Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bogfhuarlach (5)

+
Tá bogfhuarlach sa gclaise seo thiar — sruth maith nó gailigeadh sruth, nó tuile a bheadh cab ar chab le na bruacha ach ní móide go mbeadh sí (an chlaise, an abhainn srl.) ag cur thar béal, nó dhá mbeadh, gur beag é
TUILLEADH (4) ▼
Rinne sé scaird mhaith bháistí le cupla lá. Tá bogfhuarlach sa Sruthán Mór
Ní fhéadfaidh tú móin a chur aniar ansiúd gan tóchar a dhéanamh ar an bhfeadán. Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil bogfhuarlach ann anois agus na tuiltí a chaith sé le seachtain
Tá bogfhuarlach deas san abhainn inniu. Theastaigh sin uaithi. Dhá seasadh an triomach seachtain eile, diabhal an striog a bheadh inti. Meas tú nach ndeachaigh mé trasna tirim ag bun na habhann arú aréir!
Diabhal mé go ndearna sé bogfhuarlach as an múirín gréine sin. Ach deir siad gurb é an múirín gréine an múirín is déine ar bith