borradh
—
a.
cloch bheag a cuirtear isteach faoi chloich mhóir le teannadh leis an spéice, agus le cúnamh thabhairt an chloch mhór a ardú nó a baint as a lúdrachaí.
+–
Chuir mé spalla beag de bhorradh fúithi, ach bhain an spalla aríst — chuir mé clochín bheag isteach faoin gcloich mhóir lena hardú, ach d'éirigh an spalla amach aríst.
Tabhair dhom borradh a chuirfeas mé fúithi seo.
TUILLEADH (11) ▼
Cuir borradh eile fúithi.
Daingnigh isteach an borradh fúithi.
Nuair a luighfeas mise ar an spéice, féacha an bhféadfá an borradh sin a theannadh isteach faoina binn.
Cuir cloch bheag de bhorradh isteach faoi bharr an spéice.
Dhá gcaithinn an lá ag cur borraíochaí fúithi, chinnfeadh orm í a ardú ina dhiaidh sin
Murach go dtug an bhorradh uaithi, bheadh sí againn an babhta sin.
Dia aithnítear! Fainic do láimh nuair a bheas tú ag sá isteach an bhorrtha.
Bheadh sí as a lúdrachaí agam murach gur chlis an borradh.
Cuir borradh faoin ngró nó faoin spéice
Bhí cosa i dteannta air ag iarraidh na leice a bhaint, ach chuile uair a d'ardaíodh sé í, thiteadh sí aríst mar ní raibh sé ag féadachtáil aon bhorradh a chur fúithi.
Ní mór borradh maith faoi na máithreachaí sin lena mbaint (fc. máithreachaí)
·
Ní mór borradh a chur faoi lena ardú — fear a bhí tite ar meisce
Má thiteann an cuaille siúd ar lár, ní foláir dhuit cúnamh agus borradh lena tógáil.
b.
·
'Chuir mé borradh cheana faoin gCloich Mhóir, agus anois tá an darna borradh agam fúithi, agus ní baol di titim,' adeir Frainc Confhaola (file a bhí i gCnoc an Locha é Frainc Confhaola. 'Sé a rinne Nóra Bhán, ceann de na hamhráin is mó a bhfuil gnaoi na ndaoine air faoi na bólaí sin. Bhí sé an-deachainteach. Deirtear gur chaith sé an chaint réamhráite thar éis beirt dhá chlainn iníon a phósadh ar an gCloich Mhóir — baile atá in aice na Tulaí i gCois Fharraige. 'Siad an chlann iníon na borraíochaí atá i gceist sa gcaint seo. Leagtar air gurb é a rinne an rann seo freisin faoi Dhoire Thoirc uair dár caitheadh míchórtas leis ann, ach ní móide gurb é: "A Dhoire Thoirc, is fada siar thú; Is fada ó ghealaigh, agus is fada ó ghrian tú. Is fada ó oineach na mban fial thú; agus is rímhór m'fhaitíos gur fada ó Dhia thú.")
Má chinneann orthub, cuirfidh sé siúd borradh fúthub aríst — má bhíonn siad ag dul ar gcúl, beidh sé ina chúl toraic, nó ina chrann seasta dóibh.
Féach freisin
→
cora
borradh in iontrálacha eile (50+)
→
fliuch 2
Dheamhan méirín fhliuch a leag an máistir faoi dhó ariamh air agus chuaigh sí soir ag sciolladóireacht air ina dhiaidh sin. Sin í an mháthair agat: ag borradh le cantalóir de ghasúr. Is gránna é a ceird
→
fáir
Séard atá a dhéanamh leis sin, gan fáir ná freagra a thabhairt air ach cead a bheith aige ropadh leis. Nuair a bheas sé tuirseach, éireoidh sé as uaidh fhéin. Má fhreagraíonn tú é, ní bheidh tú ach ag borradh leis
→
caidéis
Is furasta dhó a bheith imithe as a chranna cumhachta le ábhailleacht agus scabhaitéireacht. Dhá dtagadh sé isteach théis duine a mharú, dheamhan caidéis a chuirfeadh an t-athair ná an mháthair air. 'Sé an chaoi a bhfuil siad ag borradh leis.
→
cora
Tá goiní adhairce ina gcoraíochaí ar chaon leiceann leis, agus sé an chaoi a bhfuil an bearradh ag borradh leob (fc. borradh agus goin adhairce)
Bhí an toirneach chéatach ann, agus bhainfeá deilgne amach le chaon scail. Agus má ba ea fhéin, dheamhan a dhath stánadh a rinne mo dhuine. Shílfeá gurb é an chaoi a raibh an toirneach ag borradh leis.
+
→
borr
Is áibhéil an borradh atá faoi mo dhuine — is iontach an fás atá sé a dhéanamh.
TUILLEADH (43) ▼
Is cumasach an borradh atá fúithi le cupla bliain, bail ó Dhia agus ó Mhuire uirthi.
Níl aon rud amuigh is mó a mbíonn borradh fúithi ná an raithneach.
Cuirfidh an múirín báistí seo borradh faoi chuile shórt.
Tá borradh breá faoin arbhar ar an aimsir seo.
Beidh borradh ag teacht faoi lá ar bith feasta anois.
Bhí dhá oiread borradh faoin gcuid eile agus atá faoin aircín sin, agus shílfeá nach leathchuma ar bith a rinneadh air, ach an oiread le ceachtar acu.
B'fhurasta a aithinte nach raibh sé folláin agus an borradh a bhí faoi ag teacht suas dó.
Mura gcaitear go maith leis sin anois, tiocfaidh an borradh atá faoi roimhe — ní mór togha beathú a thabhairt dó nó tiocfaidh an fás mór atá sé a dhéanamh ina aghaidh
Níl borradh ar bith faoi.
Shoraidh dhíot, mura bhfuil sé in am agat borradh thairis sin a bheith fút.
Borradh dona a dhéanfas sé mura bhfaighe sé malrait córach.
Is deacair dhó borradh a theacht faoi, agus an tsiléig a ligeadh ann
Tá borradh an éin gé faoi — tá sé ag méadú mar a bheadh éinín gé nó goisín ann.
'Mo S. mór breá agus borradh an éin gé faoi'.
Bhí borradh an éin gé faoi chuile dhuine ariamh acub sin — ní raibh duine ar an bhfeadhain den mhianach sin nach raibh borradh an éin gé faoi.
Tá borradh an éinín gé faoi agus ní ón ngaoith a thug sé é.
Tá borradh na raithní faoi.
Is olc an rud borradh an éin gé mar sin a bheith faoi pháiste roimh a aois.
Thosaigh an cat ag borradh ar an teallach go raibh sé ag cur taobháin an tí amach dhe. 'Más mar sin é,' adeir sé, ag dul amach an doras dó, 'ormsa a thitfeas an oidhríocht anois' (sliocht as mionscéilín faoi chat)
Bhí mo dhuine ag borradh chugam ar an teallach — ag cur stiúir achrainn ar fhéin.
Leis an gcaoi a raibh sé ag borradh chugam, bhí a fhios agam go mba ghearr go n-ionsaíodh sé mé.
Bhí sé ag borradh agus ag at mar a bheadh cat i mála (leathfhocal) — duine a mbeadh an-teacht suas faoi, nó duine a bheadh ag cur stiúir achrainn air fhéin.
Bhí sé istigh sa gcúinne agus é ag borradh agus ag at mar a bheadh cat i mála.
Bhí sé ag borradh agus ag at mar a bheadh cat i mála le neart fonn achrainn.
Tá sé ag borradh agus ag at anois lena bhfuil ite aige.
Ag borradh agus ag at agus ag ramhrú atá tú chuile lá, bail ó Dhia ort.
Tá sé ag borradh leis — duine a mbeadh rud nó bacainn ina aghaidh agus a bheadh ag cruachan in aghaidh na hanachain i leaba claonadh, déarfaí sin leis
Dheamhan blas a rinne eascainí an tsagairt air. Séard atá sé, ag borradh leis.
Baol air siúd loiceadh, 'sé an chaoi a bhfuil sé ag borradh leis.
Ainneoin ar buaileadh air, ní dhearna sé ach borradh leis.
Is deacair a chomhairleachan a thabhairt dó. Dhá mbuailtheá dual na droinne air, ní bheadh sé ach ag borradh leis.
Ní chuirfidh an méid sin aon chúl air. Is mó a dhéanfas sé borradh leis.
Is fhearr duit gan ceist ar bith a chur air mar ní bheidh tú ach ag borradh leis — saighdfidh tú tuilleadh é má tá i ndán is go gcuirfidh tú aithne ná aighneas ar bith air.
Is fhearr an réiteach a ghlacadh le Tom. Ní bheidh tú ach ag borradh leis má théann tú chun drochmhúineadh leis.
Má tá an dlí ag cinniúint fhéin air, dheamhan a bhfuil sé ach ag borradh leis agus dhá shaighdeadh.
Tá sé ag borradh leis — duine ag saighdeadh duine eile; duine ag moladh le duine eile.
Dhá mhéad ábhailleachta dhá ndéanfaidh sé, séard a bheas an mháthair ag borradh leis — ag cur ar a shon agus dhá shaighdeadh tuilleadh.
I leaba bheith dhá chlaonadh, séard atá sé ag borradh leis — i leaba bheith ag cur chomhairle nó aithne air, is amhlaidh atá sé dhá shaighdeadh tuilleadh.
Is deacair dhó ligean faoi agus a bhfuil ag borradh leis.
Sin é úll na haithne, ach is measa an dream atá ag borradh leis ná é fhéin.
Dhá mbeadh splanc ar bith céille agat, ní ag borradh leis an abhlóir sin a bheifeá — ní hea sin.
Ní beag don chantalóir sin a dhonacht is atá sé cheana agus gan tusa a bheith ag borradh leis agus dhá splancadh tuilleadh.
Ní dhéanfadh sé tada as bealach murach na buachaillí báire atá d'aon cheird ag borradh leis.