Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
boige shíne
seo é an focal a bhíos i leaba boigréis in iarthar Chonamara (Camas, Ros Muc srl., fc. boigréis, boigréiseach)
níl aon aidiacht ag gabháil le boige shíne.
+
Is beag an bhoige shíne í.
Níl a leathoiread den bhoige shíne ag siúl léithe.
TUILLEADH (10) ▼
Ní bhfaigheadh sí ina claonta an oiread sin boige shíne a bheith inti agus go gcaithfeadh sí scilling ag an ngasúr —'Sé a nádúr a bheith crua coinneálach agus ceanúil ar an airgead
Cé uaidh a dtug sí an bhoige shíne chor ar bith? Ba chruaichte é a hathair ná na clocha.
Is mór an t-ionadh go ligfeadh an croí dhó an oiread sin fhéin a chaitheamh le boige shíne.
Uair sna naoi n-aird a bhfaighfear aon cheo uaidh le boige shíne.
Cén bhoige shíne a bhain dó le gur sheas sé deoch dhuit?
Ní le boige shíne a thug sé an méid sin uaidh ach le faitíos a mbainfí leis fhéin. Is maith an rud grá nó faitíos.
Deasóidh sí siúd leat má airíonn sí aon cheo boige shíne ionat — glacfaidh sí a bhfaighe sí uait go bog
Is mairg dhuit nár shín isteach leis ó d'airigh tú an-bhoige shíne ann — ba chóir dhuit deasú isteach leis, agus a bhfaightheá a ghlacadh uaidh, ó bhí an fiúntas ann faoina chuid.
Tá athrú eicínt le theacht ar an saol muis, má tá i ndán is go raibh an oiread bog shíne i J. M. agus gur sheas sé leathghalún!
Má bhí an oiread sin boige shíne ann inniu, i nDomhnach b'annamh leis. Ní fhaca Dia ná duine ag seasamh deoch ná blogam ariamh cheana é, ach dhó fhéin.

boige shíne in iontrálacha eile (4)

 
A chuid boige shíne fhéin a d'fhága an bhail sin air
 
'Sé D. a bhí ina dhoirseoir, agus ní eiteodh sé neach an aoin faoi dheoch. Dhá mbeadh fear an tí fhéin ann, ní bheadh an oiread sin boige shíne ann, ná baol air
 
drámh
Tá siad féin íoctha go maith leis anois. Diabhal thiomanta fear ar an bhfeadhain acu nach bhfuil ag fáil a bheagán nó a mhórán pinsean. Ach orainne atá an drámh. D'ith siad agus d'ól siad a raibh againn, agus bhí a (ár) ndóthain boige shíne ionainne lena chaitheamh acu, mar dhóigh de go raibh muid ag déanamh leas don tír. Mo chreach an tír!
 
Cén tseafóid a bhí ort? Thug tú airgead dúbailte air. Dhá dtéiteá tí J. gheofá iad sin ann ar ocht scilleacha an ceann. D'airigh siad an bhoige shíne ionat