→
                  
                    
                      breá 
                    
                  
                
              
            breáichte (12)
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                  
                    
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
              
                
              
                Ní farasbarr breáichte a chuireas barr ar an bpota — ní chuireann breáichte súilíní ar phota na hanraith; ní breáichte a níos brachán ach min; níl aon mhaith i mbean bhreá mura bhfuil spré aici
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    Pós bean bhreá agus bíodh sibh an chuid eile dhár saol ag scríobadh leis an nganntan.  Ní farasbarr breáichte a chuireas barr ar an bpota, adeir siad
                    Cén mhaith breáichte mura bhfuil rud eicínt ina haice?  Dheamhan a dhath!  Ní farasbarr breáichte a chuireas barr ar an bpota.  Bíodh sí go breá nó ná bíodh, ach má tá sí ina gnaitheach maith agus an téagar a bheith sa sparán aici, déanfaidh sí cúis
                    Is furasta buinneán breá mná a fháil, ach cén mhaith sin.  Ní breáichte a ghníonns brachán ach min, adeir siad.
                    Ní ghabhfaidh an aimsir chun breáichte go ceann tamaill eile.  Dheamhan é, nó go dtéaltaí an toirneach seo as an aer
                    
                    →
                    diaidh 
                  
                  
                    Shílfeá muise, go raibh imní air go mbeadh na buachaillí báire a bhí thiar ag doras an tseomra ag cláradh na mná, mar thugadh sé corrbhreathnú cráite siar i ndiaidh a ghualann.  Sin é an sórt duine é.  Dar leis, tá chuile dhuine sa bhfaire ar an mbean.  Ní lena breáichte é muis, ach an oiread liom féin
                    Ní thabharfainn trumpa gan teanga ar dhóighiúlacht an domhain fré chéile d'uireasa rud eicínt ina theannta.  Ní breáichte a ghníos brachán ach min adeir siad.  Is beag an mhaith an dóighiúlacht mura mbeidh rud agat
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                  
                    
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
            Chuaigh an lá chun breáichte ó am dinnéir
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    Is fada a bheadh an aimsir seo ag tarraingt shula ghabhfadh sé chun breáichte
                    Is mór a chuaigh sí chun breáichte le gairid