Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

arán (35)

 
daba
Cé a chaith an daba de cháca sin ag an madadh. Nár agraí Dia oraibh a bheith ag caitheamh aráin mar sin ag madraí agus chomh dona is atá an saol
 
daor 2
Tá siad ag iarraidh é a dhaoradh. Is maith an oidhe sin ar an ruifíneach, má tá i ndán is gur thug sé droch-chor dhá bhean. Níor mhaith liom a bheith ina bhróga anois. Tá sé i ndroch-arán
 
de
Níl leath mo bhéil de arán anseo
 
dearmad 1
Is éasca le duine dearmad a dhéanamh ar an arán a hitheadh
+
Bhí déidín tite againn leis an ocras nuair a fuair muid aon ghreim, agus an uair sin féin, ba gann gortach uathu é a thabhairt dúinn. Stiallóigín bheag aráin a bhfeicfeá dealg in do mhéir thríd, agus scodalach tae ar baineadh an t-anam as — má bhí sé ariamh ann — le neart bruithe. Méaracáinín beag fuisce ansin nach n-aireofá a bhlas ar do theanga. Tugaimse mo mhallacht ar chuma ar bith do bhainseachaí Bh.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan gráinne tobac a gheobhadh sé uaithi siúd dhá dtiteadh déidín aige — dheamhan gráinne sin. Tá sí siúd crua coinneálach agus gar di féin. Ná bac thusa leis an té a fheiceas tú ag comhaireamh na stiallógaí aráin a thabharfas sí duit. Droch-cheann ceart í sin
 
D'fheicinnse deileadóirí ar na haontaí roimhe seo ag díol tuirní agus rothaí tuirní ach ní fhaca mé aon duine dhá ndíol anois leis an tsíoraíocht. Bhí mná aráin agus abhrais ann an uair sin, ach cá'il an bhean óg in do thír inniu a bhfuil a fhios aici le breith ar thuirne agus próiste a shníomh. Tointe fada na hóinsí a bheadh ina diaidh, dhá mbuaileadh sí faoi
 
Clogs … sin é a bhfuair mé. Níl tada eile istigh ar shlata na Gaillimhe; ná níl a fhios cén uair a bheas. Tá cantáil ar na clogs féin ann: fir Achréidh ag sceanadh a chéile dhá gceannacht. Ba mhó déirce liom tada a fháil théis m'aistir agus m'anró. Tá leathar féin ar a ghainneacht ann. Ba bheag nár chinn sé orm ábhar péire tosaigh a fháil do C. Má mhaireann an cogadh seo i bhfad eile beidh na daoine i ndroch-arán. Deir siad muise go bhfuil na Germans ag beochan suas aríst
 
diabhal 2
Go dtuga an diabhal thairis amach as a phutóig é! Canta aráin mar sin imithe ag madadh agus a liachtaí créatúr bocht ar fud an tsaoil anocht ar mhaith leis a fháil. Ach ní hé an madadh is measa ach a gcuid sraoillíocht fhéin a fhágas ar forbhás an rud
 
Is diachta dhó a dhul ag coiriúint uirthi siúd agus gurb í an cleite is fearr ina sciathán í. Murach a fheabhas agus a chaith sí siúd leis féin agus lena theach, caillte leis an amhgar agus leis an ocras a bheidís. Ach ní bhíonn aon chuimhne ar an arán a hitear arsa tusa
 
Nuair a bhí siad uilig cruinn, ba mhaith an dícheall di arán a choinneáil fuinte leo, ba mhaith sin
 
Is cumasach an duine thú. D'fhága tú fataí agus feoil agus bláthach in do dhiaidh, agus chuaigh tú ag ól an choffee bhrocaigh sin agus an aráin. Tabhair roghain don bhodach ar ndóigh, agus tógfaidh sé an díogha. Is beag an dochar duit a bheith snoite caite féin agus gan de chothú agat ach é sin
 
díol 2
Is mór an díol náire é an rúisc de mhadadh sin. Dar leat féin nach bhfuil sé ag fáil a leathdhíol le n-ithe. Dá mba é an duine ba mheasa leat beo é a bheadh istigh sa teach, ní chónódh sé go leagadh sé a chrúib thuas ar an mbord. Sibh fhéin a mhill i dtosach é nuair a thug sibh faisean dó a bheith ag tógáil giotaí aráin de chorr an bhoird
+
"Arán cam a ghníos bolg díreach" (seanfhocal) — má fhaigheann duine a sháith le n-ithe — is cuma cén fuint a bhíos air — beidh a bholg sleamhain lán agus ní bheidh aon ghleannta ná aon tsleabhcadh ann; déanann bia duine sách
TUILLEADH (3) ▼
'Arán cam a ghníos bolg díreach,' adeir an Chailleach Bhéarra. 'Thug tú éitheach a chailleach,' adeir an buachaill, 'ní hea, ach a fháil ar bord go bhfaighe tú fuílleach.' (cuid den aighneas a bhí ag an gCailligh Bhéarra leis an mbuachaill)
Ith suas é, agus altaigh Dia go bhfuil sé agat. Ar chuala tú ariamh é: arán cam a ghníos bolg díreach
Sin é an peata. Ní íosfadh sé an stiallóig aráin an áit a bhfuil ailp bainte as a ceann. Go dtuga an diabhal thart é, ní dhá thiomaint é. Níor chuala tú ariamh go ndéanann arán cam bolg díreach
 
dligh
Mo chreach mhaidne muise, níor dhligh an diabhlánach sin tae ná arán a fháil sa teach seo, agus níor chomaoin daoibh a dtabhairt dó ach an oiread, dhá mbeadh aon fhuil ionaibh. Níl cuimhne ar bith agaibh ar an uair a raibh sibh fhéin thíos aigesean agus ar lig sé amach sibh agus déidín tite agaibh leis an ocras. Ach sin é. Murach a bheith gan náire dhó is fada amach ón teach seo a d'fhanadh sé. Ach is fear gan náire é ar aon chor
 
Dhá mbeadh an rud sin cóir ná dlisteanach, is beag beag an baol go mbeifí dhá chur i dteannta mar sin faoi. Tá sé i ndroch-arán anois deirimse leat, ach mura raibh aon láimh aige ann is furasta dhó é féin a shaoradh. Ní chreidimse go gcrochtar aon duine san éagóir
 
Chuala mise ariamh caint ar leicín an doichill ach siúd é an áit a bhfuil sí, thíos san easpaicil. Go bhfóire Dia orainn, is caillte an áit é. Gheobhaidh tú stiallóigín aráin agus braoinín tae nach dtabharfá do sheacht mallacht air, agus sin é do lón go dtí an t-am céanna lá arna mhárach. 'Sé a mh'anam, scáth an dinnéar agus an bricfeasta a bhíos ann. Tá na créatúir bhochta atá istigh ann ag saothrú an tsaoil. Go bhféacha an tAthair Síoraí orainn, is mór an díol trua duine ar bith atá fágtha istigh ansiúd
 
drad
Is gearr le dhul an bríce aráin sin ar a dhrad goineach siúd!
 
drann
An bhfeiceann tú anois? Ní thaobhóidh sé an canta aráin chomh uain is a bheas an cat ag drannadh mar siúd leis. Tá an-fhaitíos aige roimh an gcat
+
Ná tabhair thusa aon bhean ansin thíos nó beidh sí i ndroch-arán — i dteannta, i lár an mhí-ádh
TUILLEADH (5) ▼
Tá mé i ndroch-arán anois. Go gcuire Dia ar mo leas mé! Níl a fhios agam céard is fhearr dom a dhéanamh
Ba fear i ndroch-arán mise! Bhí mo mháthair ar leaba an bháis agus mo bhean istigh san easpaicil (ospidéal), agus gan duine ná deoraí agam a thógfadh an tine de mo chois ná a bhreathnódh i ndiaidh an dá mhalrachín
Dar diagaí tá na daoine i ndroch-arán anois. Ní bheidh beatha na tine ann i mbliana ach grásta Dé! Nach bhfuil ceann faoi ar an aimsir uileag
Bhí tú i ndroch-arán dar príosta, agus b'ait a chruthaigh tú gur thug tú an eang leat chor ar bith. Ach bhí fear maith a chúnamh dhuit go saolaí Dia é!
Bheinn i ndroch-arán aici murach P. Ph. a casadh ann. Ba mhinic leis a bheith tráthúil. M'anam muise murach chomh tráthúil agus a bhí sé an lá sin go mba fear réidh mise. Bhí mé féachta dubh is dubh aici ar a theacht dó. Ach ba gearr an mhoill ar an mbeirt againn ceart a bhaint di
 
Drochfhear tí, drochfhear talúna, drochfhear capaill, drochfhear curaí, drochfhear láí, drochfhear siúil, drochfhear damhsa, drochfhear iomraimh; drochfhear farraige (drochbhádóir); drochfhear ban (drochfhear spallaíochta); drochfhear tí agus urláir, drochbhean aráin agus abhrais (drochbhean tí), srl.
 
Níor chomaoin duit droichead a dhéanamh dhíomsa muise agus thú ag tabhairt fags uait. Is iomaí fag mór a thug mé dhuit ariamh … An gcuimhníonn tú nuair a bhíodh muid thuas sa L. R. anuraidh? Ach ní bhíonn cuimhne ar an arán a itear, adeir siad
 
dubh 2
Má fhaigheann sé siúd ligean ar an gcáca, ní bheidh a dhubh ná a dhath ná a thuairisc agaibh má tá sibh ag súil le strainséaraí. Nach bhfuil a fhios agaibh nach sú salúin i mbéal bulláin aige siúd bríce aráin agus an colla[...] atá air
 
dúil
An t-arán donn sin — sin é an cineál a mbeadh mo dhúilse ar fad ann. Tá sé folláin le n-ithe
 
Is minic a chonaic mé duine a bheadh i bhfad ina throscadh dúlaí i mbeatha nuair a gheobhadh sé ligean uirthi; ach maidir leis siúd, chaithfeadh sé go raibh sé ina throscadh le mí. Leagadh pláta feola agus gabáiste ina mhínis. Dar mo leabhar agus má bhí unsa ann, bhí punt go leith go réidh ann: fuair sé a mhug bainne ramhar, a bhollóg aráin mar adeireadh N. Ph., agus taepot tae. Nuair a d'altaigh sé an bia, ní raibh an oiread ar an mbord — ní dhá mhaíochtáil air é! — agus a shlogfadh dreoilín. Cén bhrí ach an rud adúirt sé i dtosach: 'is beag é m'fhoghail ar an mbeatha le gairid — is beag sin.' Dar láthar Dé dúirt. Is fear é a fuair anó le mí: sin nó tá an ghearradh ghionach faoin bputóig aige. Ní fhéadfadh a athrú a bheith air agus chomh mórthráthach agus atá. 'Go méadaí Dia chuile shórt ar fheabhas agaibh,' adeir sé. M'anamsa muis nár mhór dó méadú an aráin agus an éisc a dhéanamh sách minic, dá dtugadh mo dhuine faoi deara dhó fhéin tarraingt ag an teach againn. Mura ndéanadh, is gearr nach mbeadh mórán ar fheabhas againn
+
Níl gionnóid shóidí faoi chaolachaí an tí. Caithfidh duine eicínt a dhul dhá choinne más libh arán a fhuint
TUILLEADH (1) ▼
Níl gionnóid eile aráin sa teach anois ach an canta sin, bain fad nó gearr as. D'imigh siad ag bóithreoireacht ar maidin, agus níorbh fhiú leo cupla cáca a bhruith