Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

buailte (50+)

 
fios
Ná téirigh suas ag an damhsa sin anocht. Níl a fhios go té sin. Dhá mbeadh bleitheach ólta ag an ngrísc sin as L., ba bheag an tsuim a bheadh acu gléasadh buailte a thabhairt duit
 
Rinne an t-urchar sin an-fhothramán. Shíl mé gur mé fhéin a bhí buailte!
 
'Sé an meaisín buailte a d'fhága ar leathláimh é
 
féar
Sin é an fear nach ligfidh don fhéar fás faoina chosa ag dul ina ghnaithe dhó. Mo léan géar! Ní bleid a bheas buailte aige ar chuile fhear ar an mbóthar
 
cora
Tá sí sin bladrach, spleách, agus cara chainte buailte aici ar chuile dhuine.
 
Is mór an cóineas iad na meaisíní buailte seo (treshing machines), seachas an seanacra agus an capall. Nach iomaí cor a chuir an saol de ó nuair a bhíodh muid dhá bhualadh le súiste. Chreidim dheamhan súiste sa tír anois. Ar chlocha agus ar chléibh a buailtear taobh siar de Ghaillimh fós é.
 
Ar an gcóipís sin anois a chaith sé an oíche aréir. Is mór dhá fhonn a bhí orm scriostaí buailte a thabhairt dó as a dheireadh.
+
Ní fheicfeá ar bóthar ná ar bealach anois é, muran buailte suas atá sé.
TUILLEADH (5) ▼
Níor fhága an slaghdán bradach sin siúl an bhealaigh agam. Seachtain a bhí mé buailte síos leis, agus ba mheasa dhom é ná dhá gcaithinn bliain in mo leaba.
Dheamhan mórán le siúl an bhealaigh a d'fhan ionam ó bhí mé buailte síos anseo i mbliana (fc. ithe a chodach, iarraidh a chodach, srl.)
Ní fhágann sé béal an bhealaigh chor ar bith, agus tá bleid buailte aige ar an bhfear siar agus ar an bhfear aniar.
Murach gur buailte suas atá sé, d'fheicfinn i mbealach nó i ndearmad le fada é, ach ní fhacas.
Tá sé na cianta ó chonaic mé i mbealach ná i ndearmad í go dtí inné i nGaillimh. 'Sí atá tuartha snoite as a ceannaghaidh, agus má tá fhéin, cé hionadh dhi sin agus an fhad is a bhí sí buailte síos.
 
Tuilleadh triomaigh muise a thiocfas as an gcraobhmhúr sin, agus más ea, beidh cur ó mhaith. Dar príosta, tá fataí buailte cheana fhéin.
 
binse
Ní chorraíonn sí chor ar bith den bhinse sa gclúid. Sílim go bhfuil sí buailte suas sa siúl.
 
biorach 1
Is beag an dochar do ghasúir, speireachaí agus bonnbhualadh fhéin a bheith orthub agus a bhfuil de chlocha bioracha ar na bóithrí. Tá cladach acub ansin thíos agus dheamhan duine dhá dteangmhóidh ceann acub le na chosa nach mbeidh buailte suas aríst ar feadh na bliana.
 
Sin í a cheird chuile lá sa mbliain — ag imeacht ina bhoideoide ar bhóithrí agus bleid buailte aige ar an bhfear soir agus ar an bhfear siar.
+
aer
Tá a cheann buailte ar an aer aige; tá a cheann ag bualadh an aeir; ag scríobadh leis an aer; ag dul thríd an aer.
TUILLEADH (2) ▼
Is cumasach an stoithneachán fir é: tá a chloigeann buailte ar an aer.
Chonaic sé an sonda ag dul thairis; idir an t-aer is an talamh — a cheann ionann is buailte ar an aer aige agus a cosa i ndáil le ag scríobadh na talúna.
 
aibí
Níor thúisce cara chainte buailte agam air, ná a bhí sé abaidh chugam — ní baileach a bhí bleid buailte agam air ná chuir sé stiúir chainte air fhéin agus a bhíog sé chugam
 
Tá an putach sin thíos ag L. Mh. buailte suas as na cosa ar fad. Feicim é ag imeacht agus buadán ar leathchois aige, agus an ceann eile craptha.
+
Tá do dhíol buailte air (do sháith srl.)
TUILLEADH (27) ▼
Ba mheasa na gíománaigh agus an choismhuintir a bhí ag na tiarnaí móra sin ná iad fhéin. Bhí cois buailte acub ar an tionónta uair ar bith a d'fhéad siad é
Tá cois buailte ag an sagart céanna ar chuile dhuine a chuirfeas tada ina aghaidh agus is mór an t-ár é le aghaidh a bhéil a tharraingt ort.
Tá cois buailte aige ar a bhfuil sa teach agus muid reicthe sceanta aige chuile ré solais.
Tá soitheach mór buailte ar Charraig an Mhatail de bharr gála na hoíche aréir.
Bhí muid ag seoladh le cloich agus é ag cinnt orainn í a thabhairt chun farraige, agus dheamhan a raibh a fhios cén pointe a mbeadh muid buailte.
Bhí dhá chóta mór buailte thuas air le faitíos nach mbeadh a dhíol i gceann.
Ní raibh an oiread gearraíochaí buailte ar an tír ariamh cheana ó bhí cíos tinteáin agus deachú ann agus atá ann anois.
Ní túisce a bhí mé istigh sa teach ná a bhí cara chainte buailte aige orm.
Bhí sé buailte orm — bhí sé an-ghar dom nó le m'ais
Tá sé ina chónaí buailte orm. Is comharsanaí béal-dorais muid.
Nach bhfuil teach an phobail buailte air ansiúd?
Ainneoin go bhfuil an portach buailte ar an teach aige, ba gann gortach í a thine.
Níl sclábhaíocht ar bith sa mbaile siúd. Tá an mhóin agus an fheamainn buailte orthub.
Bhéarfainn lomlán an leabhair gurb é a bhí ann, arae bhí mé buailte air. Chaithfeadh sé gur bhain mearbhall eicínt dom mar sin fhéin.
Tá an teach ósta buailte air anois: coiscfidh sin aistear dhó chuile thráthnóna!
Bean a bhí buailte air fhéin ansiúd a phós sé.
Ainneoin an scoil a bheith buailte orthub, is túisce a bhíos chuile ghasúr sa tír istigh ná iad.
Is furasta dóibh sin a gcuid slí a chur dhá lámha. Nach bhfuil an margadh buailte orthub.
Tá sé buailte ar an mbaile mór.
Tá an dá theach buailte ar a chéile agus tá siad in árachaigh a chéile ina dhiaidh sin.
Bhí mé ionann is buailte air agus dheamhan a bhfaca sé mé ina dhiaidh sin.
Ní thaitneodh liom a bheith buailte ar an mbaile mór mar sin. B'fhearr liom i bhfad amach faoin tuaith.
Deir tú léithe a bhí buailte orm sa gcruinniú, ach dheamhan a cos a d'aithin dhíom théise sin. Is deacair a rá nach bhfuil sí sin caoch.
Tá a theach buailte ar an gcladach. Is beag nach bhféadfadh sé an bád a fheistiú ar an teallach.
Ní fhaca tú aon teach ariamh atá chomh buailte ar an mbóthar leis. Tá an bhinn ó dheas amach ar an mbóthar ar fad. Shílfeá go mba deacair dhóibh aon néal a chodladh ag fothramán san oíche.
Níor mhór dhom a bheith buailte ort anois le thú a chloisteáil, tá mé chomh bodhar sin le scaitheamh.
Tá a chloigeann buailte ar an mbóthar, tá sé chomh cromtha sin anois.