→
                  
                    
                      beo 1
                    
                  
                
              
            airgead beo (9)
Ní beag dhó chomh coitianta agus a bhíos sé ag ól.  Dheamhan a fhios agam beirthe ná beo cén chaoi a seasann an t-airgead dhó chor ar bith.
                    
                    →
                    bannaí 1
                  
                  
                    'Sé an rud is luath (luar) liom beo, duine a iarraidh orm a dhul i mbannaí air faoi airgead.  Ní bheadh a fhios agat nach thú fhéin a chaithfeadh díol (íoc) a dhéanamh i ndeireadh na cúise.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
              
                
                    →
                    beo 1
                  
                  
                    Cén mhaith dhi a cuid airgid anois.  Ní dhéanfaidh sé beo aríst í.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Tá mé sceanta beo beithíoch aige ag iarraidh airgid orm, agus gan aon phínn agam le tabhairt dó.
                    Níl a fhios agam beirthe ná beo cén chaoi a ndéanann na daoine airgead amach do chuile rud dhá dtagann trasna orthub agus a laghad slí agus atá acub.
                    Is olc an ceart é go bhféadfaidh fear airgid a theacht agus an abhainn sin a thógáil le haghaidh 'dolaíocht' agus gan comhaireamh na sop le fáil ag an dream atá tórainneach léithe.  Ach tuilleadh diabhail againn!  Nuair a roinneadh an talamh ní raibh mac an aoin bheo ar an dúiche nár shaighneáil an abhainn don bhoc mhór seo thiar.  Sin é a d'fhága aisti ó shin iad.  Ach cén mhaith ag caint!  Cén fios a bhí ag na daoine!
                    
                    →
                    drabhlás 
                  
                  
                    Ba mhór é a gcuid airgid tamall ach chuir an drabhlás agus an díth céille ag caitheamh na miotán iad.  Sílim nach bhfuil mac an aoin bheo acu sa gcomhaireamh ceann inniu.  Ag S. Ó C. atá an áit anois
                    
                    →
                    déirce 
                  
                  
                    Deir siad, théis chomh scanraithe agus a bhí sé ag airgead, gur chaith sé a chuid le déirce ina dhiaidh sin.  'Sé a choinnigh na F. M. siúd beo ariamh, ach nár chuala deoraí an bhéil bheo uaidh é