Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

(100+)

+
abair
Abraíodh sé a dtogróidh sé, ach eisean ba chiontaí
TUILLEADH (2) ▼
Céard atá tú a rá? Go mba é S. ba chiontaí!
Céard adeir tú leo a tháinig isteach anseo agam (chugam) ag iarraidh áit bó orm!
+
Deir siad nach raibh aon bhean a chuir aghaidh le aer ariamh ba bhreátha na í, agus ina dhiaidh sin féin, thiocfadh a caoldroim thríd chró snáthaide
TUILLEADH (2) ▼
Chuir sé barróig orm faoi chaol an droma, agus mo cheann fine ní scarfadh uaidh. Ba gheall le iarainn na bunríochaí a bhí air
Is diabhlaí ligthe atá sí as caol an droma. Ba mhaith í ag baint choirlí. Bheadh an síneadh fada aici
+
Bhíodh an-chaint ar dhaoine a dhul sna céadéaga fadó, ach ní chloisfeá caint ar bith anois air. 'Sé an chaoi a raibh siad an uair sin, ar an dá luath is a bhfeicfidís ualach ar bith ag teacht orthu, chuirfí na hordógaí orthu ar an bpointe. Ba é a scil ann é, ba é sin
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh sé sin, nuair a bhí sé ina pháiste bheag, sna céadéaga le convaidhlsiuns (convulsions). Ba mhinic nach raibh a fhios a imeacht nó a theacht dó. Chuir mé trí thuras air ag tobar Cholm Cille dhá dtugadh Dia biseach dó. Thug, míle buíochas leis féin. Shrian sé as théis liostachais fhada. Sílim dheamhan aird ar na turais aige ina dhiaidh sin, ainneoin go mbíonn muid ag stróiceadh leis ag iarraidh air a gcur dó (dhe)
+
Thug sé amach é agus gan é baileach dearg aige. Ní raibh sé ach cródhearg (dath na fola mórán) agus thosaigh sé ar an bpointe ag múnlú an chrú. Ar ndóigh ní fhéadfadh an crú sin gan a bheith fabhtach, ach ba chuma sa tubaiste leis siúd ó bhí furú air cén chaoi a raibh sé ach comharthaíocht an chrú a bheith air chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Chuir an gabha an t-iarann sa teallach agus ba ghairid go raibh sé dubhdhearg agus ansin cródhearg aige. Thosaigh sé dhá lascadh ar an inneoin ansin agus murar bhain sé dreas as ní lá go maidin é
 
Ní fhéadfaidh duine dhá leith a dhéanamh dhe fhéin. Ba deacair domsa a bheith in éadan féir agus i ndiaidh beathach — ní fhéadfaidh an gobadán an dá thrá a fhreastal
 
daba
Bhí an-tóir aige ariamh fhéin ar an daba, ach ba bheag nár chuir sé a shúil thar a chuid inniu. Bhí a dhá shúil iontaithe ina cheann. Murach gur éirigh Dia leis an cnáimh a chur aniar, ní raibh an nóiméad féin moille air go mbeadh sé tachta
 
Dar príosta, ní hin dádach. Tá an lábán ann fós. Ba mhór an feall a dhul ag fiachadh air, agus a dtiocfadh d'eochraí uaidh. Tá an-aois aige mar sin féin
 
Sin é ceird gasúir i gcónaí: daidhce orthu faoina dhul chuig an scoil. Shílfeá i nDomhnach, gur mó an luí atá ag gasúir anois léithe ná fadó. Ar ndóigh, ba mhó a bhuailtí orthu fadó
+
Leagadh anuas dhá dhaigéad de dhá chloich i mínis (i bhfianais) an ghiúistís. 'Siad a chaith an bheirt thiar. Shílfeá nach éadáil mhór ar bith an t-amharc a thug duine acu ar na clocha. Ba mhó dhá fhonn a bhí air déarfá, breith uirthi agus a caitheamh aríst. Tháinig scéin sa ngiúistís
TUILLEADH (1) ▼
Tharraing se anuas daigéad mór de leabhar agus d'ionsaigh air ag léamh dom féin aisti. Níl a fhios agamsa beirthe beo ná baistithe céard a bhí sé a léamh aisti. Ba é m'aird air é ar aon chor!
 
daigh
Ní fhaca tú aon fhear ariamh ab fhearr a bhíodh ná é go mbuaileadh an daigh é, ach ó bhuailfeadh, mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis go n-imíodh sí aríst. Ach ba bheag réidh an achair a thug sí dhó chor ar bith san aimsir dheiridh. Chothaíodh sí i gcónaí é
 
Daighean mé nach uait a thug mé í (móin). Ach ba bheag nach uait. Dhá mbeireadh an múr orm ag do chruaichse, is inti a rachainn
+
dáil
Ba cheart dó a bheith i ndáil le ar fáil anois. Is fadó inniu a d'imigh sé
TUILLEADH (2) ▼
Ba i ndáil le go dona a chaith a athair féin an saol
Ba i ndáil le ar an leaba a chaith sé na blianta deireanacha fré chéile
 
dáimh
Is fhearr dhuit an té nach bhfuil gaol ná dáimh agat leis ná a raibh de ghaolta ariamh agat. Níl aon duine sa tír nach bhfuil muintreach agamsa, ach ní thaobhóinn ceachtar acu lá an anó. Ba bheag an mhaith dhom é dhá dtaobhaínn féin
 
Cad ar chad, cad os cionn cad agus cad idir dhá chad, agus sliogán eistre ina mhoirtéal orthu: sin é an déanamh a thugadh an Gobán Saor ar a chuid ballaí. Bhí a shliocht air: ní raibh aon bhallaí faoin domhan ba daighne ná iad
+
Daingnigh ort a fhleascaigh nó go bhfuagraí mise ort stopadh … Hó teaga leis. Ba cheart go ndéanfadh sin cúis anois
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an chaoi a raibh Sasana ariamh. D'aimsigh sí chuile áit ar fónamh agus chuir sí na geanntrachaí láidre isteach, i gcruthúnas duit go bhfuil sí chomh daingnithe anois agus nach féidir a cur amach. Nár ba fearr a bheas sí muise, mura ndeachaigh sé rite go leor léithe sa gcogadh seo. Mo choinsias chuaigh!
 
Ba é an dainséar is mó é a raibh mise ariamh ann. Is maith a chuaigh mé as nár cniogadh mé
+
dairt
Rinne siad dhá chomlán — an baile seo agus B. — agus thosaigh siad ag caitheamh dairteacha le chéile. Dar fia chuir an dream s'againne i ndiaidh a gcúil iad agus leanadar chomh fada leis an sruthán iad ag caitheamh leo i gcónaí. Ba é an cath ba mhó é a chonaic mé ar phortaigh ariamh in mo shaol
TUILLEADH (3) ▼
T. Sh. a bhí bonn ar aon leis, a bhuail de dhairt é. Bhí mé féin ag cinnireacht an chapaill ina ndiaidh aniar. Fios rúin ná soiscéil ní raibh agam féin, go raibh sé i ngreim muiníl ionam. An faitíos is mó a bhí orm go scéinfeadh an capall. Murach sin, dheamhan ar mhiste liomsa dhá mbeadh sé ag míoladóireacht go maidin liom. Bhí foghairt ina shúil a mhic ó mo chroí thú. Is maith an scéal gur beag é a dhícheall. Ná bac le go gcreidfeadh sé nach mise a chaith an dairt. Ba bheag an baol air
Dhá dtéiteá ag caitheamh dairteacha anois leis an ngealaigh, nó ag gabháil de chlocha ar do cheirteachaí, ba somhaoiní dhuit é ná a cheapadh go mbaine tú beatha amach ar na cupla geadán breaclaí sin. Is maith an fáiteall broic iad, ach maidir le bheith ag ceapadh go ndéana muirín cúis orthu, gan teacht isteach ar bith eile thartu, tá sé fánach acu
Go dtuga Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí ansin … bhuel b'ionann is gurbh ea. Ach an t-achrann atá mise a rá; bhí dhá bhaile uileag amuigh. Ceann acu ar chaon taobh den alt siúd atá sa mbóthar taobh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spallaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfoscadh tigh Gh. agus feiceáil againn ar fad air
+
dalba
Ba dalba an oíche í sin. Bhí na scaltrachaí ag breith ar a chéile agus mé ag teacht aniar an bóthar. Shíl mé dheamhan fata a changlóinn le mo ló aríst
TUILLEADH (1) ▼
Is dalba an obair a rinneadh ansin. Ach ba orthu nach raibh an mhoill. Is beag a aireos daoine obair a dhéanamh, nuair a bheas chuile shórt ar a mian acu
+
dall 2
Ní fhaca mé aon duine ariamh ba daille (/deʟ′ə/) ná é ag dul chuig an scoil. Chaith G. a dhúthracht leis, agus thugadh sé dual na droinne dhó chuile ré solais, ach má thugadh féin, ba aon mhaith amháin dó é
TUILLEADH (1) ▼
Ba dall an mhaise dom é ina dhiaidh sin nár thug mé faoi deara ariamh nach raibh sé ach ag séideadh fúm. Dheamhan é muis, nó gur tháinig falrach gáirí air
 
dall 3
Bhí sé dhá dhalladh le báistigh ach má bhí féin ba bheag an stró a bhí air. Bhí sé clúdaithe thar cionn
 
Níor shéid aon oíche as aer ba mheasa ná í. Bhíodh sé ag dallacar chlocha sneachta chuile phointe, agus gaoth ann a bhearrfadh tú. Ní bhfuair mé mo dhóthain le déanamh ariamh ach a theacht abhaile an oíche sin
+
Tá a shliocht orm. Ní bhuailfear an dallamullóg chomh réidh sin ormsa aríst, agus ní bhuailfí orm an uair sin fhéin é murach go mb'éigean dom a bheith isteach is amach chuile phointe ag faire ar bhó a bhí i dtinneas lao
TUILLEADH (1) ▼
Chuir siad an dallamullóg críochnaithe air lá is gur fhéad siad an ágóid sin a bhualadh thall air. Ara tá aois chapall na muintire aici siúd, agus má bhí scór punt spré aici ba é a clochneart é. Dheamhan sciúrtóg thairis a bhí aici ar chuma ar bith
+
Chonaic mé fataí anseo bliain — fataí Achréidh a cheannaigh mé le haghaidh síl — tháinig mé gann i bhfataí síl an bhliain chéanna. Ar an bhFaiche Bhig a cheannaigh mé iad ó fhear as áit eicínt taobh anoir. Dheamhan a gcuimhním anois cén áit, ach d'aithneoinn an fear agus dheamhan gaisce a bhí air le gnaíúlacht. Dheamhan thiomanta dallán dá raibh orthu nach raibh chomh mór le béal an bhuidéil sin. Chuir mé anseo thiar iad i ngarraí na hI. Bhí an-ghaisce agam astu. Togha fataí dar liom féin. 'speáin mé do T. iad agus mé dhá gcur. Ní mórán spleodair a bhí ag T. astu. Fuair sé caidéis do na dalláin — go raibh siad rómhór. Rinne siad thar cionn i dtús bliana. Bhí siad go hard os cionn talúna, agus gan das déanta ag fata ar bith eile ag gabháil liom. Bhí go maith go dtí amach sa mbliain. Bhuail an lobhadh bán iad as éadan. Ba mhór an carghas a bheith ag breathnú orthu. Dheamhan blas a bhí agam de bhláth bliana orthu ach grifisc — tabhair grifisc air. Chaith mé ag na beithígh iad leisce a bheith ag breathnú orthu. Sin é an chaoi a ndeachaigh dalláin mhóra an Achréidh domsa. Ná samhlaigh fataí Achréidh liomsa ariamh ó shin
TUILLEADH (5) ▼
Tá dallán chomh mór ar an tsine aici bail ó Dhia uirthi, agus go sílfeá gur béal soithigh iad an chaoi a dtálann siad an bainne. Níl an mianach sin i mbó na tíre seo chor ar bith. Ní ligeann siad uathu ach streancáiníní righne
Tá an bhó seo imithe amach, nó mura bhfuil, níl aon deoir bhainne ag teacht thrí na dalláin. Muran dodaíl atá uirthi. Más ea féin is minic minic léithe
Chonaic mise bó thiar anseo ag N. Mh. Bhí an úth calctha aici. Chinn orthu aon deoir bhainne a fháil uaithi théis a ndíchill. Bhí fear beag ag obair anseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cinnte ar C. agus ar chuile dhuine. Fuair sé ruainnín den wire beag sin a d'fheicfeá ar scloig na mbuidéil lemonade. Dhírigh sé amach é nó go raibh sé chomh díreach le dorú. Sháigh sé suas i chaon dallán den úth é i ndiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé lena láimh ach é a shá leis suas. B'iontas an chaoi a raibh sé in ann é a dhéanamh ach níorbh é a chéad uair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleán ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhí bleánach dhó (dhe) ar an talamh shular féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diumar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
Bhí bean as C. ansin thoir sa gcúirt agus í ag mionnú ar fhear. Ceist eicínt a chur an giúistís uirthi: 'Go deimhin a dhuine chóir,' adeir sí, 'tá sé sin chomh glan orm leis an sagart. Ní dheachaigh a shlat ní ba ghaire don dallán agam ná a chuaigh do shlatsa, bail ó Dhia ort.' Spréach an giúistís. Fhóbair gurb ise a chuirfí isteach agus ní hé an té a chiontaigh léithe
 
Ní fhaca mé aon dallarán ariamh ba mhó ná é ag dul chuig an scoil. Sháraíodh sé an máistir ceart. 'An bhfeiceann tú an ghruaig sin,' adeireadh sé. 'Ní raibh oiread agus ribe liath inti nó gur casadh thusa in mo líon'
+
Ara beannacht Dé dhuit — a dhul ag cuartaíocht an tráth seo d'oíche agus mé in mo dhall dúda le codladh. An bhfuil a fhios agat go raibh an oíche thar droim aréir nuair a chuaigh mise a chodladh … bó a bhfuil a haimsir caite agus shílfeá go raibh an-chosúlacht uirthi in am suipéir aréir. Bhí na grianáin sleaiceáilte aici, ach mar sin féin níor rug sí
TUILLEADH (2) ▼
Má tá tú in do dhall dúda anocht níl an milleán ag sroicheachtáil do dhuine ar bith ach duit féin. Rinne tú clogán streille den oíche aréir ag imeacht ag fálróid síos ansin ar bhóithrí, nuair ba cheart duit trí eadarshuth a bheith codlaithe agat. Ach mo léan! Seo anois. Ith suas do bhéilí agus siar leat a chodladh, agus fainic a n-éireodh an cleas sin duit aríst
Ara choinnigh muintir an Ch. sin thiar ar neamhchodladh mé ar feadh na hoíche aréir lena gcuid glaomaireachta. Tá a shliocht orm: tá mé in mo dhall dúda inniu. Airíonn siad na daoine go dona. Bhí lá den tsaol muis, agus ba bheag an ghlaomaireacht a bheadh acu sna bólaí seo, ach airíonn siad a raibh ar fónamh ann imithe anois
+
dálta
Tá an mac sách síodúil, ach níorbh é a dhálta sin ag an athair é an fhad is a mhair sé, go ndéana Dia trócaire air, mar sin féin. Ba mhór leis rud ar bith d'aon duine. Mura bhfeiceadh sé ach an míol buí ar do chuid talúna d'fhéachfadh sé lena dhíbirt, faitíos go n-éireodh leat é a mharú. Sin é an sórt duine a bhí ann
TUILLEADH (3) ▼
A dhálta sin, chonaic mise fear anseo — D. a bhí ansin thoir — agus ní bheadh scéal instithe (/iɴ′št′ī/: insithe) aige oíche airneáin. Thosódh sé ar scéal, agus ba ghearr go mba scéal eili é, agus ní chuimhneodh sé ar an scéal tosaigh chor ar bith ansin (ó Sheán Ó Beáin, An Carn Mór, Baile Chláir: bhí mé ag cur caoi dhó ar fhear a bheadh ag dul anonn is anall le scéal agus dúirt sé é sin; mar dhóigh dhe go raibh aithne aige fhéin ar fhear a bhí ar an gcóir chéanna)
A dhálta sin anois (rud mar atá ráite agat), chonaic mise bó agam féin anseo uair …
Is tú atá dícheallach bail ó Dhia ort, ní hé dálta daoine eile é. Is maith luath atá tú aníos ón gcladach agus an mhuintir s'againne faoin bpluid fós. Ach ba lá corr é an lá inné.
 
Ba bheag an damáiste a rinne na beithígh sa ngort
 
Nár dhamáisteach an cleas dó cead scoir a thabhairt dhá chuid gamhna mar sin agus a fhiosacht dó go ngabhfaidís i mbradaíl. Ach ba chuma leis
 
Ba damanta an cleas dó a dhul ag baint an gheadáinín talúna sin de na dílleachtaí bochta. Déarfá go mba bheag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a bhuailfeadh faoi
+
Níl a dhath maitheasa dhuit a bheith in éadan an chloig sin. Dhamnófá thú féin leis, agus ba aon mhaith amháin duit é. Tá a chuid deasú ar iarraidh sílim. Bain an tsreang den sparán agus faigh ceann nua. Caithfidh tú é a fháil ar a shon sin
TUILLEADH (1) ▼
Dhamnódh duine é féin leis an gcruithneacht chéanna agus gan faice dhá barr aige sa deireadh, ach a chuid talúna spíonta. Ná bac leis an gcruithneacht atá talamh na háite seo in ann a thabhairt. Bhí Garraí Mh. L. fúithi agam anuraidh, agus má bhí féin ba ghiobach an barr a bhí air
+
dán
An rópa a chuireas muintir Árann ar adharca na mbó nuair a bhíos siad dhá cur sa mbád ar Cheann Gainimh, sin é an dán
TUILLEADH (3) ▼
Chuir muid dán uirthi agus ba deacair sin. Bhí sí an-dodach le dhul ina haice chor ar bith. Tá féirín anois ag an slóchtaí, agus níl mise ina dhiaidh air: ba danra é le margadh a dhéanamh leis
Dhá mbeadh sí ag dul faoi is thairis chuile mhionóid, ba é an cás céanna dhó é nuair nach raibh sí i ndán dó. Ar chuala tú ariamh é: "leagaim láimh ort nó ná leagaim, más tú atá i ndán dom is tú a bheas agam"?
Ní raibh i ndán é a chur amach as an teach nó go dteagadh an mac ba shine as Meiriceá
+
dána
Ní fhaca mé a leithide de pháiste ariamh tá sé chomh dána sin. Nuair adúradh leis gan a dhul amach ar an tsráid, sin é an uair a chuaigh sé amach. Thug mé isteach é agus fuair sé gleadhradh, ach ba bheag an mhaith sin. Chuaigh sé amach aríst
TUILLEADH (1) ▼
Ba é a labhair go dána drochmhúinte freisin. Dúirt sé mura dtéadh T. amach dhá dheoin féin, go gcuirfeadh seisean ag imeacht é agus deifir air!
+
Thug an máistir dual na droinne dhóibh go minic mar gheall ar a ndánacht ach ba bheag an mhaith sin ina dhiaidh sin. Dhá maraíteá iad, bheidís ar an gceird chéanna lá arna mhárach
TUILLEADH (1) ▼
Rinneamar chuile mhíle ní leis an dánacht a bhaint amach as a chraiceann, ach ba bheag an mhaith sin. Tá sí ann go smior
 
Danes
Ná bac leis an lá inné. Ba é an lá ba mheasa a raibh mé ar bóthar ariamh é. Phréachfadh sé na Danes
+
danra
hIarradh air fanacht sa mbaile. Bhí siad ina suí go te, agus ar ndóigh is dó a shroichfeadh a raibh ann. Deile, agus é ina bhior in aon tsúil. Ach ní bheadh aon tsástaíocht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn ar ndóigh. Duine aerach a bhí ann agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaighdeadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneáil ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhúirt an t-athair drúcht ná báisteach ach: 'A chomhairle féin do mhac dhanra,' adeir sé, 'agus ní bhfuair sé ariamh níos measa.' B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann nuair a thit ceann de na rudaí eile sin air — na bombs
TUILLEADH (11) ▼
Sin é an fear is danra a chonaic mise i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bhíomar thíos ansin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gluigheadh (glaodh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sách tomhaiste. Bhí sé domhain go leor san oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mura raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat acu ann agus gan againne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuineadh agus ag achainí air a theacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach ina sheasamh ansin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba danra é a chonaic mé ó rugadh mé
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil sa teach ansiúd chomh danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dar leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cén duine acu ba deacra a chur amach agá n-a chuid oibre. Gróigfidh fear acu é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céanna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig ina ngaire. Níl go dona ann ach an díthreabhach bocht is athair dóibh atá amuigh moch deireanach ag saothrú. Sin é an díol trua ar chaoi ar bith
Níl aon fhear goirt ná portaigh in Éirinn a chinnfeadh air ach tá sé danra leis an gcladach a shamhlú leis. Ní mian leis a dhul ann chor ar bith. Chaith mé trí nó ceathair de laethantaí anuraidh ar mo mhine ghéire ag iarraidh é a shaighdeadh amach sa trá, ach dheamhan dul muis, nó go raibh an rabharta cúlta. Ba bheag an mhaith dhó a dhul dhá mheath féin ann an uair sin
An fear is danra a chonaic mise ariamh faoi mhargadh, ba fear Achréidh é. Bhris sé é faoi shé pínne. Fataí síl a bhí mé a cheannacht uaidh
Scanracháin bhradacha! Tá a gcuid talúna fréna chéile faoi leachtaí agus faoi chlochair. B'fhearr dóibh ardaithe as iad. Ba mhór an réiteach ar a gcuid talúna é. Ach ní ligfidís méaróg amach as aon gharraí ag gabháil leo, tá siad chomh danra sin — scanraithe, tútach, géar, doghrainneach
M'anam má tá tú ag mianadóireacht sa ngarraí P. go bhfuil do sháith den tsaol agat. An bhfuil sé chomh danra anois agus a bhíodh sé fadó. Chaith mé féin agus T. seachtain ag casadh fóidín baic ann agus ba beag nár chinn sé orainn. Bhí na lántaí ag lúbadh ann le teann fórsa
Ag lánú i ngarraí beag N. atá mé na laethantaí seo agus is danra an obair sin. Ní mór duit a bheith ag priocadh i gcónaí, arae tá sé faoi chlocha ar fad. Bheadh ciall leathchlocha, ach gruáin mhóra mhillteacha atá ansiúd. Ba bheag na clocha a bhíodh i ngarraí N. chor ar bith fadó. Tá an talamh spíonta anois is cosúil
Tá an fheamainn dubh atá againne in áit chomh danra agus a chonaic tú ariamh: thíos ar chúla an charracáin. Bealach chomh haistreánach é agus atá sa gcladach, ach níor chás dúinn é murach chomh hachrannach agus atá an roinn féin: clochair agus clocha gránna ar fad í. Dhá mbeadh crann ní ba mheasa ann, is againn a thitfeadh sé, ach beidh athroinnt ar an gcladach an bhliain seo chugainn le cúnamh Dé
Ní fhaca mé aon uaigh ariamh ba danra le déanamh ná uaigh N., go ndéana Dia maith air! Chuaigh muid siar ann ag an deich a chlog ar maidin agus ní raibh muid amach as an reilig go raibh an dubh ar an oíche. Bhí sí an-deacair in uachtar, agus nuair a theann muid síos, bhí leac ann — maistín de leic. Shíl mé go gcinnfeadh sí orainn a cur aníos dubh ná dath
Ní fhaca tú aon rud ariamh is danra ná bó le fata a dhul ina muineál. Bhain mise as bó liom féin cheana é gan fód móna ná ceo. Choinnigh Séan sin ansin dom í agus é ina scorach. Chuir mé mo láimh siar go dúdán inti. Ba chontúirteach an cleas le déanamh é …
Tháinig mé aniar trasna thrí na brocachaí sin oíche i mbliana, agus má tháinig féin, ba danra an éadáil sin. Shíl mé nach raibh an oíche chomh dorcha agus a bhí sí, agus deirimse leat go bhfuair mise tuairteáil, ní áirím go raibh a raibh orm stiallta ó chéile ag driseachaí
+
daoire
Dhá dhaoireacht dhá raibh an saol ariamh, ba bheag an bhrí é le hais na cheithre bliana seo caite. Ach ní cás do na daoine é agus a bheith beo chor ar bith, agus an drochbhail atá ar an domhan
TUILLEADH (1) ▼
Má théann tú ag ceannacht fhéir anois ní bhfaighidh tú é ach ar a dhaoirse. Is dona a d'oibrigh tú — agus fios agat go dteastódh sé uait — nár cheannaigh ní ba thúisce sa mbliain é nuair a gheofá buille saor é. Tá an bhliain ag teacht an-déan (dian) freisin
 
daoirse 1
Is fada an lá a chaith an tír faoi dhaoirse (daoirseacht). Shílfeá ansin an lá cheana go mba mhian le na Sasanaigh agus le na Poncáin muid a chur i dteannta aríst. Na creachadóirí, ba bheag a bhéarfadh orthu é dá sílidís go mbeidís in ann a dhéanamh gan mórán dá gcaillteamas féin a bheith leis
+
Baol air siúd a bhodóigín a dhíol leat. Ar an dá luath is a bhfaca sé go raibh tú líofa ag (chuig) a ceannacht, ní ligfeadh sé lag labhartha as na aon phunt dhéag í. Ag iarraidh thú a chur uaithi a bhí sé an uair sin. Ba mhór leis duit í pé ar bith cén t-airgead a thiocfá léithe. Tá sé chomh daoithiúil le aon duine a chonaic mé ariamh
TUILLEADH (1) ▼
B'fhéidir go bhfuil leabhra acu, ach mo choinsias má tá, ní le t'aghaidhse ná le aghaidh aon duine eile iad. Níl sé cruthaithe ar an talamh inniu an té a thabharfas ceann de na leabhra sin amach an doras. Daoine daoithiúla mar sin iad faoin rud atá acu. Ba deas ba mhian leo an rud a bheadh ag duine eile a fháil iad féin muis. Ach tá rud le déanamh leo: cor in aghaidh an choir agus cam in aghaidh an chaim a thabhairt dóibh
 
Is beag dhá chuid daoithiúlachta an méid sin. Chuaigh mé go bun an amhgair críochnaithe leis ag iarraidh an bhodóigín a cheannacht uaidh, ach chomh luath agus a chonaic sé go raibh mé ina diaidh, d'éirigh sé as an margáil ar an bpointe. Ba mhór leis dom í. Sin é an chaoi a mbíonn sé i gcónaí. Ní bhfaighidh aon duine tada uaidh
+
daol
Bhí an bheirt againn ag teacht as Gaillimh oíche agus 'sé an áit ar bhuail an donacht é ag Airdín an D. Ba é an rud ba tobainne é a chonaic mé ariamh: daol ceart. Bhí sé domhain go maith san oíche agus an áit sin sách uaigneach freisin. Ní raibh mé in mo bhambairne ariamh go dtí an oíche sin: gan fios agam an dtiocfainn ag iarraidh an tsagairt dó nó an bhfanfainn ina chionn. Ach d'imigh sí aríst chomh tobann agus a tháinig sí, chomh luath agus a bhí an daol sin dó (dhe) aige
TUILLEADH (2) ▼
Bhuel teagann daol oilc air scaití agus bíonn sé chomh corraithe sin agus go (gur) beag nach mbaineann sé lao as chuile bhó ar an mbaile. Sin é a bhealach. Ar an dá luath is a dtéann sé chun míneadais aríst, dheamhan duine go hiomaí is fheiliúnaí ná é. Bhainfeadh naíonán ceart dó. Dheamhan neart aige air. Sin é an chaoi a bhfuil sé. An té atá saor arsa tusa, caitheadh sé cloch
Sháigh sé sin fear cheana agus dheamhan ceo a chuaigh air ach bliain. Rinne siad amach gurb as daol a d'éirigh sé dhó. Tá sin breá go leor, ach ba suarach an sásamh é don té a raibh a phutógaí ag imeacht ina ghlaic aige. Ní raibh sé in ann a gcur ar ais aríst as daol
+
daor 1
Ba daor an dá fhocal cainte air iad. Múinfidh sin é greim a choinneáil ar a theanga aríst. Is cóir adeir siad, gur ar adharca a bheirtear ar na ba agus ar theanga ar na daoine
TUILLEADH (3) ▼
Casadh S. Th. istigh liom ag an mbearbóir, agus b'éigean dom deoch a thabhairt dó. Cé a thiocfadh isteach ina (ár) mullach ach M. Th. agus S. F. Ní raibh a dhul anonn ná anall agam, ach seasamh don bheirt sin freisin. Bhris mé mo ghloine agus b'éigean dom íoc uirthi. Idir chaon tsórt, ba daor an bearradh orm é sa deireadh
Ba daor a chuaigh an bualadh air, ach diabhal a ngabhfainn i mbannaí nach ndéanfadh sé aríst é dá dteagadh sé ar a dheis. 'Sé a bheadh deas air déarfainn
Má chuaigh sí daor féin ort, ba chúig shásúil í. Is dóigh go raibh tú i ndiaidh do shásaimh a bhaint den fhear sháiteach seo thuas
+
daor 2
Daorfaidh sibh mé nó is cinniúint oraibh é. Is maith an scéal dom nach tú an breitheamh a Ph. Ba tusa féin breitheamh na héagóra, dhá mba tú
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac leis an dlí sin! Nach raibh an díthreabhach bocht sin daortha shula tugadh isteach sa gcúirt ariamh é. Dheamhan blas fios acu sin ar dhlí ach an oiread is atá agamsa nach raibh i gcúirt ná i gcaibidil ariamh. Ba ghnaíúla go mór dhóibh breith ar an bhfear sin agus a chrochadh as láimh, ná cúirt mhuga magadh mar sin a chur air
 
daor 3
Chuala mé go mb'éigean ceangal na naoi ndaora go daor agus go dochrach a chur ar an bhfear dubh seo thuas san oíche Dé Domhnaigh. Bhí braon sa stuaicín aige an áit a raibh sé thiar ag na cleamhnaithe, agus ar a theacht aniar dó, ba mhian leis a dhul suas agus píosaí pínne a dhéanamh de lucht an aird. B'éigean glaoch ar cheathar lena cheansú … Dar mo choinsias, ar a mhagadh sin féin, b'éigean a cheangal. Bhí sé ag stróiceadh ag iarraidh a dhul suas. Ar ndóigh mo léan dá dtéadh, gheobhadh sé fruisín thuas. Siúd iad na diabhail chéanna nach mórán éisteachta a bheadh acu leis
+
Bhuail sé mé ar an daoradh teacht abhaile, ach bhí mé sa mbaile mar sin féin. Ba mhian leo a shárú siar in mo bhéal go raibh mé dóite, ach dheamhan dó ná dó. Bhí mé istigh ar an daoradh shular theangmhaigh sí liom
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé cuibhrithe ar an daoradh clis i gcaitheamh an lae, agus é ag cinniúint air corraí di. Chuile uair dhá ligeadh sé leis fhéin, bhíodh sé dóite ar áit na mbonn. Ba in é an deasú air. Níl aon ár go deo ach a ndearnadh de mhagadh faoi. Ní mór do dhuine acmhainn a bheith aige le deis féin
+
Tá teach dathúil anois aige, ach dar príosta, ba dathúil an chrúib airgid a chaill sé leis freisin
TUILLEADH (1) ▼
Sin bó dhathúil bail ó Dhia uirthi, agus tá an-úth bhainne aici i gcosúlacht
+
de
Níl d'fhoscadh aige ach lorg na bó ar an gcnagaire
TUILLEADH (1) ▼
Ba bhreá an sásamh liom a bheith dhá lascadh de chiceannaí