Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Áirde
go h-iondamhail indiaidh "in"
1.
aoirde, thuas, in uachtar.
a.
+
Bhí a chosa in áirde aige = crochta suas nó sínte 'san aer.
Tá sé thuas in áirde = in uachtar, thuas sa staighre.
TUILLEADH (11) ▼
Bhí sé caithte in áirde ar a' mboimbéal = caithte suas.
Tá sé thuas in áirde ar a' simléar.
Tá sé in áirde ar a' teach a' tuighdeoireacht.
Gabh suas in áirde staighre go bhfeice tú 'bhfuightheá beargún liom.
Teirigh in áirde ar a' lota, 'bhfeicfeá 'bhfuightheá fearsad a' túirne ann.
Tá sé in áirde ar a' gcruaich
Is fada in áirde a chuaidh tú.
Croch suas in áirde ar a' gcragadán na stocaí sin (féach cragadán)
Féacha 'bhfuil thuas in áirde ar bharr a' drisiúir.
Chuaidh sé in áirde ar a' gcapall = ar marcuigheacht; i gcois dá leith
Suas leis in áirde ar a' gcruaich (ar a' rothar etc).
b.
+
Tá sé in am an obair sin a chaith(eamh) in áirde feasta = a chaitheamh in aer; de leithrigh; eirghe aisti.
Tá'n damh(n)sa caithte in áirde anois, ó tháinic a' dlighe nuadh seo amach.
TUILLEADH (14) ▼
Is fada an lá na cleiseannaí caithte in áirde.
Tá sé in am an chuartaidheacht a chaith(eamh) in áirde feasta, a's an tráth de bhliadhain atá ann.
Bhí sé thar am an cheird chéadna a chaith(eamh) in áirde.
Chaith sé an t-ól in áirde ar fad = d'eirigh sé as.
Caitheadh a' t-ól in áirde ag sochraideachaí annseo, tá cupla bliadhain ó shoin.
Chaith sé an sipín in áirde, a's tá sé ar a shláinte anois = tá sé saothrú anois arae d'eirigh sé as a' siopa, ar fad.
Caitheadh na bréaga in áirde ó shoin. Fuair siad a gcomhairleachan an uair sin.
Caithfe tú an bhóithreoireacht a chaith(eamh) in áirde, má's leat aire 'thabhairt do do ghna(ithe).
Ní mór dhuit an mhochóireacht a chaith(eamh) in áirde, má tá suim a' bith in do shlainte agad.
Is fadó an lá a chuir mé comhairle air, an báire a chaith(eamh) in áirde, ach ba bheag a' mhaith dhom é, b'fhéidir go gcomhairleochadh an iarraidh sin anois é.
Tá sé in am agad do chuid púicín a chaith(eamh) in áirde — do mhac samhail de bhuachaill óg.
Tá'n ealadhain caithte in áirde aige le scathamh.
Caith do chuid aerighle in áirde, agus tabhair aire de do ghna(ithe).
Tá air (aige), an t-ól a chaith(eamh) in áirde anois, agus é 'bualadh faoi'n saoghal (a' pósadh).
c.
+
Tá an capall 'sna cosa in áirde = ag rith ("galloping")
Chuaidh sé síos a' bóithrín 'sna cosa in áirde.
TUILLEADH (6) ▼
Bhain sí amach 'sna cosa in áirde = ní móide go raibh aice ach sodar roimhe sin.
Chuaidh sé soir 'sna glan-chosa in áirde = a' rith go maith 'sna cosa in áirde.
Cuir 'sna cosa in áirde í; bain amach 'sna cosa in áirde í.
Ba mhaith liom 'fheiceál, cé'n t-imtheacht atá fúithe 'sna cosa in áirde.
D'imthigh léithe de ghlan-chosa in áirde.
Bhí cosa in áirde faoi; bhí sé a' rith 'sna cosa in áirde.
d.
+
Tá'n teach ina bhéal in áirde = bun as toll; 'chuile shórt caithte abhfus a's tall; nó fágtha oscluighthe, a's gan aon-duine in a chíonn.
Ná fág a' teach béal in áirde mar sin feasta.
TUILLEADH (10) ▼
Nuair a tháinic mé abhaile, bhí 'chuile shórt béal in áirde ag na páistí.
Ba chóra dhaoib na beárnaidheachaí 'árdú, a's gan an áit fhágáil uiliog béal in áirde mar d'fhága sib é.
Níl luach leithphighne faoi chaolach a' tighe seo, nach bhfuil béal in áirde má eirighimse amach 'chor a' bith.
Tá a chuid féir uiliog in a bhéal in áirde = tá cead ag beithidhigh a dhul isteach ann, a's é 'scaipeadh; a's taltú air etc.
Seachain a' bhfágfa tada annseo béal in áirde ag imtheacht duit = fainic nach gcuirfeá 'chuile shórt in 'áit fhéin.
Ní caoi a' bith é sin — teach a fhágáil béal in áirde ag a' tír.
Corr-bhean a d'fhágfadh a teach béal in áirde mar sin, a's gan fhios aice, cé thiocfadh isteach a's í imthighthe.
Ná caith an muigín sin béal in áirde anois = ná leag é.
D'fhága sé a 'bhicycle' ina bhéal in áirde taobh amuigh, a's a fhusacht dhá rogha duine é 'árdú leis = d'fhága sé go sleamchúiseach taobh amuigh é, agus d'fhéadfadh duine 'bith é thabhairt leis go réidh.
Bhí an scioból in a bhéal in áirde ar maidin, a's an buta coirce scuabtha.
e.
Tharr in áirde = béal in áirde (Achréidh).
·
Tá'n teach in a tharr in áirde agaibh.
2.
a.
"Eirghe in áirde" = siamsa, damhsa, raic, cuideachta, páistí a' déanamh grínn.
+
Leig de do chuid eirghe in áirde anois, nó tiubhra mise luach do chuid eirghe in áirde dhuit feicfe tú fhéin.
Cé'n sórt eirghe in áirde sin orraí(b)
TUILLEADH (21) ▼
Ní chloisfeá méir i gcluais ag gasúir ag eirghe in áirde
Tá an teach in a rachlas, chuile oidhche sa mbliadhain, ag daoine ag eirigh in áirde ann.
Nach ort atá an bheith, go gcaithfe tú 'bheith ag eirghe in áirde i gcomhnuidhe.
Is diabhaltaidhe an fhonn eirghe in áirde atá ort i gcomhnuidhe.
Ghortuigh sé a chois le eirghe in áirde.
Cuirfe mise ó eirghe in áirde thú, feadh's mé slat a fhaghail.
Ní stopfadh an saoghal ó eirghe in áirde, a's ó ámhuilleacht é.
Mara leige tú de do chuid eirghe in áirde, beidh scéal agad air.
'Sí an eirghe in áirde, a's an imtheacht a thug slaghdán dó.
Tá'n méid sin agad anois de bharr do chuid eirghe in áirde.
Má tá fonn eirghe in áirde oraí(bh), caithfe sib a dhul in áit eicínt eile, fharrus a' teach seo le na dhéanamh.
Is diabhlaidhe an lán eirghe in áirde 'dhéana(nn)s tú 'chuile Dhomhnach.
Sí'n eirghe in áirde chéadna í Domhnach a's dálach chomh maith le chéile aige sin.
Nach hé 'tá tugtha do'n eirghe in áirde i gcomhnuidhe.
Níl suaimhneas a' bith le faghail in aice páistí. Bíonn siad i gcomhnuidhe ag eirghe in áirde.
Nach sib atá thart anois, gan eirghe in áirde.
Ní bhfuighe sib aon-chead eirghe in áirde annseo. Teigidh amach faoi na cnocáin má's breagh lib é.
Ná feicimse ar an eirghe in áirde sin níos mó thú, má tá do leas ar dhia.
Reicfidís istigh sa teach thú, le neart eirghe in áirde.
Aerighil a's eirghe in áirde atá ghá mharbhú = níl tada eile 'cur síos leis ach sin.
Is mairg dhuit nach gcaitheann in aer do chuid eirghe in áirde, agus a dhul amach in éadan do ghnaithe.
b.
leithead, bród (is rí-annamh an chiall, leithead ná bród leis sa ruta seo).
·
Tá eirigh in áirde orra(b) anois, ó d'eirigh an t-udhachta leo(b) = leithead, bród.
Bhí an t-eirigh in áirde sin ina muinntir ariamh = leithead, bród.

Féach freisin

Áirde in iontrálacha eile (50+)

 
Dhá ndéantaí an scéal a cheartú a's a chur ingéill (igcéill?) dó, chaithfeadh sé áirde 'thabhairt air.
 
(D)ar ndóigh, mara dtuga tú aon-áirde ar chinnire an phobuil, tá sé mór againne a dhul i gcleitheamhnas aon-chomhairle a chuir ort.
 
Bíonn a' dream sin siar a' saigheadóireacht nó a' coinnleoireacht chuile oidhche anois ó buaileadh síos ceann na maor. Dheamhan mórán áirde ag na maora eile orra(b), nidh nach iongnadh, ó thárla nach bhfuil tada dhá gcaillteamas fhéin leis.
 
'Bhfuil fhios céard tá le déanamh leis an asal sin, cosacáin a chuir air, a's a smut a bhualadh ar a chois tosaigh, in aice sin. Mara múine sin é, caith le gunna é. Níl aon-gharrdha ar a' mbaile nach bhfuil ina bhéal in áirde aige.
 
Leig de do chuid cóipís' anois, arae níl aonduine a' tabhairt áirde ort.
 
bannaí 1
Níl áirde 'bith le faghail ag bannaí béil sa dlighe, mara mbí aon-scríobhainn ná aon-fhiadhnuisí ann.
 
Is beag an áirde a bhéarfas sé sin, ar aon-duine atá ar mhaith leis, ná a chuirfeadh ar bhealach a leasa é.
 
crinn
Gheobha sí cnáimh le crinneadh 'passáil', a's a laghad áirde a's a thug sí ar a cuid leabhar ó tháinic a' bhliadhain.
 
cuach
Má thug sé mórán áirde uirre siúd, chuach sí suas é, ar ais aríst. Dhá mbeadh aon-splannc fir ann, ní thaobhóchad sé í, níos mó
+
beo 2
Ní hé a bheo ná a mharbh, atá a' cuir imnidhe ar siúd ach ól a's eirghe-in-áirde.
TUILLEADH (2) ▼
A Thighearna nach diabhlaidhe beag a' tsuím atá in a bheo ná 'na mharbh ag an ngasúr sin, a dhul a' marcuigheacht ar a' mbromach, a's gan fhios aige, nach tosuighe a' gabhail dá tóin in áirde a dhéanfadh sí, a's é a chaith(eamh) anuas.
Chaithfeadh sé gur theangmhuigh mé le beo na coise, nó ní thosóchad sé ag gabhail dá tóin in áirde mar sin.
+
Tá sé thar am na claidhtheachaí sin thuas a bhiorrú feasta, a's gan iad a bheith 'na mbéal in áirde ag a' tír. Sáthach fada atá cead-scuir, ag caoirigh chuile dhuine ar a' (ar) gcuid, ó tháinic a' bhliadhain.
TUILLEADH (1) ▼
Bhiorruigh mé na claidhtheachaí sin, tá mí ó shoin, ach sé'n mhaith amháin dhom é. Tá siad béal in áirde aríst.
 
bior
Ní fhaca mé aon-teach béal in áirde ariamh go dtí é. Níl a' bior próiste fhéin le faghail ann, nuair a theastóchas sé ó dhuine.
 
breá
'Breagh nar bhiorruigh tú an bhearna sin thiar. Nach mbeidh sí ina béal in áirde aríst faoi cheann cupla lá?
 
Aeramáil a's eirghe in áirde a chuirfeas de dhruim tighe é, mara dtuga sé aire thar cíonn dó féin.
 
Is deas uaidh sin bleid a bhualadh ar dhuine, má fhaghann sé an té a thiubhras áirde air = de ghrádh iarratais nó de ghrádh scéalta a bhuaileas sé bleid ar dhaoine.
 
buail
Má tá fonn eirghe in áirde dhá (dá bhur) mbualadh anois, scuabfa sib as seo, a's deifir orraí(bh).
 
'Ná tabhair áirde ar an ágóid, coinnigh féin an drár ort' (sliocht as amhrán — "A Sheáin a Mhic Mo Chomhursan")
+
aird 2
Ná tabhair aon-áirde air sin = ná géill dó; sa méid adéarfa sé, nó in aon-chomhairle dhá gcuirfe sé ort; ná cuir aon-tsuim ann.
TUILLEADH (15) ▼
Dheamhan a dhath áirde thug mise air.
Baoghal ar siúd aon-áirde a thabhairt ar aon-duine, ach ropadh leis a' gceird sin, chomh uain's 'bheidheas aon-phighinn aige.
Má thugann tusa áirde ar bhréaga agus ar chumadóireacht, cuirfe siad thar bharr do chéille thú.
Tugann tú an iomarca áirde uiliog, ar chomhráidhtí daoine nach bhfuil ar mhaith leat.
Tabhair thusa áirde ar nathuigheadóirí Sh. Mh. a's beidh leat!
Níor thug mé a dhath áirde ariamh (áird ar bith) ar a chuid gaothtaireacht', ach an oiread a's dá gcoinnigheadh sé a bhéal ar a chéile.
Má thugann tú áirde air an ógánach sin, ní thiubharfa tú áirde ar do leas.
Ní bhfaighe tú a dhath áirde uaidh siúd.
Tá a dhá dhíol áirde uiliog, dhá fhaghail ag a' gceann céadna ó dhaoine.
Dhá mbeadh áirde ar do ghna(ithe) aghad, ní ag imtheacht a' bóithreoireacht ar a' gcaoi sin a bheitheá.
Ní fhaca mé aon-chailín óg ariamh, atá 'luighead áirde ar do ghna(ithe) leat.
Dheamhan áirde ná cuid d'áirde aige siúd air a ghna(ithe).
Dheamhan lá áirde aca(b) siúd ar shagart ná ar bhráthair.
Níl áirde aige ar dhia ná ar Mhuire, ar aifreann ná ar ord.
Tá'n laogh sa ngarraidhe sin thíos, gan áirde 'bith le seachtmhain.
+
Dhá mbeadh aon-aireachas agaibh ar a' teach, ní béal in áirde a bheadh sé ar theacht dom.
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirfe mise ar an aireachas é, mar is beag an áirde a thiubhradh sé orm.
+
aire
Nuair a tháinic mé abhaile bhí an teach béal in áirde, agus gan duine ná deoruidhe a' tabhairt aire dhó = bhí sé oscailte, agus cead ag an tír a theacht isteach, agus gan mac a' pheata ina chíonn.
TUILLEADH (2) ▼
Tugaighidh aire dhá dteach anois, nó fágaighidh béal in áirde é, má thogruigheann sib. Dheamhan mo chos ná mo chnáimh-se, fhanóchas in a chíonn níos fuide dhaoib.
'Bhí an rud dhá fheiceál dom ar feadh tamaill, ach níor thugas mórán áirde air, mar ní raibh nóiméad de'n am nach ag smaoineadh ar Pheadar Ó Mathghamhna a bhí mé, agus ag súil leis, agus mé a' dearcadh amach go neamh-shuimeamhail, gan rud áithrid ar bith dhá chronú agam, gur ghoin an rud seo m'aire' (In Aimsir Emmet l. 296) = gur bhrathas an rud seo.
 
Sin é a leigean amach fhéin, ach ní thiubharfainn lá áirde air.
 
ard 2
Is beag an áirde atá aige sin ar a' bhfaoistean, níos aoirde ná uair nó dhó gach bliadhain.
 
Níl aon-áirde le tabhairt air, arae, tá sé dubh-aragánta.
 
Tá fionnuartas san ngarraí siúd dhá ndeasuídís isteach faoi na sceacha agus na tomachaí, ach ní dheasóidh. Is fhearr leo a ndrioball a chur in áirde agus tosuighe ag caitheamh claidheachaí = beithigh ag rith le fíbín
 
fonn
Diabhal a bhfaca mé an oiread fonn eirí in áirde orra ariamh agus atá anois
 
foras
M'anam agus ná raibh ag an diabhal mara ndéana tú foras anois, go dtiúrfaidh mise do chuid duit. Tá tú sách fada ag eirí in áirde ó a tháinig oíche
 
istigh
Ní bhíonn áirde ar bith agad, ar an mbun a choinneál istigh, ach a' forcabhás ar chúig i gcomhnuidhe (ach a' forcabhás ar a dhul amach thú féin agus do pháirtidhe) = is cuma leis, faoi'n bhfear árd a choinneál anuas, agus gan aon-duine a leigean cluiche; ag iarraidh cúig nó a dhul amach cluiche é fhéin a bhíos sé i gcomhnuidhe.
 
Fuartas ar fad é an teach sin, mar bíonn a bhfuil d'fhuinneógaí agus de dhoirse ann béal in áirde
 
Mara ndaingnighidh tú an glas sin, is gearr go mbeidh do dhorus béal in áirde feicfidh tú féin air.