán orthub agus an cluiche a bhí acub fhéin ann.
→
cinnire
Ar ndóigh, mura dtuga tú aon airde ar chinnire an phobail, tá sé mór againne a dhul i gcleithiúnas aon chomhairle a chur ort
Bíonn an dream sin siar ag saighdeoireacht nó ag coinnleoireacht chuile oíche anois ó buaileadh síos ceann na maor. Dheamhan mórán airde ag na maortha eile orthub, ní nach ionadh, ó tharla nach bhfuil tada dhá gcaillteamas fhéin leis.
→
cosacán
An bhfuil a fhios céard atá le déanamh leis an asal sin, cosacáin a chur air, agus a smut a bhualadh ar a chois tosaigh ina aice sin. Mura múine sin é, caith le gunna é. Níl aon gharraí ar an mbaile nach bhfuil ina bhéal in airde aige.
→
bannaí 1
Níl airde ar bith le fáil ag bannaí béil sa dlí mura mbí aon scríbhinn ná aon fhianaisí ann.
+
→
bealach
Tabhair airde ar sin agus cuirfidh sé ar bhealach do leasa thú! — bealach a bhasctha atá i gceist
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an airde a bhéarfas sé sin ar aon duine atá ar mhaithe leis ná a chuirfeadh ar bhealach a leasa é.
→
coiric
Bhuailfeadh sé a chloigeann ar choiricín an tséipéil sin thoir. Ní fhaca tú aon duine go hiomaí is airde ná é.
→
crinn
Gheobhaidh sí cnáimh le crinneadh passáil agus a laghad airde agus a thug sí ar a cuid leabhar ó tháinig an bhliain.
+
→
cuach
Ba mhaith uaithi sin daoine a chuachadh suas roimhe seo le laethanta oibre a thabhairt di, ach dheamhan mórán airde ag aon duine anois uirthi. Fuair chuile dhuine amach cé hí fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Má thug sé mórán airde uirthi siúd, chuach sí suas é ar ais aríst. Dhá mbeadh aon splanc fir ann, ní thaobhódh sé í níos mó
+
→
beo 2
Ní hé a bheo ná a mharbh atá ag cur imní ar siúd ach ól agus éirí in airde.
TUILLEADH (3) ▼
A Thiarna, nach diabhlaí beag an tsuim atá ina bheo ná ina mharbh ag an ngasúr sin, a dhul ag marcaíocht ar an mbromach agus gan fhios aige nach tosaí ar gabháil dá tóin in airde a dhéanfadh sí agus é a chaitheamh anuas.
Dheamhan a raibh de shiocair ariamh aige ach bun eicínt a dhul i mbeo na hiongan — sa laidhricín — agus shéid sí suas go raibh sí an airde sin, slán an tsamhail. B'éigean do na dochtúirí í a bhaint dhe, arae dúirt siad go dtiocfadh an drochábhar suas thríd an láimh fré chéile.
Chaithfeadh sé gur theangmhaigh mé le beo na coise nó ní thosódh sé ag gabháil dá tóin in airde mar sin.
+
→
bioraím
Tá sé thar am na claíochaí sin thuas a bhiorú feasta agus gan iad a bheith ina mbéal in airde ag an tír. Sách fada atá cead scoir ag caoirigh chuile dhuine ar a (ár) gcuid ó tháinig an bhliain.
TUILLEADH (1) ▼
Bhioraigh mé na claíochaí sin tá mí ó shin, ach is aon mhaith amháin dhom é. Tá siad béal in airde aríst.
+
→
bior
Ní fhaca mé aon teach béal in airde ariamh go dtí é. Níl an bior próiste fhéin le fáil ann nuair a theastós sé ó dhuine.
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá gur bior próiste é; an-airde ann agus gan scioltar air.
→
bollaire
Ní thabharfainn lá airde ar an mbollaire sin pé ar bith céard adéarfadh sé. Faisean é sin atá aige, go gcaithfidh sé a bheith in éadan duine eicínt.
Má thugann tú airde ar a chuid bolmántachta sin, ag troid agus ag bruíon a bheas tú chuile oíche Dhomhnaigh sa mbliain.
→
breá
Breá nár bhioraigh tú an bhearna sin thiar. Nach mbeidh sí ina béal in airde aríst faoi cheann cupla lá?
→
brogús
Ní dhéanaim fhéin níos airde ná beannú dhó, mar ní bheadh a fhios agat céard adéarfá leis an mbrogús.
+
Tá sé ina bhrísteachán le airde.
TUILLEADH (1) ▼
Tá a dhá dhíol airde ann cheana. Nach bhfuil sé ina bhrísteachán!
+
→
aer
Is airde san aer é ceann an teampaill mhóir adeir siad, ná barr loch Coirib.
TUILLEADH (3) ▼
Tá tithe i Meiriceá agus is áibhéil go deo an airde san aer atá siad.
Tá sé an-airde san aer, ach níl tiús na téagar ar bith ann — fear ard
Téann urchar gunna an-airde san aer.
→
aermáil
Aermáil agus éirí in airde a chuirfeas de dhroim tí é mura dtuga sé aire thar cionn dó féin.
→
buail ar
Is deas uaidh sin bleid a bhualadh ar dhuine má fhaigheann sé an té a thabharfas airde air — de ghrá iarratais nó de ghrá scéalta a bhuaileas sé bleid ar dhaoine
→
buail
Má tá fonn éirí in airde dhá (dá bhur) mbualadh anois, scuabfaidh sibh as seo agus deifir oraibh.
→
buille
Sé troithe airde an phóilí, ach tá siad ag glacadh daoine atá buille faoi anois má bhíonn siad feiliúnach ar chuile chaoi eile.
+
→
bunastán
Bunastáinín gan airde ar bith é, ach tá sé an-suite agus thiocfadh dó bheith láidir.
TUILLEADH (1) ▼
Tá a dhíol airde inti. Céard atá ann fhéin ach bunastán?
→
ágóid
Ná tabhair airde ar an ágóid, coinnigh féin an drár ort (sliocht as amhrán A Sheáin a Mhic Mo Chomharsan)
+
→
aird 2
Ná tabhair aon airde air sin — ná géill dó; sa méid adéarfaidh sé, nó in aon chomhairle dhá gcuirfidh sé ort; ná cuir aon tsuim ann.
TUILLEADH (5) ▼
Dheamhan a dhath airde a thug mise air.
Baol air siúd aon airde a thabhairt ar aon duine ach ropadh leis an gceird sin, chomhuain is a bheas aon phínn aige.
Níor tugadh aon airde orm thairis sin — níor tugadh mórán airde orm
Má thugann tusa airde ar bhréaga agus ar chumadóireacht, cuirfidh siad thar bharr do chéille thú.
Tugann tú an iomarca airde uileag ar chomhráití daoine nach bhfuil ar mhaithe leat.