bhíogaíl, mhíogaíl
—
an mhionghrágaíl a bhíos ar leipreacháin, ar scalltáin, ar shicíní, nó ar éanachaí óga, go háirid sula dtagann siad amach as na huibheachaí.
+–
Tá scoilb ar na huibheachaí agus na sicíní le cloisteáil ag bhíogaíl istigh iontub.
An gcloiseann tú an bhíogaíl atá orthub. Is gearr go dteaga siad amach.
TUILLEADH (4) ▼
Tá scoilb ar na huibheachaí le dhá lá, ach níl aon bhíogaíl acub fós
Chuala mé an ghoisín roilleach ag bhíogaíl istigh i bpoll an chlaí. Tá mé ag ceapadh gur easóg a d'ardaigh léithe í.
Má tá siad ag bhíogaíl is neamhaí é (éanachaí in uibheachaí)
Céard a bhéarfadh dhóibh a bheith ag bhíogaíl fós nach bhfuil seachtain eile orthub?
+–
Tá sé ag bhíogaíl ansin ar an teallach ó mhaidin agus gan fhios againne céard atá air — duine a bheadh ag éagaoineadh go neamhaí
Cén sórt bhíogaíl atá ortsa. Má tá pian ort, ardaigh leat a chodladh.
TUILLEADH (2) ▼
Ná bí ag bhíogaíl leis an bhfeadóig sin nó dúiseoidh tú an páiste — an ceol a bhaineas patairí as feadógaí
Lig de do chuid bhíogaíola anois nó tabharfaidh mise luach do chuid bhíogaíola dhuit.
Féach freisin
→
mhíogaíl