beos, beocht
—ainmfhocal
—
a bheith beo; a bheith bíogúil, broidiúil nó beo éasca; a bheith gusúil; a bheith storrúil, aigeanta.
+–
Níl beos ar bith ann (beocht) — níl sé gusúil; súm sám é; ní chuireann sé cor ar bith dhe; tá sé ina bhás; is righneadóir é; tá sé caillte, nó ionann is é.
Dheamhan beos ar bith sa gcodaí sin tharas aon duine dhá bhfaca tú ariamh.
TUILLEADH (15) ▼
Bíodh beos eicínt ionat uair eicínt agus ná bí ag imeacht in do bhás i gcónaí mar sin.
Fuair tú amach an té a mbeadh beos ann muis
Dheamhan beos ar bith sa gcréatúr údaí le bheith in ann imeacht, ná cuid de bheos.
Tháinig beos maith ann deirimse leat, ar an dá luath agus ar chuala sé caint ar an damhsa.
Ní thagann beos ar bith ann aon uair go réitítear an béilí. Tagann an-bheos ansin ann.
Ól an braon tae seo agus cuirfidh sé beos ionat. Tá ceart agat a bheith seactha leis an bhfuacht.
Dheamhan beos ar bith ionam ó bhuail anruaig seo mé.
Níl beos ar bith sna daoine anois ag an sioc.
Teann anuas leis an tine agus cuirfidh sí beos ionat théis na háite amuigh.
Murach an fuisce, ní chuirfeadh muid beos ar bith ann.
Is mór a chuaigh an slaghdán thríd. Dheamhan beos ar bith a d'fhága sé ann.
Beos beag a bhí ann san am a raibh siad siúd réidh leis. Ba dallba an tuairteáil a thug siad dó — ní raibh ann ach go raibh sé beo nuair a bhí siad réidh leis
Bíodh beos ionat — corraigh amach; cuir crú ina thosach; bí beo nó éasca leis an obair (leis an siúl srl.)
Is mairg dhuit nach mbeadh beos eicínt ionat thairis sin — thú a bheith broidiúil nó gusúil
Deirimse leat go gcuirfidh an áit siúd beos ionat thar mar atá tú!
Féach freisin
→
beocht