Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

barúil (11)

 
Rinne sé dóigh dhá bharúil (fc. dóigh)
 
Dheamhan ceo a bhí ariamh air go dtí an lá sin. Nuair a bhí an dinnéar ite againn, bhí sé ina shuí síos agus ag seanchas chomh spleodrach agus a bhí sé aon oíche ná aon lá ariamh. Théis an dinnéar bhuail sé siar ar an leaba. Ní raibh istigh ach B. D'fhiafraigh sí dhó (dhe) a raibh aon cheo air, agus dúirt sé nach raibh. Nuair a bhreathnaigh sí siar aríst air, bhí sé ag díogarnach. Bhlaoigh sí orm féin anoir as an ngarraí. Ní bhlaofadh murach chomh scanraithe agus atá sí. Bhreathnaigh mé féin air. Bhí sé ar an díogarnach céanna i gcónaí. Nuair a shamhlaigh mé féin an dochtúr agus an sagart leis, dúirt sé nach raibh cruóg sagairt ná dochtúra air, go mbeadh sé soir sa ngarraí agam tráthnóna. Mhuire is trua, ní raibh mé leathuair thoir sa ngarraí aríst nuair a rith sí aniar agus é ina huaire móire uirthi. Siar liom fhéin chomh tréan in Éirinn agus a d'fhéad mé. A dheartháir mo chroí thú, bhí srannán ann. Lasc mé féin liom i gcoinne an tsagairt agus níl ceo ar bith ach gur rug sé beo air … Bíodh a fhios agat gurb olc an rud do dhuine dóigh a dhéanamh dhá bharúil. Ach ní cás é, míle buíochas le Dia, ó rug an sagart air. Sin é an rud ar fad
+
dóigh 1
Rinne sé dóigh dhá bharúil ─ ní raibh aige ach tuairim faoin scéal. Ní raibh sé cinnte, ach rinne sé fírinne den tuairim, agus rinne sé beart mar dhóigh de go raibh an scéal murab áil leis féin é a bheith
TUILLEADH (6) ▼
Dúirt na buachaillí báire leis ag saighdeadh faoi, go raibh an bhean mór leis. Diabhal easna dhó nach ndearna dóigh dhá bharúil, agus nach mbuaileann soir dhá hiarraidh. Ar ndóigh mo léan ní bhfuair sé ach bonnaíochaí
Is olc an rud dóigh a dhéanamh de do bharúil. Nach maith atá a fhios agat gurb é a ghoid í. An bhfaca tú é? … Cén chaint sin ort mar sin. Nach feasach duit, dhá gcloiseadh sé an chaint sin in do dhiaidh, go mb'fhéidir gur dlí a d'fháiscfeadh sé ort. Ar adharca a bheirtear ar na ba, agus ar theanga ar na daoine
Bhí mé in éindí le fear aréir! Nach maith éasca leat dóigh a dhéanamh de do bharúil. Shíl tú má chonaic tú ag dul amach ar cuairt mé, nach bhféadfainn a bheith in áit ar bith ach in éindí le fear! Ba bheag an baol orm muis
Ní maith an rud do dhuine dóigh a dhéanamh dhá bharúil, nó go mbeidh sé fíorshiúráilte faoi rud. Chonaic mé S. Ph. Mh. ag teacht aniar na Ch. ansin thíos oíche ag an dó a chlog. Goideadh caora an oíche chéanna ó Sh. Mh. N. Rinne mé féin dóigh de mo bharúil nuair a chuala mé faoin gcaora agus gan de chomharthaíocht agam air ach an méid sin. Bhí mearbhall mór orm. Thiar tigh S. Sh. a bhí S. P. Mh. agus ciontaíodh L. Th. faoin gcaora ina dhiaidh sin
Is gránna an chaoi dhuit a bheith ag déanamh dóigh de do bharúil mar sin. Cá bhfios duitse an raibh aon láimh aige sa bhfear ariamh. Ní fhaca tusa é. Agus an dream a bhí in ainm is é a fheiceáil, ní raibh a gcuid cainte i gclár ná i bhfoirm nuair a ceisníodh iad. Níl a fhios againne cé a mharaigh é. Diúltaí muide dhó!
Cuirfidh tú isteach an féar amárach. Nach maith atá a fhios agat go mbeidh an lá in araíocht féar a chur isteach. Dheamhan fios muis, ach ag déanamh dóigh de do bharúil. B'fhéidir gur ag cur sceana gréasaí a bheadh sé. Is críonna an té adéarfadh, nó go dteaga an lá i dtosach. "Ná creid feannóg ná fiach" adeir siad
 
Ní fhéadfadh barúil ar bith a bheith ag duine ach drochbharúil den tsaol atá ann anois
 
Rachaidh mise faoi dhuit a dhuine chroí, má fhaighimse aon tuairisc ar do bheithíoch go ngabhfaidh scéala agat ar ala na huaire. Ach níl mórán barúil agam duit a dhul dhá thóraíocht sa ruta seo chor ar bith. Siar a thug sé a aghaidh adéarfainn