Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bealaí (24)

+
Meas tú an bhfuil aon choca feamainne le díol sna bealaí sin siar? — sna bólaí; sna ceantair; sna lorgáin.
TUILLEADH (16) ▼
Fear aniar as na bealaí sin siar a d'inis dhom é ar an aonach.
Shiúil sé na bealaí sin ar fad.
Níor cheart do na bealaí sin suas a bheith folamh gan deoir eicínt a bheith iontub.
Mura bhfaighe sé aon bhean sna bealaí sin anois, tá sé réidh léithe.
"Shiúil mise gleannta agus sléibhte; agus cnoic a bí géar as a mbarr; agus a lán bealaí eile nach ndéarfainn; agus dheamhan unsa ar bith céille in mo cheann" (as Neilí)
Tá bealaí beaga dhá gcuid fhéin acub sin nach bhfuil ag dream ar bith eile — tá gnáis nó nósa acu nach bhfuil ag daoine eile.
Bhí bealaí dhá gcuid fhéin ag muintir an bhaile sin ariamh.
Tá bealaí beaga léithe nach dtaitneodh leat mura mbeadh eolas agat uirthi.
Mura mbeadh eolas ar a chuid bealaí agat, shílfeá gur leibide ceart é, ach ní hea.
Bealaí iad sin atá leis (atá aige) — gnása aisteacha, nó cáilíocht nach mbíonn ach i ndaoine i bhfad ó chéile.
Is beag dhá chuid bealaí an méid sin — sin cuid dhá chuid bealaí nó dhá cháilíocht (le gleacaíocht nó imeartas adeirtear é go hiondúil)
Is beag dhá chuid bealaí an méid sin a rá leatsa; ach cuirfidh mé geall nach ndéanfaidh sé ina dhiaidh sin an rud adúirt sé.
Is beag dhá chuid bealaí an méid sin a dhéanamh agus é bhualadh thall ar dhuine eicínt eile.
Tá go leor bealaí aige — tá go leor imeartais, nó gleacaíochta, nó aigeantachta ag siúl leis, nó tá nósa groí aige.
Ná bac le bealaí! Is aige atá a dtabhairt amach.
Ní fhaca mise a chuid bealaí le aon duine sa teach ariamh cheana.
 
Tá béasaí agus bealaí Sheáin Bhuí chomh bealaithe isteach i muintir Chúige Uladh sin agus nach dtabharfadh an saol Ádhaimhe ar slí na Críostaíochta iad.
 
beann
"Shiúil mise cnoic agus sléibhte agus beanna a bhí géar as a mbarr; Agus a lán bealaí eile nach bhféadaim, agus tá mo chroíse lag brúite ina lár" (sliocht as Neilí a Chailín Deas)
 
Tá sé crua ag duine bealaí an fhir sin a dhéanamh amach chor ar bith — is deacair do dhuine a chuid béasa a thuiscint.
 
Mura n-athraí tú bealaí (béasa), ní ghlacfar in aon áit thú.
 
Is iontach na bealaí atá leat. Deamhan bealaí níos iontaí a chonaic mise le aon duine ariamh — tá béasa ar leith (go hiondúil drochbhéasaí) ag siúl leat. Níl t-iompar fearacht iompair daoine eile
 
Rud ar bith nach dtaitneoidh leis, feicfidh tú é ag cur fuarchruit air. Tá go leor bealaí beaga den tsórt sin leis. Sin í an onóir chreidim!
 
Deile céard í ach bean Achréidh déanta. Óna máthair a thug sí na bealaí sin. As an Achréidh muintir na máthar fréna chéile. Ach shílfeá go bhfuil siad chomh fada san áit seo anois agus go mbeidís taithithe ann